Moladh na seachtaine: fáilte ar ais ar Scoil!
Seo daoibh ár gcéad leagan de Moladh na Seachtaine, nuachtlitir sheachtainiúil a sheolfar amach chugaibh ag tús gach seachtain le smaointe oideachasúla do gach leibhéal scoile & tuismitheoirí. An tseachtain seo, beimid ag díriú ar socrú ar ais ar an naíonra nó ar scoil, le nóta ar leith dóibh siúd atá ag freastal ar naíonra, bhunscoil nó iar-bhunscoil den chéad uair! Féach ar gach moladh don tseachtain seo anseo.
Tuigimid go bhfuil amhras ann na laethanta seo i leith srianta COVID agus ár bpáistí a thabhairt ar scoil. Tuigimid chomh maith go bhfuil stiúrthóirí, múinteoirí is príomhoidí théis gach iarracht a dhéanamh an áit a leagadh amach sa bhealach is sábhailte do bhur bpáistí agus go mbeidh áthas an domhain orthu iad a fheiceáil ar ais sa seomra ranga arís.
Mura bhfuil tú ar an liosta seolta cheana féin is féidir clárú ag an nasc seo.
Bainigí taitneamh as agus bígí slán!