Nuachtlitir RSO, 13.04.21

Apr 14, 2021

6

Tá súil againn go raibh briseadh álainn agaibh don Cháisc.

Tá go leor rudaí dearfacha ar siúl ag Gaeloideachas sa réimse riachtanais speisialta oideachais i láthair na huaire gur mhaith linn a roinnt libh. Ina measc, tá rannóg úr nua ar an disléicse forbartha againn, acmhainní nua chun tacú le páistí a bhfuil uathachas orthu, ceardlanna ar an disléicse agus uathachas ar siúl agus comhdháil lae beartaithe don bhliain seo chugainn dírithe ar fhorbairt ghairmiúil mhúinteoirí sa réimse RSO agus tacaíocht foghlama.

Is féidir tuilleadh a léamh faoi na nithe sin thíos, mar aon le blaiseadh a fháil ar roinnt de na hacmhainní nua atá ar fáil le tacú le páistí a bhfuil riachtanais bhreise nó difríochtaí foghlama acu sa suíomh lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Sa Nuachtlitir Seo:

  • Leabhrán Dátheangach ar an Disléicse
  • Dátaí don Dialann
  • Acmhainní Nua le AsIAm
  • Rúin 2021
  • Rannóg Disléicse
  • Acmhainní Eile

Léigh an nuachtlitir ag an nasc thíos: 13.04.21 Nuachtlitir Riachtanais Speisialta Oideachais