Is gaelscoil nuabhunaithe, ilchreidmheach í Gaelscoil Áine atá lonnaithe i nDroim Conrach. Is é An Foras Pátrúnachta patrún na scoile. Bunaíodh an scoil sa bhliain 2019 le 17 dalta. Tá an-éileamh ar an scoil agus beidh sí ag fás go suntasach sna blianta amach romhainn.
Tá ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa riachtanach don phost. Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin trí ríomhphost a sheoladh chuig gaelscoilaine.iarratais2021@gmail.com.
Is post forbartha é seo ar théarma seasta go 22.10.21 agus buanófar an post le cead na Roinne bunaithe ar rollacháin ar 30/9/2021.
Ní mór don iarratasóir a bheith feasach gur post é seo i scoil úr nua agus bheadh solúbthathacht riachtanach don phost seo. Is deis den scoth é seo don iarratasóir ceart, ról iontach gníomhach a ghlacadh i nGaelscoil ilchreidmheach nua le béim ar ardchaighdeán oideachais a chur ar fáil do pháistí i suíomh comhoibritheach, oscailte agus tacúil.
Is buntáiste aon cheann de na buanna seo a bheith ag iarratasóir: 3ú teanga, spórt, ceol, rince, ardscileannna ríomhaireachta, taithí le hAistear. Bheadh taithí múinteoireachta i nGaelscoil ina bhuntáiste chomh maith.
Ní mór don iarratasóir a bheith ar fáil Dé Luain 23.08.21 do lá traenála foirne d’uaireanta Pháirc Uí Chrócaigh. Oide ranga a bheidh ann an chéad lá ach is féidir go n-athróidh na dualgais amach anseo. Déanfar painéal d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú as a dhéanfaidh folúntais sa todhchaí a líonadh laistigh de thréimhse 4 mhí ó dháta na n-agallamh. Gach eolas ar fáil ar EducationPosts.ie: https://www.educationposts.ie/post/view/155574
|