Folúntas: Eagarthóir/Léiritheoir Oideachais le TG4
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost Eagarthóir / Léiritheoir Oideachais. Tá an post lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann, ach tá socruithe oibre solúbtha ar fáil chomh maith.
Beidh an té a cheapfar freagrach as forbairt a dhéanamh ar ábhar oideachais TG4, suíomh TG4 Foghlaim a fhorbairt, agus oibriú le comhpháirtithe oideachais le hábhar TG4 a chuir in oiriúint d’fhoghlaimeoirí.
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:
- Feidhmiú mar Eagarthóir ar shuíomh TG4 Foghlaim.
- Ábhar TG4 a chur in oiriúint d’fhoghlaimeoirí
- Forbairt a dhéanamh ar ábhar nua & cur chuige oideachais TG4
- Feasacht a mhúscailt ar ábhar oideachais TG4 trí phoiblíocht agus na hardáin shóisialta
- Gaol a chothú le comhpháirtithe Oideachais TG4
- Úsáid a éascú d’fhoghlaimeoirí atá ag baint úsáid as ardáin TG4 agus gaol a chothú leo
Is é 4pm Dé Luain an 28 Feabhra 2022 an spriocdháta d’iarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais ina leagtar amach an fís a bheadh agat do cur chuige Oideachais TG4 chuig: cv@tg4.ie.
Tuilleadh eolais: www.TG4.ie/folúntais