Post mar Chúntóir Riaracháin agus Ceannaire Iarscoile comhcheangailte i mBaile Locha Riach

Aug 30, 2023

Fáiltíonn Naíonra Tigh na Sí, Baile Locha Riach, Condae Na Gaillimhe, roimh iarratais ar phost mar Chúntóir Riaracháin agus Ceannaire Iarscoile comhcheangailte.

Is post lánaimseartha é seo le conradh ar théarma seasta, 5 lá in aghaidh na seachtaine: Luain – Aoine, a bhfuil Gaeilge riachtanach dó. Táthar ag lorg duine atá in ann oibriú go neamhspleách nó mar chuid d’fhoireann araon, atá cumasach agus tiomanta, le hardscileanna ríomhaire agus eolas maith oibre ar na meáin shóisialta, chomh maith le scileanna riaracháin den scoth.

Seol iarratais agus CV le sonraí teagmhála na moltóirí air, roimh 6.00 i.n. Dé Sathairn, 16 Meán Fómhair, 2023 chuig: tighnasi@gmail.com

Eolas breise: leathanach le Gaeilge Locha Riach agus ar Facebook