Tuarascáil Bhliantúil 2020

Feb 11, 2021

WhatsApp Image 2021 02 11 at 12.57.21

D’imríomar uile tionchar, inár gcáil phearsanta agus ghairmiúil, i mbealaí éagsúla sa bhliain eisceachtúil, aisteach a bhí sa bhliain 2020. Tar linn ar thuras go bhfeicfidh tú an tionchar a d’imir Gaeloideachas sa bhliain chéanna.

Bliain ar leith a bhí ann, inar fhorbair foireann agus bord na heagraíochta bealaí nua, cruthaitheacha le freastal ar riachtanais ár mbaill agus na pobail a dhéanann muid seirbhísí a sholáthar dóibh. Ag obair linn ón mbaile, d’éirigh linn go leor a bhaint amach a bheidh chun leasa páistí agus daoine óga, a dtuismitheoirí agus a múinteoirí. 

Misean Gaeloideachas ná go mbeidh sealbhú agus sóisialú na Gaeilge á chur chun cinn tríd an oideachas lán-Ghaeilge ón réamhscolaíocht go dtí an iar-bhunscolaíocht ar fud na tíre. Cad a rinneamar mar eagraíocht i 2020 lenar misean a chur i gcrích agus lenár bhfís a fhíorú – go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir agus caomhnóir ar oideachas lán-Ghaeilge ar ard-chaighdeán gurb é a rogha é dá gcuid páistí?

Tabharfar achoimre ar a bhfuil sa Tuarascáil ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil na heagraíochta ar an Déardaoin beag seo, agus déanfar cinntí maidir le clár oibre na bliana romhainn.

Fearaimid fíorchaoin fáilte romhat bheith linn don ócaid, ní gá ach freagra a chur ar an ríomhphost seo roimh 12.00 ar an 11 Feabhra agus roinnfear an nasc Zoom leat.