Folúntas: Rúnaí i mBunscoil Lán-Ghaeilge
Tá folúntas ag Gaelscoil Laighean do dhuine cumasach i gcúrsaí rúnaíochta le hoibriú i gceantar na Carraige Duibhe, Co. Bhaile Átha Cliath.
Béifir ag súil go mbeidh Gaeilge ag an té a cheapfar agus go mbeidh siad in ann léiriú go bhfuil bua eagraíochtúil acu agus gur féidir leo oibriú go héifeachtach le daoine eile.
Dualgais:
- An oifig scoile a láimhseáil de réir riachtanas, fiosrúcháin fóin, ríomhphoist a láimhseáil
- Seirbhís eolais a sholáthar don phobal de réir riachtanas
- Tacaíocht riaracháin a thabhairt, mar aon le fáiltiú roimh cuairteoirí, tuismitheoirí agus cruinnithe a shocrú
- Aon dualgais eile a leagfar síos ó am go ham.
Bheadh na tréithe seo a leanas ag sár iarrthóir:
- Scileanna idirphearsanta, agus in ann oibriú go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann araon
- Sárchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhartha agus scríofa
- Scileanna riaracháin, ríomhaireachta agus tuiscint ar chúrsaí Gaelscoile.
Seol do litir iarratais agus CV chuig iarrataisgslaighean@gmail.com roimh 5pm, 11 Feabhra.
Is féidir fiosrúcháin neamhfhoirmeálta maidir leis an bpost seo a dhéanamh le hAoife @ 085 8036710.