2. Cúinne Mata

Cúinne Mata

An bhfuil cúinne nó bord speisialta mata i do naíonra leis an uimhearthacht a threisiú? Spás, b’fhéidir, ina ndéanann na páistí coincheapa mata a fhiosrú go praiticiúil tríd an spraoi, lámh a leagan ar rudaí coincréiteacha nó rudaí a rangú nó a chur in eagar? Nó b’fhéidir go bhfuil roinnt den trealamh scaipthe ar fud an naíonra nó i gcúinní sainspéise eile de chuid an naíonra? Le timpeallacht shaibhir uimhearthachta a chur ar fáil, ní mór smaoineamh ar an trealamh agus na hacmhainní atá ag teastáil agus conas na páistí a spreagadh le siombail, pátrúin, uimhreacha, méideanna agus tomhais timpeall an tseomra a thabhairt faoi deara i mbealach fiúntach agus réadúil.

Seo roinnt smaointe maidir le nithe a bhféadfaí a chur i gcúinne mata:

  • abacas, áiritheoirí, coirníní agus iallacha
  • áireamháin
  • brící agus blocanna
  • cairt airde, rialóir, miosúir, scála agus gléasanna tomhais eile
  • cártaí meaitseála
  • catalóga bréagáin, catalóga agus bileoga siopadóireachta
  • clog, amadóirí uibhe nó gainimh, stopuaireadóirí
  • cluichí boird, cluichí “cur in ord”, cártaí imeartha, brat urláir nathracha is dréimirí
  • cluichí díslí
  • cluichí lató
  • cluichí meaitseála
  • cluichí scileanna luaile
  • cupáin a bhféadfaí a chur os cionn a chéile
  • diúradáin le huimhreacha, dathanna, cruthanna
  • féilire
  • leabhair a dhéanann tagairt d’uimhreacha agus do chomhaireamh
  • méarphuipéid
  • nasc-chiúbanna ar nós ciúbanna Unifix
  • pionnaí agus pionnachláir
  • póstaeir
  • praghasliostaí
  • puzail, míreanna mearaí
  • rudaí éagsúla a bhféadfaí a rangú/shórtáil/
  • scipéad agus airgead
  • teileafón
  • uimhirlíne
  • uimhreacha plaisteacha, maighnéadacha nó adhmaid

Tá smaointe breise cabhracha anseo ó Altram a bhféadfaí a úsáid má tá sé i gceist Cúinne Mata nua a thosú. Tá formhór an eolais i mBéarla ach tá smaointe deasa ann a bheadh oiriúnach don naíonra.
https://www.altram.org/sites/default/files/%c3%81it%20Mhata.pdf