Ticéid ar fáil anois do Thionól Forbartha 2024
Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2024 ar siúl in Óstán Slieve Russell, Contae an Chabháin, ar an 22 Samhain 2024.
An Clár
Táimid ag obair go fóill ar chlár an lae do 2024, ach beidh sé spreagúil agus fairsing, mar a bhíonn i gcónaí.
Ceannaigh Ticéad
Tá ticéid ar fáil anois, is féidir iad a cheannach trí cliceáil ar na naisc thíos. Tabhair faoi deara go bhfuil an ráta mochóirí ar fáil do bhaill amháin, agus go mbeidh deireadh leis ar an 23 Meán Fómhair.
Taisteal agus Lóistín
Tá Óstán Slieve Russell suite i mBéal Átha Conaill, Co. an Chabháin, timpeall 25 nóiméad lasmuigh de bhaile Chabháin. Tá an t-óstán suite timpeall 2 uair a chloig ó Bhaile Átha Cliath agus Béal Feirste, agus 2 uair go leith ó Ghaillimh. Faigh treoracha anseo. https://goo.gl/maps/c9qSodCmGXgxW8RD6
Bíonn an-éileamh ar lóistín le linn an Tionóil Forbartha i gcoitinne agus molann muid go láidir do dhaoine lóistín a chur in áirithe chomh luath agus is féidir. Meastar go mbeidh an-éileamh ar lóistín i mbliana i comparáid le blianta eile agus ní mór seomra a chur in áirithe go pras má tá sé ag teastáil.
Tá ráta speisialta ar fáil do rannpháirtithe an Tionóil (ag brath ar sheomraí bheith fós ar fáil). Chun leas a bhaint as an ráta seo (€145 do sheomra singil, €95 in aghaidh an duine do sheomra dúbailte/dhá leaba – bricfeasta san áireamh i ngach ceann), bain leas as an gcód GAEL24 ar shuíomh an óstáin www.slieverussell.ie. Caithfear é a chur in áirithe trí shuíomh an óstáin amháin.
Lóistín eile sa cheantar máguaird
Tá roghanna eile ar fáil sa cheantar máguaird freisin ach d’fhéadfadh go mbeadh achar taistil i gceist leo. Seo liosta roghanna leaba is bricfeasta atá curtha ar fáil ag an Slieve Russell: List of Local B&Bs
Ionadaíocht do Mhúinteoirí agus Phríomhoidí atá ag teagasc
De bharr gur oiliúint ghairmiúil atá i gceist, tá ionadaíocht ar fáil don Tionól Forbartha arís i mbliana. Is féidir le scoileanna cur isteach ar ionadaíocht do mhúinteoir amháin freastal ar an Tionól Forbartha ach ainm an mhúinteora a chlárú roimh ré le COGG (eolas@cogg.ie) agus éileamh a dhéanamh tríd an gcóras OLCS (CNCM) i ndiaidh an Tionóil. Maidir le hionadaíocht do phríomhoidí atá ag teagasc is gá teagmháil a dhéanamh le COGG (eolas@cogg.ie) le breis eolais agus na foirmeacha cuí a fháil. Ba chóir aon cheisteanna a bhaineann le hionadaíocht nó conas ionadaí a chlárú a chur go díreach chuig COGG: eolas@cogg.ie | + 353 1 6340831