Oifigeach Forbartha le cúram ar leith don Oideachas Gaeltachta á lorg

Oct 13, 2020

Folúntas Poist

Cineál Poist: Lánaimseartha, Conradh 3 bliana

Scála Tuarastail: €30,127 – €50,834

Spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV – meánlae, Aoine, 30 Deireadh Fómhair 2020 ar ríomhphost amháin.

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Tá an post seo lonnaithe sa phríomhoifig i Marino, Baile Átha Cliath 9 nó san oifig Ghaeltachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe (ag brath ar rogha an té a cheapfar).

Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.
Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaeloideachas.ie

Tuilleadh eolais, foirm iarratais, agus sainchuntas poist le fáil ó foluntais@gaeloideachas.ie

Íoslódáil an fógra anseo: Fógra Poist. Oifigeach Forbartha