Folúntas: Teicneolaí Oideachais/Bainisteoir Tionscadal do Chlár an M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, Coláiste Mhuire Gan Smál

Feb 14, 2022

Fógraíodh deis fostaíochta ar an MOid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ‘Teicneolaí an Oideachais / Bainisteoir Tionscadail’ i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach. Ceapachán lán-aimseartha, sainchuspóra atá i gceist go dtí Lúnasa 2023. Bheadh taithí iontach anseo don dhuine cuí le fís, fonn agus fuinneamh agus duine a bheadh ag lorg taithí ar an tríú leibhéal. 

Tá clár iarchéime nua san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta – an M. Oid. san Oideachas LánGhaeilge agus Gaeltachta – á chur ar fáil i gColáiste Mhuire gan Smál ó Mheán Fómhair 2018. Is clár foghlama cumaisc nuálach, trasearnála ar leibhéal iarchéime atá ann, agus tá sé dírithe ar shainriachtanais múinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile, príomhoidí ina measc, atá ag obair san earnáil lán-Ghaeilge. Is mian le Coláiste Mhuire gan Smál Teicneolaí Oideachais / Bainisteoir Tionscadal a cheapadh ar bhonn lánaimseartha sainchuspóra go dtí Lúnasa 2023 chun tacú le dearadh, seachadadh, agus forbairt an chláir foghlama cumaisc áirithe seo ar leibhéal iarchéime.

Cáilíochtaí & Scileanna Bunriachtanacha
a) Cáilíocht tríú leibhéal ar leibhéal 7 nó níos airde ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí agus taithí i ról/róil a bhaineann leis an teicneolaíocht oideachais/foghlama;
b) Inniúlacht feidhmiúcháin éifeachtach sa Ghaeilge (idir scríofa agus labhartha);
c) Taithí chruthaithe ar ardáin theicniúla, uirlisí comhdhála gréasáin, feidhmchláir ilmheán, uirlisí ceapadóireachta ríomhleabhar chun tacú leis an bhfoghlaim le cuidiú teicneolaíochta;
d) Taithí fhollasach ar fhabhtcheartú agus ar réiteach fadhbanna i réimse na foghlama digití i gcomhthéacs ardoideachais;
e) Taithí ar obair i gcomhpháirtíocht leis an dámh chun tacú le húsáid na foghlama digití ar chláir chumaisc/ar líne;
f) Taithí ar an mbainistíocht tionscadal, líofacht in úsáid uirlisí bainistíochta tionscadal, an cumas roinnt tionscadail éagsúla a bhainistiú, agus an cumas gníomhú as a stuaim féin chun réiteach a fháil ar fhadhbanna praiticiúla gan mhaoirseacht;
g) Ardscileanna cumarsáide sa Ghaeilge agus sa Bhéarla; idir scríofa, labhartha agus scileanna láithreoireachta, lena n-áirítear an cumas saincheisteanna teicniúla a mhíniú go soiléir do dhaoine ar gach leibhéal eolais theicniúil agus acadúil;
h) Ardscileanna idirphearsanta mar aon leis an gcumas dul i mbun oibre mar chuid d’fhoireann, ar a stuaim féin, agus go neamhspleách de réir mar is gá;
i) Ardscileanna eagrúcháin, taithí ar an mbainistíocht tionscadal, agus acmhainn chruthaithe le bheith in ann dul i mbun oibre go comhoibríoch mar bhall d’fhoireann.

Ina theannta sin, tá sé inmhianaithe go mbeadh na nithe seo a leanas ag iarratasóirí:
j) Cáilíocht iarchéime i dTeicneolaíocht an Oideachais, san Fhoghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta, sa Ríomh-Fhoghlaim, nó sna Meáin Dhigiteacha;
k) Eolas agus taithí ar an dearadh grafach agus ar dhearadh láithreán gréasáin;
l) Eolas ar an litríocht léannta a bhaineann leis an bhFoghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta agus a bheith in ann comhrá a dhéanamh faoi thírdhreach reatha an ardoideachais in Éirinn.

Is féidir teacht ar tuilleadh eolais, sonraíocht an phoist, agus foirm iarratais anseo.