Folúntas: Stiúrthóir – Club Iarscoile Explorers, Scoil Lorcáin
Tá Stiúrthóir á lorg ag Club Iarscoile Explorers, Scoil Lorcáin. Tá duine díograiseach, iomasach agus fuinniúil ag teastáil chun an post seo a líonadh.
Sonraí an Phoist:
- 20/25 uair sa tseachtain atá i gceist. Idir 13.00 – 18.00 gach lá i rith na scoilbhliana.
- Campaí á rith i rith na saoire, 32 uair sa tseachtain atá i gceist ansin.
- Cumas/taithí faoi leith ag obair le páistí iarscoile
- Scileanna cumarsáide láidre
- Gaeilge labhartha
- QQI Leibhéal 5 nó 6 i gcúram leanaí inmhianaithe molta
- €13.05 – €16 san uair, ag brath ar cháilíochtaí agus taithí
Seol litir iarratais agus CV chuig: explorersafterschool@gmail.com