Folúntas: Oifigeach Forbartha

Tar ag obair linn! Tá Gaeloideachas ag lorg duine fuinniúil le tuiscint agus taithí ar an earnáil tumoideachais chun tacú le bunú agus buanú bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht maraon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Gné lárnach den obair seo is ea seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do naíonraí agus scoileanna, mar aon le feachtais feasachta a chur i bhfeidhm chun críche poiblíocht ar bhuntáistí an tumoideachais.
Post lánaimseartha atá ann, le conradh bliain go leith
An spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV ná 17.00, 30 Aibreán 2025 ar ríomhphost amháin chuig foluntais@gaeloideachas.ie. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Scála Tuarastail: €37,544 – €60,610
(Oifigeach Feidhmiúcháin, ciorclán 06/2025)
Beidh an té a cheapfar ag tosú ag Pointe 1 den scála.
Áit lonnaithe: Is i bpríomhoifig na heagraíochta, Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, BÁC 9 a bheidh an post seo lonnaithe. Tá polasaí oibre hibrideach i bhfeidhm ag Gaeloideachas, le meascán d’obair ó baile agus ón oifig.
- Cliceáil anseo leis an bhfoirm iarratais a íoslódáil.
- Cliceáil anseo leis an sainchuntas poist a íoslódáil.
Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas, Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn. Tá eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaeloideachas.ie