Gaeilge do Thuismitheoirí

An bhfuil do pháiste ag freastal ar naíonrqa nó scoil lán-Ghaeilge? An bhfuil tú féin ag freastal ar rang Gaeilge? Rang Gaeilge i scoil do pháiste, b’fhéidir, nó rang Gaeilge sa phobal?

Má tá, b’fhéidir go bhfuil do mhúinteoir ag baint úsáide as ábhar ranga ón suíomh www.irishforparents.ie – suíomh forbartha ag Gaeloideachas ar a bhfuil ábhar ranga atá dírithe ar na riachtanais teanga atá ag tuismitheoirí a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht.

Má tá tú ag trabhairt faoi ranganna nó fiú mura bhfuil, féadfaidh tú féachaint ar na bileoga ranga, féachaint arís ar físeáin, úsáid a bhaint as na téipscripteanna agus féachaint ar liostaí stór focal ceangailte leis na topaicí.

Tabhair cuairt ar www.irishforparents.ie

Irish for Parents Flyer

Irish for Parents Page 2 Irish for Parents Page 1