Scoláireacht PhD urraithe ag COGG: Modúl oiliúna a fhorbairt i dTumoideachas Teanga Mionlaigh d’Oideoirí Luathbhlianta

Apr 13, 2022

Cur Síos ar an bpost

Tá dúshláin ann do oideoirí luathbhlianta i suíomhanna tumoideachais Gaeilge (naíonraí) ar fud na hÉireann ar chonas teanga, litearthachta agus scileanna sóisialta a chur chun cinn. An cúis le sin ná go mbíonn roinnt páistí in aon ghrúpa a labhraíonn an mionteanga sa bhaile agus páistí eile nach labhraíonn agus tá leibhéal difriúil ionchuir ag teastáil uathu. Ina theannta san, taobh amuigh den Ghaeltacht, tá leibhéil éagsúla líofachta agus muiníne ag na hoideoirí luathbhlianta agus ag na tuismitheoirí féin in úsáid na teanga agus is minic a bhíonn deiseanna teoranta ag na páistí an teanga a úsáid agus a chloisteáil lasmuigh den naíonra. Faoi láthair, níl aon oiliúint tosaigh cuimsitheach ná forbairt ghairmiúil leanúnach sa tumoideachais ar fáil d’fhoireann naíonraí sa Ghaeltacht ná lasmuigh di. 

Forbróidh an mac léinn PhD clár um Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL/CPD) atá bhunaithe ar fhianaise d’oideoirí luathbhlianta ar conas forbairt teanga a spreagadh i suíomhanna luath-thumoideachais. Tógfaidh siad ar chláir reatha ‘Teacher Talk’ ó lárionad Hanen i gCeanada (http://www.hanen.org/Professional-Development/Workshops-for-Educators/Teacher-Talk-Training-Series.aspx ) chun clár oiriúnach do tumoideachais mionteanga/ naíonraí lán-Ghaeilge a fhorbairt. 

Tá an PhD seo maoinithe ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Chun iarratas a dhéanamh seol le do thoil:

  1. Litir chlúdaigh ghairid (1 leathanach ar a mhéad) ag cur síos ar do spreagadh chun iarratas a dhéanamh ar an bpost agus ar an gcaoi a bhfuil do thaithí agus do shaineolas ag teacht leis an ábhar taighde.
  2. CV, lena n-áirítear liostaí cáilíochtaí, cúrsaí ábhartha a glacadh, taithí ábhartha agus aon fhoilseacháin.

chuig an Dr Ciara O’Toole (c.otoole@ucc.ie) ag lua go beacht “Scoláireacht PhD: Tumoideachas trí mheán na Gaeilge agus i mhionteanga” i líne an ábhair, ar nó roimh an spriocdháta d’iarratais ar an 09/05/2022.

Tuilleadh eolais: https://www.ucc.ie/en/hr/vacancies/research/full-details-1520518-en.html