Tionól Forbartha 2026: Taisteal agus Lóistín
Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2026 ar siúl in Óstán Slieve Russell, Contae an Chabháin, ar an 13 Samhain 2026.Tá Óstán Slieve Russell suite i mBéal Átha Conaill, Co. an Chabháin, timpeall 25 nóiméad lasmuigh de bhaile Chabháin. Tá an t-óstán suite timpeall 2 uair a chloig ó Bhaile Átha Cliath agus Béal Feirste, agus 2 uair go leith ó Ghaillimh. Faigh treoracha anseo.
Bíonn an-éileamh ar lóistín le linn an Tionóil Forbartha i gcoitinne agus molann muid go láidir do dhaoine lóistín a chur in áirithe chomh luath agus is féidir. Ní bhíonn ach méid áirithe seomraí ar leataobh againn don Tionól Forbartha agus bíonn éileamh ollmhór orthu.
Tá ráta speisialta ar fáil do rannpháirtithe an Tionóil in Óstán Slieve Russell (ag brath ar sheomraí a bheith fós ar fáil) agus caithfear é a chur in áirithe trí shuíomh an óstáin amháin leis an gcód lascaine GAEL26.
Chun leas a bhaint as an ráta seo (€165 do sheomra singil, €100 in aghaidh an duine do sheomra dúbailte/dhá leaba – bricfeasta san áireamh i ngach ceann), bain leas as an gcód GAEL26 ar shuíomh an óstáin www.slieverussell.ie agus lean na treoracha. Má tá treoracha breise ag teastáil, tá treoir níos mionsonraithe ón óstán anseo.
Lóistín eile sa cheantar máguaird
Tá roghanna eile ar fáil sa cheantar máguaird freisin ach d’fhéadfadh go mbeadh achar taistil i gceist leo. Seo liosta roghanna leaba is bricfeasta atá curtha ar fáil ag an Slieve Russell: List of Local B&Bs