1: Tumoideachas sa naíonra

Réamhrá
Pléifear scéal na naíonraí sa chaibidil seo, ag dul siar go dtí bunú na naíonraí in 1968, faoi thionchar na gluaiseachta naíonraí Breatnaise sa Bhreatain Bheag. Cur chuige de shaghas áirithe atá i bhfeidhm sna naíonraí in Éirinn agus tabharfar gearrchuntas ar na saintréithe a bhaineann leis an tumoideachas go hidirnáisiúnta. Pléifear conas bunphrionsabail an tumoideachais a chur i bhfeidhm sa naíonra agus an tábhacht a bhaineann le timpeallacht spreagúil teanga agus le tacaíocht ón teaghlach agus ón bpobal.
Fás na naíonraí
Dar le suirbhé Phobal 2017-2018 (Pobal 2017: 42), bhí 6% de réamhscoileanna sa 26 contae, 200 naíonra, ag feidhmiú mar naíonraí Gaelacha lasmuigh den Ghaeltacht (Pobal.ie) in 2018. Bunaíodh an chéad naíonra in Éirinn in 1968, de bharr tionchair ghluaiseachta den chineál céanna sa Bhreatain Bheag (Mhic Mhathúna agus Mac Con Iomaire 2013). Bhí daoine a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge buartha faoi staid na Gaeilge sa chóras oideachais agus chuir siad an-spéis sa ghluaiseacht nua seo a chothaigh sealbhú teanga i measc páistí óga.
Bhunaigh muintir na Breataine Bige grúpaí súgartha a bhí ag feidhmiú trí Bhreatnais i lár na 1960idí chun deis a thabhairt do pháistí óga an Bhreatnais a shealbhú. Ghlac ceannródaithe na naíonraí in Éirinn leis an bunsmaoineamh seo agus rinne siad a gcuid taighde ar na bealaí ab fhearr le sealbhú na Gaeilge a chur chun cinn ar bhealach a bhí oiriúnach do pháistí óga. Ghlac siad cur chuige an luath-thumoideachais chucu agus an fhoghlaim trí shúgradh. Thuig siad go mbíonn páistí óga ag foghlaim trí ghníomhaíocht, trí rudaí a roghnú agus a dhéanamh iad féin agus trí thuiscint a fháil ar an gcaint a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo.
Thar aon ní eile, thuig siad an tábhacht a bhain le caidreamh tacúil, spreagúil agus grámhar a bheith idir na daoine fásta agus na páistí sa suíomh réamhscoile.
Tumoideachas ar fud an domhain
Tá córais éagsúla tumoideachais i bhfeidhm i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, an Bhreatain Bheag, an Chatalóin, an Nua-Shéalainn, Ceanada, Éire agus Tír na mBascach ina measc (Hickey, 2013).
Baineann tréithe comónta lena bhformhór, dar le Swain agus Johnson (1997):
- Teanga: Déantar gnó iomlán an naíonra nó na scoile, idir an obair le páistí, agus an caidreamh le múinteoirí luathbhlianta nó leis na múinteoirí eile trí sprioctheanga amháin.
- Curaclam: Bíonn an curaclam céanna i bhfeidhm sa naíonra nó sa scoil agus a bhíonn i réamhscoileanna/scoileanna eile sa tír.
- Timpeallacht teanga: Bíonn an teagmháil leis an sprioctheanga ag brath roinnt mhaith ar an naíonra nó ar an scoil is é sin go mbíonn baint theoranta go maith ag na páistí leis an teanga lasmuigh den naíonra nó den scoil.
- Leibhéal teanga: De ghnáth is glantosaitheoirí ar an sprioctheanga iad na páistí, cé go mbíonn líon áirithe páistí atá á dtógáil leis an teanga sin ag freastal ar an naíonra nó ar an scoil.
- Dátheangachas: Tuigeann an múinteoir luathbhlianta teanga dhúchais fhormhór na bpáistí, an Béarla i gcás na naíonraí.
Cad is brí le luath-thumoideachas sa naíonra?
Ag féachaint ar na pointí thuas, is féidir linn iad a chur in oiriúint don naíonra:
- Teanga: Labhraíonn na múinteoirí luathbhlianta as Gaeilge leis na páistí agus eatarthu féin chomh maith an t-am ar fad. Déantar iarracht chomh maith an oiread agus is féidir den chaidreamh le tuismitheoirí a dhéanamh trí Ghaeilge. Bíonn an naíonra mar ionad le Gaeilge, áit a labhraíonn gach aon duine le chéile as Gaeilge.
- Curaclam: Beidh prionsabail Aistear, creatchuraclam na Luath-Óige agus Síolta, An Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’ Oideachas na Luath-Óige i gceist sa naíonra ach le béim faoi leith ar chúrsaí teanga agus cultúir.
- Timpeallacht teanga: Beidh an phríomhtheagmháil leis an nGaeilge laistigh den naíonra ag formhór na bpáistí ach tá sé an-tábhachtach labhairt na Gaeilge sa bhaile a chothú agus deiseanna a aimsiú chun teagmháil a bheith ann leis an nGaeilge ar bhealaí eile, mar shampla, bualadh le príomhoide agus múinteoirí sa Ghaelscoil áitiúil más ann dó, le daoine eile le Gaeilge sa cheantar, le ceoltóirí agus le hamhránaithe.
- Leibhéal teanga: Is gá freastal ar riachtanais teanga gach páiste, páistí ata ag tosú ar an nGaeilge agus páistí a bhfuil Gaeilge acu cheana féin.
- Dátheangachas: Tuigfidh na múinteoirí luathbhlianta na páistí nuair a labhraíonn siad as Béarla. Mar sin, tuigfidh siad cad atá na páistí ag iarraidh a rá agus aistreoidh siad na habairtí sin go Gaeilge, ag labhairt ó bhéal an pháiste:
Páiste: I want to play with the water.
Múinteoir luathbhlianta: Ba mhaith liom imirt leis an uisce.
Mar shuimiú, cuirtear saghas áirithe tumoideachais, luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge, i bhfeidhm sa naíonra, agus béim ar chumarsáid ar iliomad bealaí trí Ghaeilge.
Pobal an naíonra
Tá ról an-tábhachtach ag gach aon duine a bhaineann leis an naíonra:
- Na múinteoirí luathbhlianta
- Na páistí atá ag tosú ar an nGaeilge
- Na páistí a bhfuil Gaeilge acu cheana féin
- Na tuismitheoirí[1]
- An pobal Gaelach áitiúil agus lasmuigh
Na múinteoirí luathbhlianta
Dar le Síolta (LFOLÓ 2006, 8), tá rí-thábhacht ag baint le cumais, cáilíochtaí, meon agus taithí daoine fásta atá ag obair i suíomh luath-óige agus lena gcumas machnamh a dhéanamh ar a ról. Ba chóir go mbeadh scileanna, eolas, luachana agus meon ag múinteoirí luathbhlianta atá in oiriúint dá ról (Caighdeán 11, Síolta LFOLÓ 2006: 83). Is gá cuimhneamh gurb í an múinteoir luathbhlianta an phríomhfhoinse Ghaeilge d’fhormhór na bpáistí. Beidh na páistí ag brath uirthi siúd chun eispéireas maith réamhscoile a chur ar fáil trí mheán an Gaeilge. Beidh sí freagrach as gach rud a bhaineann leis an naíonra, an clár teanga agus luath-oideachais agus riar iomlán an naíonra. Is í an múinteoir luathbhlianta a eagraíonn gníomhaíochtaí atá suimiúil, spreagúil, taitneamhach agus oiriúnach d’aois agus do chumas na bpáistí sa naíonra (Hickey, 1999: 97). Teastaíonn bainistíocht agus pleanáil éifeachtach chun deiseanna fiúntacha a chur ar fáil do na páistí leis an sprioctheanga a úsáid le páistí eile agus leis an múinteoir luathbhlianta féin (Hickey & de Mejia, 2014).
Maidir leis an nGaeilge, caithfidh caighdeán ard Gaeilge a bheith ag an múinteoir luathbhlianta, idir líofacht, chruinneas agus fhoghraíocht. Ba chóir go dtuigfeadh sí conas mar a shealbhaíonn páistí an dara teanga agus a cuid oibre a phleanáil dá réir. Tá gá le teanga nádúrtha a oireann do shuíomh an naíonra agus don pháiste. Molann agus spreagann an múinteoir luathbhlianta iarrachtaí an pháiste atá ag sealbhú na dara teanga. Ba chóir di cur lena cumas sa Ghaeilge trí theagmháil le pobal na Gaeilge agus Gaeltachta agus trí bheith ag cur lena cruinneas sa teanga, idir Ghaeilge labhartha agus scríofa. Ba chóir di Leibhéal B2 a bhaint amach ar chóras Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Is féidir eolas a fháil faoin gcóras TEG ó Gaeloideachas nó ag http://www.teg.ie/
Tá cúrsaí Gaeilge ar líne ar fáil a oireann don réim teanga atá oiriúnach don naíonra ar www.irishforparents.ie.
Na páistí atá ag tosú ar an nGaeilge
Is deis iontach é do pháistí seans a bheith acu an Ghaeilge a shealbhú sa naíonra ach is gá a choimeád in aigne i gcónaí gur gá dóibh iarracht mhór a dhéanamh chun an Ghaeilge a thuiscint agus a labhairt. D’fhormhór na bpáistí atá ag freastal ar naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht, is í seo an chéad teagmháil fhoirmiúil a bhíonn acu leis an teanga agus leis an gcóras oideachais agus cúram lasmuigh den teaghlach. Cuireann sé seo tábhacht bhreise leis an gcaidreamh idir an múinteoir luathbhlianta, na páistí agus na tuismitheoirí. Má thuigeann na páistí go bhfuil na daoine seo ag iarraidh cabhrú leo an Ghaeilge a shealbhú agus má mholtar iad as an hiarrachtaí a dhéanann siad, beidh rath ar an obair.
Na páistí a bhfuil Gaeilge acu cheana féin
Beidh líon beag páistí a bhfuil roinnt Ghaeilge acu cheana féin nó páistí atá á dtógáil le Gaeilge ag freastal ar naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Tugann an córas tumoideachais deis do chainteoirí dúchais tógáil ar an stór Gaeilge atá acu cheana féin agus í a shaibhriú. Tugann an timpeallacht lán-Ghaeilge sa seomra ranga agus taobh amuigh de tacaíocht laethúil d’úsáid na Gaeilge sa bhaile. Cabhraíonn sé seo le páistí a thuiscint go labhraítear an Ghaeilge níos forleithne ná ina dteaghlaigh féin amháin. Tá sé tábhachtach cabhrú leis na páistí seo a gcuid Gaeilge féin a fhorbairt trí chaint níos saibhre agus níos dúshlánaí a dhéanamh leo agus gan iad a úsáid mar shamplaí do na foghlaimeoirí amháin.
Na tuismitheoirí
Is iad na tuismitheoirí na daoine is tábhachtaí i saol an pháiste (Aistear CNCM 2009: 9). “Tá sé riachtanach go mbeadh caidreamh macánta, ionraic, urramach ann leis na tuismitheoirí má táthar chun leas an pháiste a chur chun cinn”, dar le prionsabail Síolta (LFOLÓ 2006: 6) agus go mbeadh cur chuige gníomhach comhpháirtíochta ann (LFOLÓ 2006: 31). Tá ról an-tábhachtach ag tuismitheoirí maidir le tacaíocht ghníomhach a thabhairt don phróiseas sealbhaithe teanga, do luathoideachas an pháiste, agus d’fhorbairt an mhúnla tumoideachais i gcoitinne (Hickey, 1999: 96; Stephen et al., 2016: 111). Ní mór don naíonra deiseanna comhoibrithe a thapú leo ar bhonn rialta. Roghnaíonn tuismitheoirí naíonra dá bpáistí thar saghsanna eile réamhscoile agus léiríonn sé seo an dearcadh dearfach atá acu i leith na Gaeilge agus an tumoideachais.
Cuireann an múinteoir luathbhlianta tacaíocht ar fáil do na tuismitheoirí ionas gur féidir leo siúd tacú leis an bpáiste. Mar shampla, is nós é le roinnt naíonraí bileog leis na focail agus frásaí atá in úsáid sa naíonra ag am faoi leith a chur abhaile, nó na focail ó na rainn agus amhráin. Tugann naíonraí eile na leabhair atá á léamh sa naíonra ar iasacht le tabhairt abhaile. Cabhróidh siad seo leis na tuismitheoirí a thuiscint cad atá ar siúl sa naíonra agus cad atá á rá ag na páistí.
Eagraíonn roinnt naíonraí cruinniú eolais roimh thús na bliana, ina míníonn siad an cur chuige atá i gceist maidir leis an tumoideachas, na polasaithe teanga agus oideachais luath-óige atá in úsáid acu agus an saghas tacaíochta atá ag teastáil uathu. Tugann siad leabhrán eolais do na tuismitheoirí agus míníonn siad an próiseas sealbhaithe teanga a bhfuiltear ag súil leis. Bíonn siad in ann na ceisteanna ag na tuismitheoirí a phlé.
B’fhiú go mór don naíonra na tuismitheoirí a threorú chuig na hacmhainní éagsúla atá ar fáil (aipeanna, cláir theilifíse, dlúthdhioscaí, físeáin, leabhair, suíomhanna idirlín) agus an bealach is fearr le leas a bhaint astu sa bhaile a mhíniú (Hickey, 1999: 105). Má tá an Ghaeilge in úsáid sa bhaile, ar an teilifís, an raidió, i leabhair, tuigeann an páiste go bhfuil úsáid fhorleathan ann don teanga agus go bhfuil stádas ard aici.
Is é seo a leanas cúpla rud eile a chabhraíonn leis an bpróiseas tacaíochta:
- Úsáid Gaeilge leis na tuismitheoirí chomh fada agus is féidir sa naíonra gach lá, mar shampla ag beannú dóibh, ag fágáil slán, srl.
- B’fhiú na tuismitheoirí a spreagadh le pé Gaeilge atá acu a úsáid lena bpáistí i dtimpeallacht an naíonra.
- Is féidir leis na tuismitheoirí deiseanna a chur ar fáil don pháiste an dara teanga a úsáid taobh amuigh den naíonra, mar shampla trí chuireadh a thabhairt do pháistí ón naíonra teacht ar cuairt sa teach.
- Tá leabhair, cláir theilifíse agus áiseanna eile ar fáil a thabharfadh tacaíocht don phróiseas sealbhaithe sa bhaile. Féach litriocht.com, www.cic.ie agus An Siopa Leabhar, Sr. Fhearchair (Harcourt St.), Baile Átha Cliath 2 agus siopaí eile.
- Eolas a scaipeadh faoi ranganna Ghaeilge agus ciorcail chomhrá sa cheantair.
An pobal Gaelach áitiúil
B’fhiú teagmháil a dhéanamh leis an nGaelscoil áitiúil, más ann dó, chun leanúnachas idir an dá shuíomh a chothú (Caighdeán 14, Síolta: 93) agus chun an próiseas aistrithe ón naíonra go dtí an Ghaelscoil a éascú do na páistí. Féach An Traein (Mhic Mhathúna 2011) chun an t-aistriú seo a phlé níos mine.
Is minic go mbíonn áthas ar dhaoine le Gaeilge sa cheantar teacht ar cuairt chuig an naíonra agus labhairt leis na páistí agus iad ag imirt. Ní gá go mbeidís ag labhairt leis an ngrúpa ar fad le chéile ach b’fhéidir go mbeadh spéis ag daoine áirithe a bhfuil scil faoi leith acu amhrán a chanadh, rann a aithris, ceol a sheinm nó scéal a insint. Is gá go mbeadh imréiteach (grinnfhiosrúchán) na nGardaí (Garda vetting) ag gach cuairteoir den chineál seo.
[1] Úsáidtear an téarma ‘tuismitheoir’ sa treoirleabhar seo le tagairt a dhéanamh do thuismitheoirí, caomhnóirí agus gach aon duine a fheidhmíonn ‘in loco parentis’.
Buntáistí an dátheangachais do pháistí naíonra
Baineann buntáistí áirithe leis an dátheangachas, le dhá theanga a shealbhú ag aois óg, dar le Baker agus Wright, (2017). Braitheann na buntáistí seo ar leibhéal chumais na bpáistí sa dá theanga ach mar sin féin is féidir a rá:
- Go dtuigeann páistí naíonra go bhfuil dhá theanga ann agus gur féidir cumarsáid a dhéanamh sa dá theanga. Deir siad “What’s the Irish for X?” uaireanta, rud a léiríonn an tuiscint go bhfuil an dá theanga ann.
- Go n-éiríonn le páistí a fhoghlaimíonn dhá theanga agus iad óg fuaimniú na dteangacha a shealbhú go paiteanta má chloiseann siad cainteoirí líofa, foirfe.
- Go dtugtar tosach maith dóibh i sealbhú na Gaeilge, rud a chabhraíonn leo nuair a thosaíonn siad ar an mbunscoil nó ar an nGaelscoil.
- Go gcuirtear deiseanna ar fáil do chainteoirí dúchais an raon teanga a leathnú agus an leibhéal cainte atá acu a shaibhriú.
- Go dtugtar blaiseadh domhain dóibh i gceol, in amhránaíocht agus i gcultúr na Gaeilge sa naíonra.
Nuair a bheidh inniúlacht níos forbartha acu sa teanga, beidh buntáistí breise cognaíocha agus acadúla á bhforbairt, mar seo a leanas:
- Beidh sé níos éasca don pháiste teangacha eile a fhoghlaim, mar shampla Fraincis, Spáinnis nó Gearmáinis.
- Aithneoidh agus tuigeann an páiste go ngabhann cultúr leis an teanga agus cabhraíonn sé seo le féiniúlacht an pháiste a fhorbairt.
- Is féidir le páistí dátheangacha an teanga chuí a labhairt le daoine a labhraíonn ceann amháin den dá theanga, i.e. tuigeann siad gur fearr leis an múinteoir luathbhlianta go labhrófaí Gaeilge léi.
- Is féidir le páistí áirithe dátheangacha machnamh a dhéanamh ar bhonn níos leithne ná páistí aonteangacha, is é sin gur féidir leo smaoineamh iltreoch a dhéanamh.
- Tugann siad an teanga féin faoi deara, is é sin go dtugann siad struchtúr, brí agus foclóir na dteangacha faoi deara.
- Amach anseo, tá seans ann gur cabhair dóibh Gaeilge líofa a bheith acu i gcomhar post.
Suimiú
Tá fás leanúnach ar líon na naíonraí ó bunaíodh iad siar sna 1960idí. Tá saghas áirithe tumoideachais i bhfeidhm sna naíonraí, luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge. Tugann an tumoideachas deis don pháiste an Ghaeilge a shealbhú mar mheán cumarsáide go nádúrtha sa naíonra. Tá ról an-tábhachtach ag na múinteoirí luathbhlianta, na páistí, na tuismitheoirí/caomhnóirí agus an pobal Gaelach i gcothú na Gaeilge do na páistí. Tá buntáistí áirithe ag baint leis an dátheangachas do pháistí naíonra agus iad ag tosú ar a n-aistear teanga.
Caibidil i bhfoirm PDF le híoslódáil
- Caibidil 1 Tumoideachas sa naíonra
- Caibidil 2 Sealbhú agus foghlaim teanga
- Caibidil 3 Súgradh
- Caibidil 4 Pleanáil le haghaidh foghlaim agus forbairt teanga
- Caibidil 5 An Ghaeilge agus Aistear agus Síolta
- Tagairtí
- Teimpléad de Thaifead Foghlama
- Teimpléad le haghaidh pleanáil mheántréimhseach
- Teimpléad pleanála gearrthéarmaí curaclaim