2: Sealbhú agus foghlaim teanga

under construction

Réamhrá

Beidh an caibidil seo ag trácht ar chumarsáid sa naíonra, trí Ghaeilge, mar theanga dhúchais do roinnt páistí agus mar an dara teanga d’fhormhór na bpáistí taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá straitéisí áirithe a chuideoidh le sealbhú agus le saibhriú teanga, cinn a spreagfaidh cumarsáid leis na páistí le forbairt éagsúil sa Ghaeilge.

Cumarsáid sa naíonra - conas a shealbhaíonn páiste an dara teanga

Foghlaimíonn gach páiste teanga ar a bhealach féin ach mar sin féin tá patrún aitheanta ann nuair a bhíonn páistí ag sealbhú na dara teanga i suíomh luath-oideachais (Tabors 2008, Mhic Mhathúna 2012). 

Éisteacht agus Tuiscint

Tógann sé tamall ar an bpáiste dul i dtaithí ar an suíomh nua teanga i dtosach, suíomh ina mbeidh an múinteoir luathbhlianta ag labhairt as Gaeilge leis féin agus leis na páistí eile agus suíomh nua ó thaobh na nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí. Leanann formhór na bpáistí ag labhairt as Béarla ach tugann siad teanga an mhúnteora luathbhlianta faoi deara agus bíonn siad ag iarraidh ciall a bhaint as.

Focail aonair in abairt Bhéarla

Tugann na páistí focail agus frásaí a úsáidtear go minic faoi deara go háirithe, cinn a bhaineann le gnásanna ar nós am lóin, nó gníomhaíochtaí nua cosúil le péinteáil nó imirt le huisce. Tá idir an teanga agus an ghníomhaíocht nua dóibh agus úsáideann siad focail an mhúinteora luathbhlianta chun labhairt mar gheall orthu: When will it be am lóin? I want to do péinteáil. Are we going to the halla today? Fásann líon na bhfocal agus na bhfrásaí den chineál seo de réir mar a théann siad i dtaithí ar an naíonra. Uaireanta éiríonn daoine buartha go bhfuil an dá theanga á meascadh acu, ach is cuid de phróiseas nádúrtha é seo agus tiocfaidh fás agus forbairt ar struchtúir na habairte de réir mar a chloiseann siad níos mó Gaeilge.

Frásaí rialta

Cabhraíonn imeachtaí rialta cosúil le teacht isteach ar maidin, am lóin, cluichí boird agus cluichí eile a imrítear ar an mbealach céanna gach uair ionas go dtuigfidh an páiste cad atá a rá ag an múinteoir luathbhlianta, cad atá le rá acu féin agus cad atá le déanamh acu. Mar shampla, is deis iontach teanga é am lóin toisc go dtarlaíonn sé gach lá. Nuair a bheidh na málaí scoile leis an lón á dtabhairt amach, is féidir abairt a mhúineadh do na páistí agus seans a thabhairt dóibh na málaí a thabhairt amach:

Páiste 1: Cé leis é seo? (ag ardú mála scoile)

Páiste 2: Liomsa é. (Ag tógáil a mhála féin)

Nuair atá na páistí i dtaithí ar an méid seo, is féidir forbairt a dhéanamh ar na habairtí.

Páiste 1: Cé leis an mála seo?/ Cé leis an mála dearg seo?

Páiste 2: Liomsa é. /Tabhair dom é, le do thoil./Go raibh maith agat.

Is minic a fhoghlaimíonn siad frásaí ó rann nó amhrán agus cuireann siad iad le chéile in abairt nua: “Can I spraoi leis an uisce before we glanaimid an seomra”? Tuigfidh siad go mbíonn an múinteoir luathbhlianta an-sásta nuair a úsáideann siad focail, frásaí agus abairtí as Gaeilge agus go molann sí iad.  Leanfaidh siad ar aghaidh toisc go mbaineann siad féin sásamh as a gcumas nua teanga, toisc go bhfaigheann siad pé rud atá ag teastáil uathu agus go dtugtar moladh dóibh.

Caint níos cruthaithí

Faoi dheireadh na chéad bhliana, ba chóir go bhféadfadh formhór na bpáistí na príomhabairtí agus frásaí a úsáideann an múinteoir luathbhlianta i gcomhar na n-imeachtaí, na ngnásanna agus na ngníomhaíochtaí a thuiscint agus a úsáid iad féin agus beidh roinnt díobh in ann abairtí eile a chumadh iad féin. Labhraíonn an páiste as Gaeilge as a stuaim féin agus bíonn míchruinneas ann ar dtús ach tagann cruinneas le cleachtadh. Leanfaidh an fhorbairt ar aghaidh sa dara bliain sa naíonra agus beifear ag súil le leathnú ar na príomhabairtí agus le níos mó cainte as a stuaim féin as Gaeilge.

Is duine ar leith é gach páiste

Is duine ar leith é gach páiste agus is foghlaimeoir gníomhach é an páiste sin (Aistear CNCM 2009, 7). Déanfaidh gach páiste a c(h)uid foghlama teanga ar a nós agus ar a ráta féin mar bíonn a láidreachtaí, a c(h)earta agus a riachtanais féin acu (Síolta LFOLÓ, 2006). Bíonn roinnt páistí níos muiníní ná páistí eile agus bainfidh siad triail as rudaí nua cosúil le focail agus frásaí nua. Bíonn páistí eile níos ciúine agus b’fhearr leo gan dul sa tseans. Is fearr déileáil le gach páiste ar a bhealach féin, tacaíocht agus spreagadh a thabhairt dóibh agus deiseanna cainte a chur ar fáil ach gan iad a bhrú.

Dul chun cinn teangeolaíoch

léaráid 1

léaráid 2

Cur chuige agus straitéisí

Dar le Síolta (LFOLÓ 2009: 7), “tá sé riachtanach go mbeadh comhchaidreamh tuisceanach, cómhalartach ann má táthar chun folláine, foghlaim agus forbairt an pháiste a chur chun cinn”. Tá na straitéisí chun teanga a fhoghlaim bunaithe ar dhea-chaidreamh idir na daoine atá i gceist, idir an múinteoir luathbhlianta, na páistí agus na tuismitheoirí i gcás an naíonra, agus ar thuiscint ar an bpróiseas sealbhaithe teanga. Tá an-tábhacht ag baint le tuiscint ar chumarsáid sa phróiseas seo.

Conas a dhéanann daoine cumarsáid lena chéile

Aithníonn Aistear (CNCM 2009: 12) go bhfuil tionchar ag dhá phríomhghné ar fhoghlaim conas cumarsáid a dhéanamh le linn na luath-óige: cumas an pháiste agus timpeallacht an pháiste. Déanann daoine cumarsáid lena chéile ar iliomad bealaí éagsúla, is cuma cén teanga atá i gceist. Bíonn teanga/teangacha i gceist ar ndóigh ach bíonn an-tábhacht ag baint le cumarsáid neamh-bhriathartha mar tá brí á cur in iúl trí ghluaiseachtaí coirp, tríd an aghaidh, trí na súile, trí fhuaimeanna agus trí gheáitsí (French 2013).  Is féidir le páistí agus le daoine fásta úsáid a bhaint as na bealaí cumarsáide seo fiú nuair nach bhfuil an teanga chéanna in úsáid acu. De réir a chéile, cabhróidh tuiscint agus forbairt na dara teanga le beachtú a dhéanamh ar cad atá á chur in iúl ag an bpáiste.

Ag tús na bliana, beidh úsáid an-mhór á baint ag an múinteoir luathbhlianta as geáitsí agus gníomhaíochtaí in éineacht le caint chun labhairt le páistí. Mar shampla:

Múinteoir luathbhlianta: Ar mhaith leat imirt leis an ngaineamh, a Rónáin? (ag féachaint i súile an pháiste, ag glaoch air agus úsáid á baint as a ainm agus ag taispeáint an ghainimh dó.)

Páiste: Yes. (Croitheann sé a cheann.)

Múinteoir luathbhlianta: Ba mhaith. Ar aghaidh leat mar sin. (Croitheann sí a ceann, ag déanamh aithrise ar an bpáiste agus aistríonn sí cad atá á rá aici.)

Níos déanaí sa bhliain

Múinteoir luathbhlianta: Ar mhaith leat imirt leis an ngaineamh ar maidin, a Rónáin? (ag féachaint ar an ngaineamh.)

Páiste: (Croitheann sé a cheann.)

Múinteoir luathbhlianta: ….. (Fanann sí tamall chun seans a thabhairt don pháiste freagairt. Mura dtagann freagra labhartha, tugann sí nod don pháiste)

Múinteoir luathbhlianta: Ba …… Ba mha….

Páiste: Ba mhaith.

Múinteoir luathbhlianta: Maith thú. Ar aghaidh leat.

Ag deireadh na bliana

Múinteoir luathbhlianta: Ar mhaith leat imirt leis an ngaineamh ar maidin, a Rónáin?

Páiste: Ba mhaith.

Múinteoir luathbhlianta: Cad eile a bheidh agat? Ar mhaith leat imirt leis an mbuicéad, nó leis an gcarr, nó cad faoin leoraí?

Páiste: Carr agus leoraí.

Múinteoir luathbhlianta: Ba mhaith liom an carr agus an leoraí. Seo duit an carr agus an leoraí.

Thar aon ní eile, ba chóir don mhúinteoir luathbhlianta a léiriú go bhfuil spéis aici sna páistí, gur mhaith léi a bheith in éineacht leo agus gur bhreá léi éisteacht leo agus labhairt leo. Is iarracht atá i gcomhrá mar seo le seans a thabhairt do pháistí an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha agus iad ag imirt le gnáth-threalamh sa naíonra. Tá an bhéim ar an ngníomh, imirt le gaineamh sa chás thuas, agus ar chumarsáid idirghníomhach. Tugann an múinteoir luathbhlianta an méid cabhrach atá oiriúnach don staid fhorbartha atá ag an bpáiste. Ag an tús, taispeánann sí na bréagáin, srl. don pháiste agus cuireann sí focail leis an méid a chuireann sé in iúl. Úsáideann sí foclóir atá oiriúnach agus simplí. Ansin spreagann sí é chun píosa beag cainte a dhéanamh agus tugann sí nod dó más gá. Úsáideann sí comharthaí aghaidhe agus láimhe, aisteoireacht agus bealaí eile chun aird an pháiste a fháil agus a dhíriú.  Ag deireadh na bliana, cuireann sí fad leis an gcomhrá trí bhréagáin eile a lua. Sa mhéid seo, tá tacaíocht agus spás chun cainte á thabhairt don pháiste. Glaoitear scafall foghlama ar an modh seo, tugtar tacaíocht de réir mar atá sé ag teastáil agus laghdaítear an tacaíocht nuair atá an méid sin foghlamtha ag an bpáiste (Aistear CNCM 2009, 10). Ansin bogtar an tacaíocht go dtí an chéad rud eile atá le foghlaim (McNaughton and Williams 2009).

Deir Weitzman & Greenberg (2002) agus Mhic Mhathúna (2012) go gcabhraíonn comhrá agus caidreamh mar seo le páistí teanga a shealbhú, (bíodh sé mar an chéad nó an dara teanga):

  • Féachaint go ceanúil ar an bpáiste agus tú ag labhairt leis/léi
  • Labhairt go réasúnta mall agus gan an iomarca ceisteanna a chur as a chéile
  • Béim a chur ar na focail thábhachtacha agus iad a athrá cúpla uair
  • Cabhraíonn ceisteanna cuí leis na bpáiste a aird a dhíriú agus tugtar seans dó freagra a thabhairt.
  • Ceisteanna a chur ar féidir leis na glantosaitheoirí a fhreagairt agus ceisteanna níos oscailte a chur ar na páistí le Gaeilge
  • Spás a fhágáil do na páistí le páirt a ghlacadh sa chomhrá (ina rogha teanga)
  • Leanúint leis an gcomhrá agus éisteacht leis an méid atá á rá ag an bpáiste, bíodh sé as Béarla nó as Gaeilge, agus leanúint ar aghaidh leis an gcomhrá as Gaeilge.

Is deis iontach iad na comhráite dátheangacha seo chun caidreamh measúil, spreagúil a bhunú leo, chun spéis agus cion an mhúinteora luathbhlianta a léiriú agus chun deis foghlama Gaeilge a chur ar fáil. De réir a chéile tosóidh siad ag freagairt an mhúinteora luathbhlianta as Gaeilge cé go n-úsáideann siad an chéad teanga i measc na bpáistí eile sa naíonra. Cabhróidh na deiseanna seo go mór le páistí chun leanúint ar aghaidh leis an bhforbairt teanga agus le forbairt tuiscintí eile luath-óige.

Timpeallacht teanga an naíonra

Tá an-tábhacht ag baint le timpeallacht teanga Ghaelach agus dea-fhoghlama a chothú sa naíonra, idir an obair leis an páistí agus riar agus bainistiú an naíonra. Aithníonn Aistear (CNCM 2009: 13) agus Caighdeán 2, Síolta (LFOLÓ 2006: 19) go dtéann an timpeallacht foghlama i bhfeidhm ar na nithe a fhoghlaimíonn leanaí agus ar an gcaoi a fhoghlaimíonn siad iad.  I gcás na naíonraí, táthar ag iarraidh gur ionad le Gaeilge í an naíonra an oiread agus is féidir. 

Aithnítear i measc na gcleachtas is éifeachtaí chun an timpeallacht teanga a threisiú sa naíonra ná go mbeadh:

Polasaí Gaeilge ag an naíonra:

Ag cothú an chaighdeáin Ghaeilge is airde i measc na foirne, go mbeadh gníomhaíochtaí uile sa naíonra á gcur ar fáil trí Ghaeilge agus go mbeadh turais, cuairteoirí agus ócáidí sa naíonra trí Ghaeilge. Tá gá le comhaontú foirne maidir le cur chuige an tumoideachais agus na polasaithe agus nósanna imeachta a leanann é chun cleachtas a threorú agus a mhúnlú (Caighdeán 10, Síolta LFOLÓ 2006: 77). Labhrófar leis na tuismitheoirí as Gaeilge an oiread agus is féidir agus cuirfear bileoga abhaile leis na páistí le focail agus frásaí iomchuí, mar shampla focail na n-amhrán.

Riar agus bainistiú an naíonra:

Go mbeadh an obair riaracháin agus bainistiú á déanamh trí Ghaeilge agus go mbeadh an leagan Gaeilge de na cáipéisí cuí in úsáid. Mura bhfuil leagan Gaeilge ar fáil, ba chóir é sin a chur in iúl don roinn rialtais chuí nó do Gaeloideachas.

Coiste an naíonra:

Ba chóir na cruinnithe coiste a reáchtáil trí Ghaeilge chomh fada agus is féidir.

Ábhair as Gaeilge le feiceáil:

Tá neart póstaer agus áiseanna teanga ar fáil le crochadh sa seomra agus an-chuid leabhar tharraingteacha Ghaeilge foilsithe do pháistí. Tá dlúthdhioscaí de cheol agus amhráin atá oiriúnach do pháistí chomh maith.

Pleanáil:

Go mbeadh plean cuí forbartha ag an naíonra maidir leis na spriocanna teanga agus oideachas luath-óige do na páistí.

Nasc leis an mbunscoil áitiúil lán-Ghaeilge:

Má tá an naíonra suite gar do bhunscoil lán-Ghaeilge, tá sé inmholta go mbeadh nasc idir an dá áit le leanúnachas idir an dá shuíomh a chur chun cinn agus an clár aistrithe a éascú do na páistí.

Measúnú:

Ní mór don mhúinteoir luathbhlianta measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na bpáistí sa Ghaeilge ar bhonn rialta agus athbhreithniú a dhéanamh ar a cuid pleananna ansin de réir chuspóirí an naíonra.

Suimiú

Leanann an páiste céimeanna sealbhaithe áirithe ar a bhealach féin chun an dara teanga a shealbhú. Tá cur chuige agus straitéisí áirithe an-tábhachtach maidir leis an luath-thumoideachas chun cabhrú leis na páistí an Ghaeilge a shealbhú i dtimpeallacht uilíoch, spreagúil.  Tá an-chuid gnéithe ag imoibriú ar a chéile sa phróiseas seo, ról an mhúinteora luathbhlianta, ról na dtuismitheoirí, ionchur ó na páistí, pleanáil teanga agus caidreamh idir na daoine go léir i gcomhluadar an naíonra.