Seimineár do Mhúinteoirí & Príomhoidí 16 MF 2020
Scaradh teanga agus scaradh sóisialta: Tábhacht an diantumtha agus straitéisí praiticiúla ina leith
- Dr T.J. Ó Ceallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál
- Anna Ní Chartúir, Scoil Sailearna
- Dónal Ó hAiniféin, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóig
Beidh ceardlann thábhachtach ar siúl ag Gaeloideachas thar Zoom ar an 16ú Meán Fómhair do mhúinteoirí agus phríomhoidí bunscoile ar an tábhacht a bhaineann le tumadh éifeachtach sa teanga ag tús na scoilbhliana seo de dheasca cúinsí a bhaineann le COVID-19. Roinnfear straitéisí praiticiúla agus moltaí le linn na ceardlainne a mbeidh múinteoirí in ann a chur i bhfeidhm ina seomraí ranga féin. Le linn tréimhse dhúnta na scoileanna, ní raibh an teagmháil chéanna ag go leor scoláirí leis an nGaeilge – teagmháil atá riachtanach le cur lena gcuid scileanna agus saibhris teanga. Céard is féidir le scoileanna a dhéanamh anois le cinntiú go bhfuil go leor deiseanna fiúntacha ag na scoláirí bheith diantumtha go héifeachtach sa teanga?
- Díreofar ar roinnt de na ceisteanna seo le linn na ceardlainne:
- Conas pleanáil agus cur chuige uile scoile a spreagadh i leith an diantumtha ag tús na scoilbhliana seo?
- Conas a chinntítear ag leibhéal uile scoile go bhfuil idirghníomhaíochtaí saibhre, comhleanúnacha agus ardchaighdeáin ag na scoláirí?
- Conas leas a bhaint as an teagasc le cuidiú teicneolaíochta chun tacú le diantumadh a éascú?
- Céard a bhféadfadh le tuismitheoirí a dhéanamh le cinntiú go mbíonn deiseanna gníomhacha úsáidte ag a bpáistí dá ndúnfaí an scoil arís?
Céadaoin, 16 Meán Fómhair 19.00 ZOOM