Réamhrá

Réamhrá

Tá an-áthas ar Gaeloideachas an treoirleabhar Tumoideachas sa Naíonra a fhoilsiú, agus gabhaimid buíochas mór leis na húdair, a bhfuil saineolas agus taithí na mblianta acu ar obair an naíonra. Tá cruth sothuigthe agus praiticiúil curtha acu ar an oideolaíocht agus idé-eolaíocht a bhaineann leis an tumoideachas sa treoirleabhar seo. Tá súil againn go mbeidh sé ina áis phraiticiúil do mhúinteoirí luathbhlianta[1] na naíonraí, agus go gcabhróidh sé leo an tumoideachas a chur i bhfeidhm go muiníneach agus go maith. 

Is í fís Gaeloideachas ná go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir agus caomhnóir ar thumoideachas lán-Ghaeilge ar ard-chaighdeán gurb é a rogha é dá gcuid páistí. Tháinig réimse na luathbhlianta lán-Ghaeilge (lasmuigh den Ghaeltacht) faoi chúram Gaeloideachas in 2014. Ó shin i leith, tá cuairteanna comhairliúcháin tugtha ag oifigigh forbartha na heagraíochta ar bhreis agus 100 naíonra, d’fhonn plé go díreach le foireann na naíonraí maidir le tacaíochtaí cuí a chur ar fáil don earnáil.  

Is bunaithe ar ár gcomhráite leis na múinteoirí naíonra a thugamar faoin áis seo a fhorbairt. D’aithníodar treoir agus tacaíocht maidir le cur i bhfeidhm an tumoideachais mar thosaíocht i measc riachtanais na hearnála. Gabhaimid buíochas arís leis na múinteoirí agus bainisteoirí naíonra a roinn a moltaí linn maidir le buanna agus dúshláin na hearnála, agus cuirimid fáilte i gcónaí roimh aiseolas agus moltaí uaibh. Treoraíonn sibh ár gcuid oibre agus cuireann sibh le neart na hearnála dá réir. 

Foireann Gaeloideachas, Meán Fómhair 2018 

[1] Úsáidtear an téarma ‘múinteoir luathbhlianta’ sa treoirleabhar seo le tagairt a dhéanamh dóibh siúd a bhfuil oideachas agus cúram luath-óige mar ghairm acu. Is é seo an téarma ab fhearr le tromlach de chleachtóirí i suirbhé ar tugadh faoi le déanaí, mar chuid d’obair an fhochoiste maidir le proifisiúnú na hearnála (fochoiste de chuid Fhóram Luathbhlianta na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige). Tá forainmneacha baineanna in úsáid le cur síos a dhéanamh ar mhúinteoirí luathbhlianta sa treoirleabhar seo toisc gur mná den chuid is mó atá ag obair san earnáil.

Na hÚdair

Ger Cussen, údar 

Is í Ger príomhstiúrthóir agus bainisteoir Naíonra Ghearóidín, Co. Chill Dara. Bhain sí céim sa Ghaeilge amach i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, mar aon leis an Ardteastas san Oideachas. Chaith sí cúig bliana déag ag múineadh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i scoil do bhuachaillí. Bhunaigh sí naíonra in 2003 agus tá sí ann ó shin, agus an naíonra ag dul ó neart go neart. 

An Dr Máire Mhic Mhathúna, údar agus eagarthóir  

Is taighdeoir í Máire le taithí na mblianta aici ar earnáil na luathbhlianta. Bhí sí mar léachtóir agus Leas-Cheann Scoile ar Scoil na dTeangacha, an Dlí agus na nEolaíochtaí Sóisialta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Ba mhúinteoir bunscoile í tráth sular aistrigh sí go hearnáil na luathbhlianta, nuair a bhí a naíonra féin aici ar feadh deich mbliana. Na príomhshuimeanna taighde atá aici ná sealbhú na dara teanga, aistriú agus ullmhacht don scoil, na luathbhlianta lán-Ghaeilge, ilchineálacht chultúrtha agus éagsúlacht teangacha. 

Ciara Ní Bhroin, údar agus eagarthóir

Is oifigeach forbartha le Gaeloideachas í Ciara Ní Bhroin. Chaith sí tréimhse ag teagasc na Gaeilge in iar-bhunscoil, ag obair ar thionscadail éagsúla taighde le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus i mbun obair óige le Feachtas. Mar chuid dá ról le Gaeloideachas, cuireann sí comhairle agus tacaíocht ar fáil do naíonraí agus scoileanna, agus cúnamh do thuismitheoirí agus cúramóirí tríd an suíomh IrishforParents.ie. Tá an-suim aici i bhforbairt acmhainní agus foilseachán nua do naíonraí agus scoileanna.

Nóta ó na hÚdair

Tá borradh leanúnach ag teacht ar earnáil na luathbhlianta a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá sé mar aidhm ag an treoirleabhar seo eolas agus smaointe praiticiúla ar mhúnla an tumoideachais a roinnt le múinteoirí luathbhlianta agus le cúntóirí nua naíonra agus noda a thabhairt dóibh faoi bhealaí éifeachtacha chun an tumoideachas a chur i bhfeidhm sa naíonra ó lá go lá.

Tosóidh Caibidil 1 le fás na naíonraí ó dheireadh na 1960idí go dtí an lá atá inniu ann agus cuirfear na saintréithe a bhaineann leis an tumoideachas i láthair. Pléifear conas bunphrionsabail an tumoideachais a chur i bhfeidhm sa naíonra agus an tábhacht a bhaineann le timpeallacht spreagúil teanga agus le tacaíocht ón teaghlach agus ón bpobal.

Beidh Caibidil 2 ag trácht ar chumarsáid sa naíonra, trí Ghaeilge, mar theanga dhúchais do roinnt páistí agus mar an dara teanga d’fhormhór na bpáistí taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá straitéisí áirithe a chuideoidh le sealbhú agus le saibhriú teanga, cinn a spreagfaidh cumarsáid leis na páistí le forbairt éagsúil sa Ghaeilge.

Beifear ag plé le cur chuige an tsúgartha i gCaibidil 3 agus ag breathnú ar an áit lárnach atá ag súgradh in Aistear, Creatchuraclam na Luath-Óige (Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe[1] 2009) agus i Síolta, an Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige (Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas Luath-Óige[2] 2006). Pléifear an ról atá ag an múinteoir luathbhlianta agus an páiste agus tabharfar samplaí de shaghsanna éagsúla súgartha a chuireann deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga ar fáil.

I gCaibidil 4, tabharfar cur síos ar an saghas pleanála teanga a rachaidh chun tairbhe na bpáistí agus tabharfar samplaí ar conas an phleanáil a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí éagsúla, scéalaíocht mar shampla, agus le gnásanna éagsúla mar am lóin.

An Ghaeilge agus Aistear agus Síolta atá mar fhócas ag Caibidil 5. Rianófar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge sa tsochaí in Éirinn agus na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas. Déanfar cur síos ar an staid reatha maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge in Daonáireamh 2016 (An Phríomh-Oifig Staidrimh 2017) agus pléifear na moltaí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (Rialtas na hÉireann 2015) a bhaineann go sonrach leis na naíonraí.

Cuirfear críoch leis an leabhar trí léargas a thabhairt faoi conas príomhthéamaí Aistear agus Síolta a chur i bhfeidhm agus béim ar shealbhú teanga i dtimpeallacht luath-óige shaibhir agus spreagúil.

Tá súil againn gur ábhar machnaimh agus áis phraiticiúil atá sa leabhar agus go gcabhróidh sé le múinteoirí luathbhlianta agus cúntóirí nua tuiscint a fháil ar an tumoideachas agus ar conas é a chur i bhfeidhm sa naíonra.

Tá na húdair fíorbhuíoch de gach aon duine a chabhraigh linn chun an leabhar seo a ullmhú, leis na múinteoirí luathbhlianta agus na páistí ar a bhfuil an taithí atá léirithe sa leabhar bunaithe, leis an naíonra a thug cead dúinn na grianghraif a úsáid agus le foireann Gaeloideachas a thionscain an leabhar agus a d’eagraigh próiseas na foilsitheoireachta. Táimid buíoch chomh maith den dearthóir as a cabhair ghairmiúil shnasta chun an leabhar a chur amach.

Gearóidín Cussen, Máire Mhic Mhathúna agus Ciara Ní Bhroin, Meán Fómhair 2018

[1] CNCM

[2] An Lárionad Oideachais agus Forbartha don Luath-Óige