Gairmeacha le Gaeilge – Deiseanna agus Cur Chuige

Ceardlann ar chúrsaí gairmeacha agus treorach ag Tionól Forbartha 2023. Bhí an seisiún á éascú ag Seán P Ó Briain, Iarchigire i gcúrsaí Treorach agus iarmhúinteoir nuatheangacha, agus Aoife Ní Shéaghdha, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

An Fáinne Folláine: Feabhas is féin-aire don mhúinteoir bunscoile

Sleamhnáin ó Thionól Forbartha 2023. Ceardlann phraiticiúil le Bairbre de Barra, Gealán Sláine & Folláine ag díriú ar straitéisí praiticiúla chun tacú leis an bhfoireann bhunscoile cúram a dhéanamh dá bhféin-aire, aithint struis, conas aireachas a chleachtadh agus eile. Cé go raibh an seisiún dírithe ar mhúinteoirí bunscoile, d’fhéadfadh duine ar bith leas a bhaint as an gcomhairle atá ann.