Rúin 2021: Ionadaíocht, Cigireacht, Tumoideachas & RSO
Tá dáta don Chruinniú Ginearálta Bliantúil ag teannadh linn… Idir seo agus sin, roinnfimid na rúin de réir a chéile a rithfear ag cruinniú na bliana seo. Tapaigh an deis bheith linn don phlé!
15 lá fágtha le clárú!
Ionadaíocht, Cigireacht, Tumoideachas agus Riachtanais Speisialta
- Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Oideachais scéim an phainéil ionadaíochta a leathnú le cinntiú go bhfuil sé i bhfeidhm ar bhonn buan don chéad scoilbhliain eile agus go bhfreastalaíonn sé ar gach scoil sa tír.
- Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Oideachais a chinntiú go gcuirtear ionadaíocht ar fáil do gach cineál asláithreachta, na céad laethanta tinnis, laethanta EPV san áireamh le cinntiú go bhfuil freastal cuí á dhéanamh ar dhaltaí na tíre.
- Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Oideachais nach ndéanfaí cigireachtaí ábhair nó measúnuithe scoile uile go dtí an chéad scoilbhliain eile. Tá scoileanna faoi bhrú ar leith i mbliana de bharr cúrsaí Covid-19 agus chuirfeadh measúnuithe scoile leis an mbrú seo.
Molta ag: Gaelscoil Bhaile Brigín