Folúntas: Oifigeach Taighde i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste

Jul 13, 2022

Post: Oifigeach Taighde, Tagairt RO-22-1

Cuspóir an Phoist: Tabhairt faoi thaighde agus soláthar riaracháin do Thionscadal Forbartha an Chreata Gaeilge do Bhunscoileanna.

Tuarastal: Grád 7, pointí 29-32, £33,309 go dtí £36,382 comhlán per annum faoi láthair.

Stádas Conartha: Is post maoinithe ar théarma seasta an post seo ó 01 Meán Fómhair 2022 go dtí 31 Lúnasa 2024.

Uaireanta: 35 uair an chloig sa tseachtain; Luan go hAoine ó 9am go dtí 5pm le sos lóin uair an chloig.

Spriocdháta: 12:00i.n. Máirt 19 Iúil 2022.

Tá tuilleadh eolais d’iarrthóirí agus sainchuntas poist ar fáil anseo, agus is féidir an fhoirm iarratas a íoslódáil anseo mar cháipéis Word, nó anseo mar PDF.