Folúntas: Oifigeach Tacaíochta Réigiúnda, An Foras Pátrúnachta
Post páirt-aimseartha ar théarma seasta go dtí Nollaig 2025.
Beidh an té a cheapfar ag cur i bhfeidhm tacaíochtaí An Foras Pátrúnachta (AFP) san iarthuaisceart.
Dualgais an róil:
- feidhmiú mar chuid d’fhoireann An Foras Pátrúnachta ag díriú ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge in Iarthuaisceart na tíre (le fócas ar Chontae Dhún na nGall);
- comhoibriú le baill foirne AFP chun seirbhís tacaíochta a chur ar fáil do Bhoird Bhainistíochta agus do phríomhoidí scoile maidir le bainistíocht agus le riarachán scoile;
- pleananna gnímh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le scoileanna aonair agus le baill foirne AFP
- líonra agus naisc a chruthú le seirbhísí tacaíochta eile agus le scoileanna sa cheantar.
Féadfaidh dualgais an róil athrú de réir riachtanas aitheanta nó mar a shannaítear ag bainistíocht AFP.
Beifear ag súil le go mbeidh na cáílíochtaí seo ag an té a cheapfar:
- cur amach cuimsitheach ar bhainistíocht agus ar riarachán scoile
- taithí suntasach mar phríomhoide nó mar chathaoirleach scoile
- scileanna maithe idirphearsanta, eagrúcháin, ceannaireachta,
- ceadúnas tiomána iomlán
- ardchumas Gaeilge idir scríofa agus labhartha
Téarmaí fostaíochta:
Táthar ag súil le go rachaidh an té a cheapfar i mbun oibre i samhradh 2024.
Tá solúbthacht i gceist leis na huaireanta oibre. Táthar ag súil le go mbeidh thart ar 6 lá oibre sa mhí i gceist. Obair ar láthair na scoileanna a bheidh i gceist go príomha.
Tuarastal: €12,000 sa bhliain móide costais taistil. Íocfar costais ar rátaí státséirbhíse.