Scéim Cáilíochta an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh 2023-2024

May 26, 2023

Tá an-fhás agus forbairt tagtha ar an ITT in Indreabhán le blianta beaga anuas, agus bíonn an-éileamh ar ár seirbhísí uileag. Táthar ag earcú oibrithe nua faoi láthair ach tá ganntanas oibrithe luathbhlianta san earnáil trí chéile.

Mar sin, is cúis áthais a fhógairt go bhfuil Scéim Cáilíochta an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh á seoladh le haghaidh 2023-2024. Scéim nua í seo a chuirfidh sparánacht ar fáil chun cáilíocht a bhaint amach i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige, cáilíocht a theastaíonn chun oibriú in ionad cúraim leanaí. Cuirfear taithí oibre ar fáil san ITT mar chuid den oiliúint, agus beidh an fhoireann ar fáil chun cúnamh agus comhairle a thabhairt de réir mar is gá. Beidh post san ITT i ndiaidh an cháilíocht a bhaint amach mar chuid den Scéim freisin. Is féidir an cháilíocht a bhaint amach ó sholáthraithe oideachais difriúla, ar líne nó i ranganna.

Baineann cuspóirí an ITT le dul chun sochair don cheantar trí oideachas agus seirbhísí tacaíochta teanga a sholáthar, chomh maith le cúnamh a thabhairt i bhforbairt iomlán an linbh agus seirbhísí den scoth i gcomhairleoireachta agus i bpleanáil teanga i nGaeilge. Mar sin, is mór acu an deis seo a thapú cur le forbairt an phobail agus le féidearthachtaí fostaíochta mhuintir na háite.

eolas breise faoin Scéim ar fáil ar ancranntaca.wordpress.com, ó 091‑593132 eolas@ittancranntaca.ie.

Tá alt agus físeán faoin scéim ar Tuairisc.ie