Ar oscail do scoil rang uathachais nua i mbliana?
Osclaíodh a lán ranganna nua uathachais i scoileanna lán-Ghaeilge i mí Mheán Fómhair. Tá go leor tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil ó Gaeloideachas chun cabhrú libh ar an aistear seo. Seo blaiseadh beag díobh:
- Rannóg eolais agus bailiúchán acmhainní ar an uathachas·
- Físeán ó Bláthú 2022 dírithe ar bhunú agus bhuanú ranganna speisialta
- Rannóg eolais dírithe ar ranganna uathachais
Grianghraif de ranganna uathachais, spásanna suaimhnis agus seomraí céadfaí
Mar a d’fhógair muid cheana, tá grianghraif agus físeáin á mbailiú againn ar bhonn leanúnach a léiríonn ranganna uathachais agus spásanna céadfaí. Ba bhreá linn i bhfad níos mó a chur leis an albam agus na féidearthachtaí a roinnt libh ar fad. Má tá do scoil sásta grianghraif nó físeáin bhreise a roinnt linn, cuir rphost chuig ciara@gaeloideachas.ie.
Seo an t-albam Flickr go dáta. Ár mbuíochas mór leis na príomhoidí agus múinteoirí uilig a roinn linn iad.