Cnuasach dánta beaga do leanaí nasctha leis an Nollaig.
Roinnt de na hamhráin seo ar fáil ar ár seinnliosta seo ar Youtube agus tá a lán smaointe do cheachtanna ar fáil ar ár leathanach d’áiseanna don Nollaig.
Máinséar Beag 👼
Máinséar beag,
babaí ina luí,
sin é Íosa,
mo chomrádaí.
Tháinig Daidí na Nollag 🎅🎁
Tháinig Daidí na Nollag.
Ní fhaca mise é.
Fuair mé a lán bréagán.
Hip-hip-huré!
An Spideog ❤️
Chonaic mise spideog,
ar chúl an tí inné.
Bhí ocras ar an éinín,
mar bhí sioc istigh sa chré.
Thug mé píosa aráin di,
deoch uisce agus min.
Bhí áthas ar an spideog,
agus chan sí port bog binn.
Calóga Sneachta ❄️🌨️❄️
Calóga sneachta ag titim, ag titim, ag titim,
calóga sneachta ag titim, ag titim as an spéir.
Brat bog bán ar an talamh, an talamh, an talamh,
brat bog bán ar an talamh, nach deas an brat bog é?
Calóga sneachta ag titim, ag titim, ag titim,
calóga sneachta ag titim, ag titim as an spéir.
Fear Mór Sneachta ☃️
Tá srón deas dearg orm,
hata ar mo cheann,
tá píopa i mo bhéal,
ach níl tabac ar bith ann.
Tá scaif ar mo mhuineál,
scuab i mo lámh chlé.
An bhfuil a fhios agat cé mise?
Is fear mór sneachta mé!
Fear Beag Ramhar 🎅
Fear beag ramhar,
féasóg bhán,
cóta dearg,
mála lán.
Réinfhia rua,
sleamhnán beag,
cling, cling, cling,
sin an clog.
Tá Daidí Na Nollag Ann 🎅
Féach Daidí na Nollag.
Sin é, sin é.
Aon cheann amháin,
Dhá chois fé.
Cóta dearg air.
Hata bán.
Bréagáin dheasa
Agus mála lán.
Cuairt Ar Shan Nicolás 🎅
Chroith mé lámh leis,
shuigh mé ar a ghlúin.
D’inis mé m’ainm dó,
agus lig mé mo rún.
D’éist sé go geanúil,
is nuair a sméid sé a cheann,
bhí a fhios agam go cinnte
go mbeadh bronntanas deas ann.
Daidí Na Nollag Ag Teacht 🎅🧦
Tá an Nollaig buailte linn,
tá áthas san aer.
Tá sneachta ar an talamh,
tá réaltaí sa spéir.
Táimid ag dul a chodladh,
is tá ár stocaí réidh.
Tá Daidí na Nollag ag teacht
anuas an simléar.
San Nicolás 🎅
San Nicolás, San Nicolás,
thuas ar an teach.
Déan deifir, déan deifir,
déan deifir isteach.
Oscail do mhála,
do mhála mór lán,
is líon suas mo stoca,
le cúpla bréagán.
Dán Nollag 👼
I stábla i mBeithil
Mainséar sínte
Bhí leanbh aoibhinn
Cuachta in eadaí bána
Gan teas, gan dídean
Ó fhuacht na hoíche ann
Ach anáil caora
Asal is dámh
Rí na Ríthe
(A) bhí sa mainséar sínte
Muire na hóighe
B’í a mháthair
Beannacht na díse
Ar do theach agus daoine
Nollaig aoibhinn agat
Séan is áthas.
le Maitiú Ó Maoláin, Árainn
