Seastáin agus Urraíocht
Tá ríméad ar Gaeloideachas a fhógairt go mbeidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2025 ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, ar an 21 Samhain.
Mar a bhíonn gach bliain beidh Taispéantas Seastán agus Urraitheoirí ina gcuid thábhachtach den Tionól Forbartha. Is deis iontach í seo chun tairgí agus seirbhísí d’eagraíocht t a chur os comhair phríomhoidí, mhúinteoirí, thaighdeoirí agus baill eile den earnáil oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Déanann thart ar 400 duine freastal ar an Tionól go hiondúil.
I mbliana, tá spás againn do 40 seastán, chomh maith le raon deiseanna urraíochta. Beidh an 40 seastán le chéile sa Svuít Kiltegan. Le linn shos na maidine agus an tráthnóna, beidh an tae agus caifé á chur ar fáil sa Svuít seo agus beidh lón ar fáil do na toscairí ann chomh maith. Spreagfar toscairí chun cuairt a thabhairt ar na seastáin le linn am clárúcháin ar maidin, sosanna tae/caifé agus i rith am lóin.
Léigh na téarmaí agus na coinníollacha thíos le do thoil roimh iarratas a dhéanamh. Déanfar seastáin agus deiseanna urraíochta, atá teoranta, a leithdháileadh ar bhonn tús freastail. Is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd an bhfoirm ag bun an leathanaigh seo a chomhlánú. Tá fáilte mhór romhat cur isteach ar sheastán agus urraíocht a dhéanamh ar an imeacht más mian leat. Tabharfar lascaine de €100 ar chostas seastáin d’aon eagraíocht a roghnaíonn urraíocht a dhéanamh ar ghníomhaíocht chomhdhála eile freisin.
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais maidir leis an gclár, lóistín, ticéid agus eile ar an leathanach seo.
Taisteal agus lóistín
Tá Óstán Baile an Róistigh suite i mBaile an Róistigh, Corcaigh. Faigh treoracha anseo.
Bíonn an-éileamh ar lóistín le linn an Tionóil Forbartha i gcoitinne agus molann muid go láidir lóistín a chur in áirithe chomh luath agus is féidir.
Tá ráta speisialta ar fáil do rannpháirtithe an Tionóil in Óstán Baile an Róistigh roimh an 24ú Deireadh Fómhair (ag brath ar sheomraí bheith fós ar fáil) agus is féidir é a chur in áirithe trí glaoch a chur ar an óstán ar +353 21 489 0800. Chun leas a bhaint as an ráta seo (€175 do sheomra singil, €195 do sheomra dúbailte/ dhá leaba – bricfeasta san áireamh i ngach ceann), úsáid an cód GAEL020924 agus tú ag cur an seomra in áirithe thar an nguthán leo.
Seastáin - €350
Costas: €350 (ráta lascaine €250 d’eagraíochtaí deonacha/neamh-bhrabúis)
Tabharfar lascaine de €100 ar chostas seastáin d’aon eagraíocht a roghnaíonn urraíocht a dhéanamh ar ghníomhaíocht chomhdhála eile freisin.
Cuimsíonn an táille:
- Tábla de mhéid 6′ x 1.5′, 2 chathaoir agus spás do dhá phreabmheirge caighdeánacha.
- Lón, tae agus caife (beidh lón ar fáil do thaispeántóirí roimh am lóin na dtoscairí)
- Wifi
- Bheith luaite i gClár an Tionóil, a bheidh ar fáil ar líne.
N.B. Tá na taispeántóirí freagrach as gach ábhar a theastaíonn dá seastán a thabhairt leo. Molann an t-óstán do thaispeántóirí treoraí síneadh a thabhairt leo.
Beidh an tAonach Seastán ar bun ón 8.30 – 16.30 ar an Aoine 21 Samhain 2025.
Is féidir an seastán a shocrú suas idir 18.00-20.00 Déardaoin 20 Samhain nó idir 7.30 – 8.30 Dé hAoine 21 Samhain.
Ní mór do na seastáin bheith tógtha anuas agus imithe ó Svuít Kiltegan faoi 16.30 ar an Aoine.
Beidh tae agus caife ar fáil sna spásanna taispeántais le linn sosanna maidin agus tráthnóna. Spreagfar toscairí le cuairt a thabhairt ar na seastáin le linn clárúcháin na maidine, sosanna tae agus caife agus le linn am lóin.
Más rud é nach féidir leat freastal ar an gcomhdháil, is féidir leat do sheastán a chur ar ceal trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@gaeloideachas.ie faoin 14 Samhain 2025. Ní féidir leat a chur ar ceal ar an nguthán. Aisíocfaidh Gaeloideachas do tháille ina iomlán má chealaíonn tú faoin 1 Samhain 2023. Beidh an seastán á thairiscint d’eagraíocht eile ar an liosta feithimh. Má chuireann tú ar ceal tar éis an 14 Samhain, ní thabharfar aisíocaíocht duit.
Coinníonn Gaeloideachas an ceart chun clár na comhdhála a leasú de réir mar is gá mar gheall ar imthosca gan choinne a d’fhéadfadh teacht chun cinn.
Deiseanna urraíochta
Déan urraíocht ar Sos Tae agus Caife - €500
Costas: €500
Tá an deis urraíochta seo teoranta do thrí urraitheoir.
- Beidh an t-urraitheoir luaite i gClár an Tionóil, a bheidh ar fáil ar líne.
- Cuirfear fógraí ar na boird tae agus caife le lógó an urraitheora orthu.
- Cuirfear bileoga ón urraitheoir ar na boird tae agus caife.
- Cuirfear preabmheirge an urraitheora sa seomra.
- Beidh lógó an urraitheora le feiceáil ar thaispeántas sleamhnáin ar scáileáin san óstán.
- Cuirfimid nóta buíochais leis an urraitheoir ar na meáin shóisialta.
Déan urraíocht ar Lón na Comhdhála - €1,000
Costas: €1,000
Tá an deis urraíochta seo uathúil d’urraitheoir amháin.
- Beidh an t-urraitheoir luaite i gClár an Tionóil, a bheidh ar fáil ar líne.
- Cuirfear bileoga nó fógraí ón urraitheoir ar na boird.
- Cuirfear preabmheirge an urraitheoira sa seomra.
- Beidh lógó an urraitheora le feiceáil ar thaispeántas sleamhnáin ar scáileáin san óstán.
- Cuirfimid nóta buíochais leis an urraitheoir ar na meáin shóisialta.
Déan urraíocht ar an bhFáiltiú Fíona - €500
Costas: €500
Tá an deis urraíochta seo uathúil d’urraitheoir amháin.
- Beidh an t-urraitheoir luaite i gClár an Tionóil, a bheidh ar fáil ar líne.
- Beidh an t-urraitheoir luaite ó bhéal le linn an dinnéir nó ag tús na siamsaíochta.
- Cuirfear fógraí ar na boird le lógó an urraitheora orthu.
- Cuirfear preabmheirge an urraitheora sa seomra.
- Beidh lógó an urraitheora le feiceáil ar thaispeántas sleamhnáin ar scáileáin san óstán.
- Cuirfimid nóta buíochais leis an urraitheoir ar na meáin shóisialta.
Déan urraíocht ar Bhiachlár an Dinnéir - €400
Costas: €400
Tá an deis urraíochta seo uathúil d’urraitheoir amháin.
- Beidh an t-urraitheoir luaite i gClár an Tionóil, a bheidh ar fáil ar líne.
- Cuirfear lógó an urraitheora ar an mbiachlár.
- Cuirfear preabmheirge an urraitheora sa seomra.
- Beidh lógó an urraitheora le feiceáil ar thaispeántas sleamhnáin ar scáileáin san óstán.
- Cuirfimid nóta buíochais leis an urraitheoir ar na meáin shóisialta.
Déan urraíocht ar Bord ag an Dinnéar - €300
Costas: €300
Tá an deis urraíochta seo teoranta do deich n-urraitheoir.
- Beidh lógó an urraitheora le feiceáil ar an mbord.
- Beidh an t-urraitheoir luaite ó bhéal le linn an dinnéir nó ag tús na siamsaíochta.
- Cuirfimid nóta buíochais leis an urraitheoir ar na méain shóisialta.
Nóta tábhachtach: Níl ticéid nó dinnéir don urraitheoir san áireamh leis an rogha seo – urraíocht ar bhord do thoscairí nó d’aíonna atá i gceist. Dar ndóigh, bheadh lán-fháilte roimh an urraitheoir freastal ar an imeacht ach ticéad a cheannach ar shuíomh idirlín Gaeloideachas.
Déan urraíocht ar thaifead na gCeardlann - €1,000
Costas: €1,000
Tá an deis urraíochta seo uathúil d’urraitheoir amháin.
- Déanfar taifead ar roinnt ceardlann le linn an Tionóil. Beidh ainm agus lógó an urraitheora curtha sna físeáin uilig.
- Cuirfear na físeáin in airde ar chainéal YouTube Gaeloideachas i ndiaidh an Tionóil. Roinnfear iad ar shuíomh idirlín Gaeloideachas agus ar na meáin shóisialta (Facebook, Twitter, agus Instagram). Beidh ainm an urraitheora luaite sa chur síos ar an bhfíseán ar YouTube, agus in aon phoiblíocht a dhéantar ar na físeáin.
- Beidh lógó an urraitheora le feiceáil ar thaispeántas sleamhnáin ar scáileáin san óstán.
- Cuirfimid nóta buíochais leis an urraitheoir ar na méain shóisialta.