Riarthóir Oifige ag teastáil, Gaeloideachas

Jun 21, 2021

Teimpléad Folúntais (suíomh)

Conradh 3 bliana

Duine le sárscileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán labhartha agus scríofa sa Ghaeilge de dhíth.

Tuilleadh eolais, foirm iarratais, agus sainchuntas poist le fáil ó foluntais@gaeloideachas.ie

Spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV – meánlae, Déardaoin, 1 Iúil 2021. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

Tá an post seo lonnaithe sa phríomhoifig i Marino, Baile Átha Cliath 9.

Scála Tuarastail: €24,586 – €38,612

Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn. Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaeloideachas.ie