An mbeidh rang uathachais nua ag oscailt i do scoil an bhliain seo chugainn?

May 23, 2023

Beidh a lán ranganna nua uathachais ag oscailt i scoileanna lán-Ghaeilge i mí Mheán Fómhair. Tá a lán tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil ó Gaeloideachas agus eagraíochtaí eile chun cabhrú libh ar an aistear seo. Seo blaiseadh beag de roinnt acmhainní úsáideacha atá ar fáil.

Tacaíochtaí agus Acmhainní ó Gaeloideachas

Rannóg eolais agus bailiúchán acmhainní ar shuíomh Gaeloideachas dírithe ar an uathachas

Bunú agus buanú ranganna speisialta

Físeán ó Bláthú 2022, Comhdháil Gaeloideachas ar riachtanais speisialta oideachais, dírithe ar bhunú agus bhuanú ranganna speisialta:

Bunleibhéal

Iar-bhunleibhéal

Seisiún eolais do thuismitheoirí páistí uathacha

Ceardlann phraiticúil do thuismitheoirí atá ar fáil ar chainéal YouTube Gaeloideachas le leideanna ar chonas tacú le páistí agus daoine óga uathacha sa gcóras lán-Ghaeilge.   

Nuachtlitir Gaeloideachas ar riachtanais speisialta oideachais

Tá an nuachtlitir seo dírithe ar an trí leibhéal agus foilsítear i nGaeilge í uair in aghaidh an téarma go hiondúil. Roinntear eolas úsáideach agus acmhainní praiticiúla ann, mar aon le taighde ar riachtanais speisialta oideachais agus an dátheangachas. Is féidir clárú ag bun an leathanaigh seo.

Acmhainní praiticiúla do pháistí agus dhaoine óga uathacha

Tá os cionn 60 acmhainn aistrithe go Gaeilge ag Gaeloideachas i bpáirt le AsIAm agus Middletown Centre for Autism ar fáil ag an nasc seo.

Is féidir iad a úsáid sa bhaile, sa naíonra nó ar scoil. Ina measc, tá póstaeir, pasanna cumarsáide, cluichí, seicliostaí éagsúla, acmhainní amhairc agus go leor eile.

Seo sampla de na cineálacha acmhainní atá ann:

Seo roinnt acmhainní a bhféadfaí a úsáid chun cabhrú leis an aistriú chuig an scoil nó mar acmhainn le mothúcháin a bhaineann le tús na scoilbhliana nó leis an scoil i gcoitinne a phlé.

Seinnliosta YouTube ar riachtanais speisialta oideachais

seinnliosta YouTube ag Gaeloideachas atá dírithe go sonrach ar riachtanais speisialta oideachais. I measc an ábhair atá ann, faightear ceardlanna, físeáin eolais, seimineáir, ócáidí do thuismitheoirí agus mhúinteoirí, agus a lán rudaí eile.

Podchraoladh a forbraíodh le Middletown Centre for Autism  

Sa bpodchraoladh seo, pléann na múinteoirí Elaine, Aisling, Máire agus Éabha a dtaithí ar pháistí uathacha a mhúineadh sa gcóras lán-Ghaeilge le Dáithí Murray. Roinneann an painéal roinnt de na buntáistí a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta do pháistí agus daoine óga uathacha, mar aon le cúpla leid agus comhairle bhreise do chomhghleacaithe eile atá ag obair sa gcóras. Tugtar léargas ar roinnt de na saincheisteanna faoi leith a bhaineann leo siúd atá ag obair san earnáil chun tacaíocht a thabhairt do dhaltaí agus scoláirí uathacha barr a gcumais amach.

Éist leis anseo.

Ag Tacú le do Pháiste: Oideachas lán-Ghaeilge agus Riachtanais Speisialta Oideachais

Seo leabhrán beag eolais do thuismitheoirí ar riachtanais speisialta oideachais a d’fhorbair Gaeloideachas i bpáirt leis an NCSE. 

Tá cóipeanna crua ar fáil do scoileanna a bhfuil ballraíocht acu le Gaeloideachas. Is féidir le tuismitheoirí cinn a ordú ag am ar bith freisin.   

Foirm ordaithe (ag bun an leathanaigh)  

Rannóg eolais faoi leith dírithe ar Riachtanais Speisialta Oideachais 

Rannóg eolais ar shuíomh Gaeoideachas atá dírithe ar riachtanais speisialta oideachais. 

Albam Grianghraf ar Flickr

Tá albam grianghraf curtha le chéile ag Gaeloideachas a léiríonn ranganna uathachais, seomraí agus spásanna céadfaí i scoileanna éagsúla timpeall na tíre. Tá súil againn go mbeidh an t-albam úsáideach do scoileanna eile, go háirithe scoileanna atá ag iarraidh rang nua uathachais nó spás céadfaí a bhunú agus a chóiriú nó scoil atá ag iarraidh athbhreithniú a dhéanamh ar an leagan amach atá ar a rang féin nó trealamh nua a fháil.

Seo albam Flickr leis na grianghraif ar fad atá againn go dáta. Ár mbuíochas mór leis na príomhoidí agus múinteoirí uilig a roinnt iad ar fad linn. Má tá éinne sásta breis grianghraf a chur ar fáil, is féidir rphost a chur chuig ciara@gaeloideachas.ie

Rannóg eolais faoi leith dírithe ar an disléicse

Rannóg eolais ar shuíomh Gaeloideachas atá dírithe ar dhisléicse. 

Daltaí a bhfuil Disléicse orthu i Scoil lán-Ghaeilge: Comhairle do Thuismitheoirí

Seo leabhrán beag eolais do thuismitheoirí ar dhisléicse a d’fhorbair Gaeloideachas i bpáirt le Cumann Disléicse na hÉireann. Tá leagan Béarla agus Gaeilge ar fáil:

Tá cóipeanna crua ar fáil do scoileanna a bhfuil ballraíocht acu le Gaeloideachas. Is féidir le tuismitheoirí cinn a ordú ag am ar bith freisin. 

Tacaíochtaí agus Acmhainní ó Eagraíochtaí Eile

Padlet ón NCSE

Tá Padlet forbartha ag an NCSE agus na hacmhainní Gaeilge ar fad bailithe ann le chéile. Tá obair forbartha idir lámha ar an suíomh féin agus beidh siad ag cur leis na hacmhainní Gaeilge ann sa tréimhse romhainn. 

An Tairseach

An bhfuil Tairseach COGG feicthe agat? Tá sé lán le hacmhainní úsáideacha do gach ábhar agus tá rannóg faoi leith ann dírithe ar riachtanais speisialta oideachais. 

Treoir i dtaobh téarmaíochta ón Údarás Náisiúnta Míchumais

Tá páipéar comhairle an-úsáideach ar fáil ó ÚNM/NDA maidir le teanga agus téarmaíocht míchumais. Tá comhairle ann maidir leis na téarmaí is fearr le húsáid i gcásanna áirithe, teanga le seachaint, agus eolas úsáideach eile. 

CCEA 

Tá rannóg ag CCEA a dhíríonn ar na sainriachtanais ar fáil ag an nasc thuas.