Tacaíocht Foghlama do Riachtanais Speisialta Oideachais
Tá Gaeloideachas ag iarraidh nuachtlitir lán le hacmhainní éagsúla don tacaíocht foghlama agus RSO (Riachtanais Speisialta Oideachais) a scaipeadh go han-luath. Chuige sin, tá muid ag lorg acmhainní éagsula ó mhúinteoirí le roinnt ann a bheadh úsáideach do mhúinteoirí agus thuismitheoirí eile. Ba bhreá linn samplaí de bhileoga oibre, tascanna, acmhainní agus naisc éagsúla a roinnt ann – an féidir leatsa cabhrú linn?
Céard iad na hacmhainní / straitéisí atá in úsáid agat le páistí a bhfuil RSO acu? An bhfuil leideanna agat le tabhairt do thuismitheoirí maidir le conas tacú lena bpáistí sa gcóras lán-Ghaeilge? Bheadh sé iontach dá bhféadfadh muid ar fad ár gcuid acmhainní a chomhroinnt ar a chéile ionas go mbeadh bunachar ollmhór againn ag an deireadh a rachadh chun leasa na bpáistí sa gcóras.
Cuir ríomhphost chugam ciara@gaeloideachas.ie má tá aon acmhainní, smaointe nó moltaí agat le háireamh ann!
Fáilte roimh gach rud!!