Folúntas: Riachtanais Speisialta Oideachais (Tacaíocht Uathachais) i gColáiste Feirste
Tá Coláiste Feirste ag lorg múinteoir láncháilithe leis an phost seo a leanas a lionadh trí mheán na Gaeilge: Riachtanais Speisialta Oideachais (Tacaíocht Uathachais).
Riachtanach:
• múinteoir cáilithe, aitheanta ag GTCNI faoi Mheán Fómhair 2023
• ardchaighdeán Gaeilge
• taithí dhá bhliain mar mhúinteoir
Inmhianaithe
• Taithí ag obair le daltaí uathacha
• Taithí ag tabhairt tacaíocht chothaithe do dhaltaí
• Taithí ag bainistiú ceisteanna RSO nó ag cur scéim fheabhsaithe RSO i bhfeidhm
Caithfidh foirmeacha iarratais bheith ar ais ag an Choláiste trí ríomhphost chuig info@colaistefeirste.belfast.ni.sch.uk roimh mheánlae Dé Céadaoin 19 Aibreán 2023.