Rúnaí Bunscoile de dhíth ar Ghaelscoil Áine

Jun 17, 2021

Folúntas BL

Leibhéal
  Bunleibhéal
Ról
  Rúnaí Bunscoile
Ainm naíonra/scoile
  Gaelscoil Áine
Seoladh
  Nóthar Mobhí, Droim Conrach, BÁC 9, D09XP65
Contae
  Áth Cliath
Cur síos
 

Rúnaí bunscoile páirtaimsire (5 lá, 15 n-uair in aghaidh na seachtaine) de dhíth i nGaelscoil Áine, Bóthar Mobhí, Droim Conrach, B.Á.C 9 ag tosnú ar an 23/8/2021.

Ní mór don té a cheapfar a bheith líofa sa Ghaeilge. Bheadh taithí a bheith ag obair mar rúnaí bunscoile ina chabhair don té a cheapfar. Beidh an rúnaí ag obair faoi stiúir an phríomhoide.

Tá ardscileanna bainistíochta oifige, ardscileanna cumarsáide agus ardscileanna eagrúcháin de dhíth don phost. Ní mór don té a cheapfar a bheith ábalta obair go neamhspleách as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann. Tá eolas agus taithí in usáid na teicneolaíochta riachtanach don phost. Tá eolas ar bhuiséadú agus ar bhaincéireacht leictreonach de dhíth chomh maith. Bheadh tuiscint ag an té a cheapfar ar an tábhacht a bhaineann le rúndacht agus le bheith discréideach agus é/í i mbun a c(h)uid dualgaisí. Beidh an ceapachán ag brath ar ghrinnfhiosrúchán na nGardaí agus ar sheiceáil teistiméireachtaí. Beidh tréimhse ceithre mhí ann mar thréimhse phromaidh. Seol do litir iarratais, C.V agus cóip de do theastais chuig:

An Cathaoirleach, Gaelscoil Áine, Bóthar Mobhí, Droim Conrach, B.Á.C.9 roimh a 5 a chlog 18/6/2021.


Eagrófar 2 lá traenála don phost le linn mhí Iúil (5-16/7/21)

Duine teagmhála
  Niamh Nic Dhiarmada (Príomhoide)
Ríomhphost
  gaelscoilaine@gmail.com
Spriocdháta
  18/06/2021
Foirm iarratais / Sainchuntas poist