1. Teanga

Teanga

Is é an múinteoir naíonra an phríomhfhoinse Ghaeilge do líon mór páistí i naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Bíonn na páistí ag brath ar an múinteoir chun eispéireas maith réamhscoile trí mheán na Gaeilge a chinntiú. Is faoin múinteoir clár gníomhaíochtaí atá suimiúil, spreagúil, taitneamhach agus oiriúnach d’aois agus do chumas na bpáistí sa naíonra a chur ar fáil (Hickey, 1999: 97 in Tumoideachas sa Naíonra, 2018).

Tá go leor deiseanna sa naíonra coincheapa luathuimhearthachta agus an teanga a bhaineann leo a phlé agus a thabhairt do na páistí. Bíonn caint rialta sa naíonra ar an gclog agus coincheap an ama tríd an lá – am lóin, am ciorcail, am glanadh suas, am dul abhaile, etc. Pléitear cruthanna, spás agus cén áit a bhfuil rudaí i gcomparáid le rudaí eile agus bíonn nithe éagsúla á rangú. Dar ndóigh, bíonn rudaí agus daoine á gcomhaireamh go minic freisin agus bíonn go leor amhrán agus rann ar siúl a threisíonn iad seo.

Bíonn focail mar seo in úsáid agus á míniú go minic sa naíonra:
éadrom, trom, mór, beag, íseal, ard, gearr, fada, folamh, lán, mall, tapa, in aice, os cionn, taobh thiar, thuas, thíos, istigh, amuigh

Is cinnte go mbíonn ceisteanna den chineál seo á bplé chomh maith:
Cé mhéad, cén aois, praghas, cén líon, cén uair, cén fad, céard é an ceann is mó/lú, cé chomh fada, cén dath, cén cruth

Teastaíonn bainistíocht agus pleanáil éifeachtach le deiseanna fiúntacha a chur ar fáil do na páistí leis an sprioctheanga a úsáid le páistí eile agus leis an múinteoir luathbhlianta féin (Hickey & de Mejia, 2014 in Tumoideachas sa Naíonra, 2018). Smaoinigh ar na féidearthachtaí a bhaineann leis na réimsí thíos ar fad sa naíonra agus conas ar féidir an luathuimhearthacht (teanga agus tuiscint) a threisiú do na páistí:

  • cruthanna, spásanna agus pátrúin
  • sórtáil, meáitseáil, cur in ord, rangú (de réir datha, tomhais, airde, crutha, méid, etc.)
  • rudaí a chur i gcomparáid (fad, airde, meáchan, méid)
  • deiseanna tríd an súgradh fisiciúil agus cruthaitheach – déanamh, breathnú, ceisteanna (bácáil, teach, brící)
  • bosca gainimh/taos/uisce: ag cruthú cruthanna agus pátrúin, ag tomhas, ag líonadh agus ag folmhú soithí, ag meá, ag caint faoi rudaí a bhíonn ar snámh nó ag dul faoi uisce, cé mhéad uisce/cén líon
  • ábhar nó bia a chur ar fáil don na páistí ionas gur féidir leo iad a mheá, a thomhas, a chomhaireamh agus a roinnt