Folúntas: Príomhoide – Gaelscoil Bhun Cranncha
Is scoil de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil Bhun Cranncha. Tá éiteas idirchreidmheach ag an scoil agus tá sároideachas trí Ghaeilge á fháil ag daltaí na scoile.
Is mian leis an scoil ceannaire cumasach a earcú chun tógáil ar oidhreacht cháiliúil na scoile. Beidh sárscileanna cumarsáide, ceannaireachta, bainistíochta, teanga agus teicneolaíochta ag an té a cheapfar. Beidh fís láidir acu maidir leis an chultúr gaelach, iad ag tógáil ar bhunchloch láidir.
Spriocdháta: 4i.n. ar 22 Bealtaine 2023