Folúntas: Oideoir Naíonra, Na Forbacha

Jul 3, 2023

Oideoir Naíonra á lorg ag Naíonra Réalt na Mara,Na Forbacha,Co. na Gaillimhe.

Tá Naíonra Réalt na Mara lonnaithe ar shuíomh Scoil na bhForbacha ag lorg oideoir luathbhlianta le tosnú i Meán Fómhair 2023. Iarrtar ar aon duine a bhfuil spéis acu sa bpost seo a gcuid sonraí a sheoladh ar aghaidh.

Na cáilíochtaí atá ag teastáil ná:

  • Teastas FETAC leibhéal 5 ar a laghad;
  • Gaeilge mhaith chumarsáide.
  • Freagrachtaí: Chomh maith le freagrachtaí aitheanta an phoist go mbeidh deis ag an oideoir ionchur a bheith acu a bhforbairt leanúnach na seirbhíse.

Pá iomaíoch ag brath ar na cáilíochtaí agus an taithí atá ag an duine.

Seol litir agus C.V. agus cóipeanna de theastaisí maraon le 2 litir mholta chuig forbachasc2@gmail.com roimh 14ú Iúil 2023.