Folúntas: Post ar iasacht le CPSMA mar Chomhairleoir Bainistíochta Scoile

Apr 13, 2022

Fearann an CPSMA fáilte roimh iarratais don ról ar iasacht mar chomhairleoir bainistíochta scoile, ag tosnú ar an 1ú Méan Fómhair 2022.

Sainchuntas Poist

▪ Páirt a ghlacadh i bhforbairt straitéiseach CPSMA agus i bhforbairt oideachais i mbunscoileanna Caitliceacha;
▪ Ag cur seirbhís ghairmiúil agus ar ardchaighdeáin ar fáil de Bhoird Bhainistíochta bhunscoileanna Chaitliceacha;
▪ Cur leis an eagraíocht, oiliúint a cheapadh agus a sholáthar do bhaill agus páirtithe leasmhara;
▪ Tuairiscí a scríobh agus doiciméid a bhainistiú;
▪ Abhair agus acmhainní a ullmhú agus a chur ar fáil;
▪ Tabhairt faoi agus ag riar taighde;
▪ Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann CPSMA agus/nó Comhairlí Bainistíochta Bunscoile ar chomhairlí seachtracha de réir mar a theastaíonn;
▪ Tabhairt faoi thascanna riaracháin de réir mar a theastaíonn ón mBainistíocht.

D’fhéadfadh sé go n-athródh freagrachtaí an Chomhairleora Bainistíochta Scoile i dtaca le riachtanais agus tosaíochtaí an Chumainn agus/nó a shannaíonn an tArd-Rúnaí.

Tuilleadh eolais: https://www.cpsma.ie/post-ar-iasacht-le-cpsma-mar-chomhairleoir-bainistiochta-scoile/