Múinteoir Luathbhlianta ag teastáil ó Naíonra i dTeach Mealóg
Tá múinteoir ag teastáil ó Naíonra Réaltaí beaga, i dTeach Mealóg do Mheán Fómhair 2022.
Leanann Naíonra Réaltaí Beaga an scéim ECCE.
www.RéaltaíBeaga.ie
Cáilíochtaí:
– QQI Leibhéal 5, 6 nó 7 i gcúram leanaí agus oideachas na luathbhlianta
Riachtanach:
– Taithí (go háirithe le páistí óga)
– Gaeilge láidir
– Cairdiúil agus comhbhách
Cuir litir iarratais, C.V. agus litreacha molta chuig realtaibeagadee@gmail.com roimh an 30ú Meitheamh.
Má tá eolas ar bith ag teastáil uait, seol ríomhphost chuig an ríomhphost thuas.