4: Pleanáil le haghaidh foghlaim agus forbairt teanga

Réamhrá
Bíonn túsphointí éagsúla i bpleanáil curaclaim agus teanga, idir chinn a eascraíonn as spéis na bpáistí agus chinn a eascraíonn as curaclam pleanáilte roimh ré ag na múinteoirí luathbhlianta (Treoir Chleachtais Aistear Síolta: Pleanáil agus measúnú le haghaidh foghlaim agus forbairt leanaí. (Breith – 6 bliana d’aois): 2).
Glaoitear curaclam éiritheach (emergent curriculum) ar an gcaoi go dtugann na múinteoirí luathbhlianta aird ar spéiseanna agus fiosracht na bpáistí agus go mbunaíonn siad gníomhaíochtaí ar an spéiseanna sin thar tréimhse ama. Mar shampla, má tá spéis leanúnach ag páistí áirithe i ndineasáir, cuireann na múinteoirí luathbhlianta lena gcuid eolais féin faoi dhineasáir trí léamh fúthu ar an idirlíon nó trí Ieabhair eolais do pháistí a chur ar fáil sa naíonra agus eagraíonn sí gníomhaíochtaí foghlama bunaithe ar dhineasáir i gcaitheamh seachtaine nó níos faide. Cuirfear san áireamh chomh maith cúrsaí teaghlaigh, imeachtaí sa cheantar agus ócáidí ceiliúrtha na bliana. Beidh fás agus forbairt na bpáistí thar tréimhse bliana san áireamh anuas air sin.
Naisc le hAistear agus le Síolta
Téamaí Aistear
Folláine agus Leas, Féiniúlacht agus Muintearas, Cumarsáid a Dhéanamh, Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht
Treoirlínte le haghaidh an Dea-Chleachtais
Tacú leis an bhfoghlaim agus leis an bhforbairt tríd an measúnú (lgh 72-102); Treoir d’Úsáideoirí (lgh 12-22)
Caighdeáin Síolta
1: Cearta an Linbh, C1.1, 1.2, 1.3
6: Súgradh, C6.3, 6.5, 6.7
7: Curaclam, C7.1, 7.5, 7.6
Achoimrí Taighde nasctha leis na Caighdeáin thuas
Saghsanna pleanála
Beidh cineálacha éagsúla pleanála i gceist dar le hAistear (Aistear Síolta Treoir Chleachtais. Leabhrán eolais: Pleanáil agus measúnú le haghaidh foghlaim agus forbairt leanaí (Breith – 6 bliana d’aois): 2):
- Pleanáil fhadtréimhseach don bhliain
- Pleanáil mheántréimhseach/ don téarma
- Pleanáil ghearrthréimhseach/don tseachtain
- Pleanáil ar an toirt/spéis nua a éiríonn gan coinne
Pleanáil fhadtréimhseach don bhliain
Breac-chuntas ar aidhmeanna an naíonra maidir le fás agus forbairt na bpáistí atá i gceist anseo, agusforbairt iomlán an pháiste á lua, ach le béim faoi leith ar shealbhú agus ar shaibhriú na Gaeilge i rith na bliana. Beidh cur síos ann ar conas a chuirfear polasaí an tumoideachas i bhfeidhm sa naíonra agus na straitéisí teagaisc agus foghlama, súgradh go háirithe, a mbainfear úsáid astu. Déanfar cur síos ar leagan amach an tseomra agus ar an háiseanna lasmuigh faoin aer. Léireofar chomh maith an saghas caidrimh a bheidh á bheartú leis na tuismitheoirí. Tabharfar cuntas ar na meonta (dispositions), luachana agus dearcthaí, mar aon leis na scileanna, leis an eolas agus leis na tuiscintí a bhfuil i gceist a fhorbairt go fadtréimhseach. Déanfar tagairt don fhorbairt seo faoi cheannteidil na bpríomhthéamaí in Aistear agus cinn eile a oireann d’aidhmeanna an naíonra. (Aistear Síolta Treoir Chleachtais. Leabhrán eolais: Pleanáil agus measúnú le haghaidh foghlaim agus forbairt leanaí (Breith – 6 bliana d’aois): 4; Ó hAdhmaill 2015: 33).
Pleanáil mheántréimhseach/don téarma
Tabharfar cuntas ar thopaicí leathana anseo a mbíonn spéis ag páistí iontu de ghnáth, mar shampla Mé Féin, Mo theaghlach, Báibín Nua nó Cuairt ar an Dochtúir. Déanfar ócáidí ceiliúrtha an téarma a bhreacadh, mar shampla Oíche Shamhna, An Nollaig nó Lá ‘le Pádraig. Tabharfar cuntas gearr ar na gníomhaíochtaí agus eispéiris a chuirfear ar fáil. Luafar an foclóir, na frásaí agus na rainn, na hamhráin agus na scéalta a bheadh oiriúnach. Beidh ábhar agus gníomhaíochtaí ullamh le húsáid de réir mar a thagann siad chun cinn nó nuair a léireoidh na páistí spéis iontu. Beidh moltaí ag na páistí freisin chun cur leis an bhfoghlaim agus leis an spraoi. Féach an teimpléad in Aguisín 1.
Pleanáil ghearrthréimhseach/don tseachtain
Beidh go leor den phleanáil seo bunaithe ar spéiseanna na bpáistí agus cuirfear raon leathan gníomhaíochtaí ar bun chun freastal ar na spéiseanna sin. Ag an am gcéanna, feicfear le hiomlánú a dhéanamh ar réimsí nár ardaigh na páistí ionas go mbeidh forbairt iomlán an pháiste i gceist. Féach an teimpléad in Aguisín 2.
Pleanáil ar an toirt/spéis nua a thagann aníos gan choinne
Tiocfaidh ábhar suime chun cinn gan choinne mar a léirítear san fhíseán Bláthanna deasa buí le Máire Uí Mhurchú (https://player.vimeo.com/video/224450382).
Chuir na páistí spéis i mbláthanna lusa an chrom cinn a thug an múinteoir luathbhlianta isteach sa naíonra. Bhí caint agus comhrá ann maidir leis na bláthanna agus tugadh deis ansin do na páistí a gcuid bláthanna féin a phéinteáil.
Tugann an dara físeán (https://player.vimeo.com/video/224450150 ) cur síos ar shuim na bpáistí ina gcuid gruaige féin agus gruaig a muintire agus bunaíodh gníomhaíochtaí ealaíne air sin leis. Is féidir leanúint leis an spéis sa ghruaig trí shiopa gruagaire nó siopa bearbóra a eagrú sa naíonra níos déanaí agus athrá agus forbairt teanga a bheith mar dhlúthchuid den súgradh drámata sin. Beidh plean oscailte ann ar conas tabhairt faoi fhiosrú a dhéanamh ar an ábhar nua seo agus conas cur leis an bhfoghlaim, mar shampla leabhair nó eolas ar an idirlíon a aimsiú faoi nithe a tháinig chun cinn gan choinne agus saibhriú a dhéanamh ar shúgradh na bpáistí. Is féidir leis an múinteoir luathbhlianta moltaí breise a dhéanamh faoi spéis na bpáistí tríd an seomra a atheagrú nó trí rólimirt a mholadh.
Taifead agus forleathnú
Ba chóir taifead a dhéanamh ar an bhfoghlaim a dhéanann an páiste go tráthrialta. Is minic a chabhraíonn grianghraif den pháiste agus é/í i mbun gnímh maille le cuntas gearr ar a bhfuil ar siúl aige/aici. Ansin, is féidir tráchtaireacht ghearr a dhéanamh ar an bhfoghlaim faoi théamaí Aistear agus moltaí a dhéanamh faoin bhfoghlaim a leathnú. Moltar an taifead a chur abhaile chuig na tuismitheoirí mar léiriú ar a bhfuil á dhéanamh ag an bpáiste. Féach an teimpléad in Aguisín 3.
Samplaí de ghníomhaíochtaí sa naíonra
Gnásanna a tharlaíonn gach lá
Bíonn imeachtaí áirithe a tharlaíonn gach lá ar an mbealach céanna roinnt mhaith den am. Tugtar ‘gnás’ ar imeacht mar am lóin nó réiteach le dul abhaile toisc go dtiteann siad amach beagnach ar an mbealach céanna gach uair. Cruthaíonn sé seo deis iontach chun an teanga a ghabhann leis an ngnás a thuiscint, a shealbhú, a úsáid agus a leathnú.
Is iad seo a leanas cuid de na himeachtaí atá ina ngnásanna laethúla:
- Teacht an pháiste chuig an naíonra
- Glanadh an tseomra
- Ag glaoch an rolla
- Am lóin
- Am ciorcail
- Am dul abhaile
Aithníonn an múinteoir luathbhlianta gur gá an t-eagrúchán agus an chaint a ghabhann leis an ngnás a dhéanamh mar a gcéanna gach uair agus cumann sí focail agus frásaí cinnte do gach gnás. Tuigeann na páistí cad a bhíonn á rá aici toisc go mbaineann sé leis an ngnó idir lámha, sealbhaíonn an páiste na habairtí agus na focail seo toisc go ndeirtear go minic iad thar tréimhse ama agus de réir a chéile tosaíonn sé/sí á rá. Is fearr na habairtí seo a bheith simplí agus gearr i dtosach ach is féidir iad a leathnú tar éis tamaill nuair ata siad ar eolas ag na páistí. Is minic gur féidir na gnásanna seo a cheangal le rainn nó le hamhráin nó le scéal sa naíonra.
Am lóin
Tugann am lóin sa naíonra deis iontach do na páistí an Ghaeilge a shealbhú gach lá agus cur le stór focal faoi leith. Baineann rialtacht leis an lón sa mhéid agus go leanann sé an patrún céanna eagrúcháin agus cainte, idir chaint an mhúinteora luathbhlianta agus na frásaí rialta a bhíonn in úsáid ag na páistí gach lá. Tá an-tábhacht ag baint le rialtacht maidir le sealbhú na dara teanga. Cabhraíonn an rialtacht a bhaineann le heagrú agus le cur i láthair an lóin leis na páistí chun a thuiscint cad a bhíonn ar siúl agus cad atá le rá agus le déanamh acu féin.
Bíonn a bhealach féin ag gach naíonra chun an lón a eagrú ach, mar shampla, más nós leis an naíonra na boscaí lóin a bhaint amach as an gcuisneoir agus ceist a chur faoi cé leis an lón seo, tuigfidh na páistí cad atá ar siúl agus beidh fonn orthu páirt a ghlacadh sa ghnás. Úsáidfidh an múinteoir luathbhlianta an fhoclaíocht chéanna gach uair: “Cé leis an lón seo?” Cabhróidh an múinteoir luathbhlianta leis an bpáiste chun í a fhreagairt: “Is liomsa é”, tríd an abairt a rá in éineacht leis/léi. De réir a chéile beidh na páistí in ann an abairt a rá iad féin. Nuair atá máistreacht faighte ag na páistí ar na habairtí seo, beidh siad in ann iad a leathnú, mar shampla:
Múinteoir luathbhlianta: Cé leis an bosca lóin buí?
Páiste: Is liomsa é, go raibh maith agat.
Tarlóidh timpistí beaga go minic, deoch á dhoirteadh, bia ag titim ar an urlár, easpa sceanra, srl. Is deiseanna teanga iad seo chomh maith chun na habairtí cuí a thabhairt do na páistí, iad a rá in éineacht leo ag an tosach agus iad a spreagadh chun iad a rá go neamhspleách de réir a chéile.
Páiste: I spilled my milk.
Múinteoir luathbhlianta: Dhoirt mé mo bhainne.
Páiste: Dhoirt ….
Múinteoir luathbhlianta agus páiste: Dhoirt mé mo bhainne.
Múinteoir luathbhlianta: Glanfaimid suas anois é. Ná bí buartha. Seo duit deoch eile.
Páiste: My ceapaire fell on the floor.
Múinteoir luathbhlianta: Thit mo cheapaire ar an urlár.
Páiste: Thit mo cheapaire ….
Múinteoir luathbhlianta agus páiste: Thit mo cheapaire ar an urlár.
Múinteoir luathbhlianta: Tá an ceann sin salach. Ná bac leis. Is féidir leat an ceann eile a ithe.
Páiste: I’ve no spúnóg.
Múinteoir luathbhlianta: Níl spúnóg agam.
Páiste: Níl spúnóg agam.
Múinteoir luathbhlianta: Maith thú. Seo duit spúnóg. … Go raibh maith agat.
Páiste: Go raibh maith agat.
Cén phleanáil atá le déanamh anseo?
Bíonn a ghnás féin ag gach naíonra ach cuireann siad rudaí áirithe san áireamh agus iad á phleanáil d’am lóin:
- Níochán na lámh a eagrú
- Réiteach an bhoird: an féidir leis na páistí a bheith páirteach ann? Beidh deiseanna teanga agus matamaitice i gceist le leagan an bhoird agus le dáileadh na bplátaí agus na gcupán. Is minic go n-ainmnítear ‘cuiditheoir’ amháin gach lá ar róta, chun na plátaí srl. a leagan amach nó duine amháin chun na málaí lóin a scaipeadh agus iad ag úsáid abairtí faoi leith, “Cé leis é seo?” mar shampla.
- An mbeidh na múinteoirí luathbhlianta ina suí in éineacht leis na páistí faoi mar a mholann Weitzman & Greenberg (2002)?
- An féidir leis na páistí páirt a ghlacadh i réiteach agus riar an lóin, mar shampla, an scaipeann siad plátaí, málaí, boscaí lóin, srl.?
- Conas a léiríonn an páiste gur leis nó léi an mála nó an bosca lóin?
- Conas a cuirtear tús leis an lón agus cad a bheidh le rá ag an múinteoir luathbhlianta?
- Cad a déarfaidh na páistí? Cad iad na habairtí rialta a bheidh le rá acu?
- Conas is féidir na nathanna cainte a leathnú thar tréimhse ama?
- Má tá cabhair ó pháiste, conas a chuirfidh sé/sí é sin iúl don mhúinteoir luathbhlianta?
- An gcuireann an múinteoir luathbhlianta béim ar bhéasa anseo ar nós “go raibh maith agat” agus “le do thoil”?
- Conas is féidir ócáid shóisialta a dhéanamh den lón?
- Conas a chuirfear críoch leis an lón?
- An féidir amhráin nó rainn a cheangal leis an lón? Tá amhráin ar fáil ar dhlúthdhioscaí agus leabhair atá oiriúnach d’am lóin. San áireamh tá na cinn seo a leanas ó Maidin sa Naíonra (FNT 2005):
Tá tart orm
Tá tart orm x 2
Tá tart orm sa Naíonra.
Ba mhaith liom, deoch x 2
Ba mhaith liom deoch sa Naíonra.
Tá ocras orm x 2
Tá ocras orm sa Naíonra;
Ba mhaith liom lón x 2
Ba mhaith liom lón sa Naíonra
Tá tart is ocras orm anois
Tá tart is ocras orm anois,
Orm anois, orm anois;
Tá tart is ocras orm anois;
Ba mhaith liom suí chun boird don lón.
Tá rann oiriúnach eile ar fáil sa leabhar agus dlúthdhiosca Bróga Nua (Ní Shuilleabháin 2016:69)
‘Bhfuil se in am lóin?
‘Bhfuil se in am lóin,
in am lóin, in am lóin?
Bhfuil sé in am lóin?
Níl go fóill.
‘Bhfuil se in am lóin,
in am lóin, in am lóin?
Bhfuil sé in am lóin?
Tá a stór.
Moltaí breise
Le linn am lóin, is féidir leis an múinteoir luathbhlianta:
- Ceisteanna a chur ar na páistí faoi cad atá acu don lón, cé a réitigh an lón an lá sin, cár cheannaigh pé duine an bia, srl.?
- Úsáid a bhaint as frásaí ar nós “Is maith liom; Ní maith liom; Ba mhaith liom; Níor mhaith liom”.
- Cabhrú leis na páistí ceisteanna faoin lón a chur ar a chéile: “Cad atá agatsa don lón”. “An maith leat ceapairí?” “Cén deoch atá agat inniu?”
- Má tá polasaí sa naíonra maidir le bia folláin a chur chun cinn, is féidir é seo a phlé ag am lóin agus ceisteanna a chur ar na páistí mar gheall air.
Leathnú ar úsáid na n-abairtí
Is féidir na nathanna cainte thuas a úsáid i gcomhthéacs eile ina dhiaidh sin, mar shampla nuair atá na cótaí á dtabhairt ar ais do na páistí ag deireadh na maidine:
Múinteoir luathbhlianta: Cé leis an cóta seo?
Páiste: Is liomsa é.
Tar éis tamaill is féidir leathnú a dhéanamh ar an habairtí:
Múinteoir luathbhlianta: Cé leis an cóta deas te seo?
Páiste: Is liomsa é. Tá sé deas te.
Níl teorainn leis an sealbhú teanga ag am lóin agus le linn gnásanna eile sa naíonra ach smaoineamh ar na deiseanna, abairtí simplí a chumadh a oireann don ghnás agus na habairtí céanna a úsáid go rialta. Cabhraíonn sé go mór leis na páistí má úsáideann na múinteoirí luathbhlianta go léir sa naíonra na habairtí céanna sa tslí céanna. Mar sin, is gá go mbeadh na habairtí sin pléite agus aontaithe acu eatarthu féin roimh ré.
Am ciorcail
Is cuid an-tábhachtach den mhaidin é Am Ciorcail nuair a bhailíonn na páistí go léir le chéile agus eagraíonn an múinteoir luathbhlianta pointe suime dóibh. Uaireanta roghnaíonn an múinteoir luathbhlianta an pointe suime seo agus uaireanta eile eascraíonn sé as spéiseanna na bpáistí.
Is deis iontach é seo chun téamaí nua a léiriú agus músclaíonn sé spéis na bpáistí i réimse leathan ábhar timpeall orthu. Anuas air sin, tugann am ciorcal taithí dóibh ar a bheith ag éisteacht lena chéile agus leis an múinteoir luathbhlianta agus ar a bheith ag feidhmiú mar ghrúpa. Ócáid chaidrimh agus ócáid teanga atá ann mar cuirtear ábhar nua ina láthair agus an teanga a ghabhann leis, agus bíonn forbairt á déanamh ar a gcuid eolais agus ar a gcuid tuisceana.
Cén phleanáil atá le déanamh anseo?
- Cuir ceist ar na páistí faoi na hábhair ar mhaith leo a phlé agus roghnaigh ábhar nó gníomhaíocht don am ciorcail roimh ré
- Smaoinigh ar conas is féidir an téama a nascadh le téamaí eile atá pléite cheana
- Réitigh aon fhearas/frapaí/bréagáin a bheidh ag teastáil chun an téama a phlé go héifeachtach leis na páistí
- Ullmhaigh na téarmaí agus foclóir a bheidh in úsáid don ábhar. Tá sé tábhachtach an bhéim a chur ar chúpla focal seachas dul thar fóir leis an iomarca focal nua don pháiste ag aon am amháin. Roghnaigh téarmaí agus réimse focal atá oiriúnach don téama. Smaoinigh ar fhoclóir atá acu cheana féin agus déan iarracht é a athúsáid i gcomhthéacs nua. Beidh tú in ann tógáil ar an bhfoclóir nua seo nuair a bheidh sé sealbhaithe ag na páistí.
- Inis do na páistí roimh ré cad go díreach a bheidh ag tarlú agus má tá siad ag iarraidh rud a thabhairt isteach ón mbaile a bhaineann leis an téama, beidh seans acu é a phlé leis an tuismitheoir/caomhnóir.
- Is fiú cuireadh chuig an naíonra a thabhairt do dhaoine le Gaeilge sa cheantar, altra nó garda mar shampla, agus is féidir cabhrú leo labhairt go simplí as Gaeilge leis na páistí. Ba chóir go mbeadh imréiteach na nGardaí ag aon chuairteoir.
Sampla
Is é seo sampla amháin a léiríonn an bealach ar féidir a leithéid a dhéanamh:
Téama na seachtaine sa naíonra: daoine a chabhraíonn liom i mo cheantar.
Roghnaigh na páistí an t-otharcharr. Bhailigh an stiúrthóir cúpla leabhar le scéalta iontu faoi dhaoine san ospidéal. Fuaireamar an bosca dochtúra sa naíonra agus thógamar aníos creatlach le taispeáint do na páistí agus le díriú ar na cnámha agus baill an choirp. Shocraíomar cuairt ón otharcharr áitiúil.
Thug cúpla páiste pictiúir d’altraí agus de dhochtúirí gearrtha amach as irisleabhair isteach. Shuíomar síos i gciorcal agus fuair gach páiste seans a scéal a insint mar gheall ar ócáid éigin a bhain leis an téama. Thaispeáin siad na pictiúir dá chéile. Rinne siad cur síos ar a bpictiúir agus go minic is é an rud céanna a bhíodh le rá acu. Thug sé sin seans don stiúrthóir an-úsáid a bhaint as athrá anseo chun cabhrú leo an Ghaeilge a shealbhú agus sainfhoclóir nua a chloisteáil agus a fhoghlaim.
An lá dar gcionn bhíomar réidh chun dul amach chuig an otharcharr féin, faoi mar atá léirithe sa ghrianghraf thíos. D’fháiltigh foireann an otharchairr roimh na páistí agus labhair siad leo ar feadh cúpla nóiméad mar gheall ar an bhfearas ann. Fuair na páistí seans triail a bhaint as sínteán agus siúl tríd an otharcharr. Chuir an tiománaí an bonnán ar siúl dóibh.
Ag am ciorcail an lá dar gcionn sa naíonra, rinneamar achoimre ar an ócáid agus ar an bhfoclóir nua. Thuig na páistí go gcabhraíonn an t-otharcharr agus an fhoireann leo agus nach raibh gá bheith eaglach faoi.
Tar éis sin, rinneamar aithris ar chuairt chuig an dochtúir agus fuair gach páiste seans gléasadh suas, bindealán a chaitheamh agus féachaint isteach sa bhosca dochtúra.
An chéad uair eile a chuireamar bileog eolais abhaile, bhí liosta ann den fhoclóir nua agus na téarmaí a bhain leis an dtéama.
Chabhraigh an phleanáil chuí roimh ré chun a chinntiú gur éirigh leis an gcuairt agus gur bhain na páistí taitneamh agus tairbhe mór aisti. Chuir sé go mór lena gcuid eolais agus taithí agus thug sé deiseanna dóibh foclóir agus frásaí nua a thuiscint sa chomhthéacs cuí.
An scéalaíocht
Léiríonn taighde go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an scéalaíocht mar áis shealbhaithe teanga (Mourão 2015, French 2012, An Roinn Oideachais agus Scileanna 2011, Mhic Mhathúna 2010) ach é a chur faoi bhráid na bpáistí ar bhealach oiriúnach. Moltar an foclóir a chur i láthair na bpáistí ar bhealach gníomhach trí gheáitsí agus trí rudaí a thaispeáint dóibh chun brí a chur in iúl. Aithníonn Tabors (2008) go bhfuil dúshlán faoi leith ag baint le scéalta sa dara teanga agus molann sí iad a insint do ghrúpaí beaga páistí chun seans a thabhairt don mhúinteoir luathbhlianta iad a chur in oiriúint do spéis agus leibhéal tuisceana na bpáistí sin. Dar ndóigh, beidh deiseanna eile na scéalta a insint don ghrúpa ar fad nuair a bheidh buntuiscint acu ar na scéalta céanna. Moltar scéalta a chur i láthair na bpáistí go minic, gach lá más féidir, nuair nach mbeidh brú ama ann chun an scéal a chríochnú go tapa.
Cén phleanáil atá le déanamh anseo?
Tá roinnt pleanála le déanamh sula dtugtar faoin scéalaíocht lena chinntiú go mbeidh eispéireas fiúntach taitneamhach agus spraíúil ag na páistí. Is é seo a leanas roinnt ceisteanna a d’fhéadfaí a chur roimh thosú ar scéal a dhéanamh:
- Cén scéal a bheidh á léamh nó á insint? An dtagann sé leis an téama reatha atá idir lámha nó an bhfuil cúis eile leis an rogha? An léiríonn sé éagsúlacht na bpáistí atá sa naíonra (cúlraí, cultúir, cumais, inscní agus struchtúir teaghlaigh na leanaí)?
- Cén bealach nó modh scéalaíochta ar mhaith leat a úsáid? Mar shampla: léamh, insint, rólimirt, puipéid, éisteacht le dlúthdhiosca, srl.
- Cén foclóir a bheidh in úsáid chun an scéal a insint? An mbeidh focail nua á bhfoghlaim nó an mbeidh dul siar ar fhoclóir atá cloiste cheana ar bun? Smaoinigh ar an bhfoclóir ata ar eolas acu cheana agus an foclóir nua a bheidh ag teastáil.
- Úsáid tuin chainte speisialta, gothaí gnúise, comharthaí láimhe, aisteoireacht agus bealaí eile chun aird an pháiste a fháil agus chun cabhrú leo an scéal a thuiscint.
- Ná bíodh eagla ort dul thar fóir leis an ngeáitsíocht mar is aoibhinn leis na páistí an duine fásta a fheiceáil i mbun aithrise drámata. Tuigeann an páiste níos mó ón méid a fheiceann siad os a gcomhair.
- Cén fearas nó cad iad na frapaí a bheidh ag teastáil chun an scéal a chur i láthair? Smaoinigh ar bhealaí chun an leas is fearr a bhaint as an trealamh sa naíonra chun cabhrú leat.
- Conas a thagann an scéal le téamaí agus prionsabail Aistear? An mbeidh deis iad a chur chun cinn leis an scéal?
- An mbeidh deis ag na páistí smaoineamh agus labhairt faoi na carachtair, na mothúcháin agus eachtraí an scéil?
- Conas is féidir na páistí a mhealladh le bheith rannpháirteach san insint? An mbeidh tú ag cur ceisteanna oiriúnacha orthu? Is minic gur fearr ceist a chur a bhfuil an freagra ar eolas acu: Cad ata sa phictiúr? An bhfuil Teidí áthasach nó brónach? Níos déanaí is féidir ceisteanna oscailte a chur orthu: Cad atá ar siúl aige? Cén fáth? Ansin beidh seans ann glacadh le freagra an pháiste, athrá a dhéanamh ar a c(h)uid cainte agus é a leathnú.
- An mbeidh grúpa beag nó an grúpa iomlán ag éisteacht leis an scéal? Más grúpa beag é, cad a bheidh ar siúl ag na páistí eile?
- Cén áit a mbeidh an scéalaíocht ar bun? An bhfuil an spás compordach agus mealltach?
- An bhfuil aon amhráin nó rainn ag teacht le hábhar an scéil a d’fhéadfaí a dhéanamh leis na páistí?
Mála scéalaíochta
Bealach amháin chun scéalta a chur i láthair go gníomhach ná trí mhála scéalaíochta a chruthú agus a úsáid. Leabhar agus bailiúchán d’ábhar a bhaineann leis an scéal ata i gceist. Sa bhailiúchán bheadh leabhar, Bran Amuigh ag Siúl (Hill, 1982) mar shampla, bréagán nó puipéad de mhadra, na rudaí atá luaite sa scéal (cat, cearc, éan, bláthanna, cairéad agus cnámh) agus leabhar eolais faoi mhadraí (Coileán ó Futa Fata). Bheadh rann nó amhrán faoi mhadra aimsithe ag an múinteoir luathbhlianta chomh maith. Cabhraíonn an múinteoir luathbhlianta leis na páistí na frapaí a bhogadh ag an am cuí sa scéal nuair atá sise ag insint an scéil. Ciallaíonn sé seo go mbíonn siadsan páirteach ann go neamhbhriathartha i dtosach ach sealbhaíonn siad na focail agus na frásaí de réir a chéile nuair a insítear an scéal go minic. Is féidir abairtí breise a chumadh chomh maith, “Níl sé ansin”. Nuair a bheidh buntuiscint ag na páistí ar an scéal, is féidir an leabhar a léamh go gníomhach, ag spreagadh na bpáistí chun na habairtí a rá in éineacht leis an múinteoir luathbhlianta agus na páistí ag bogadh na bhfrapaí. Baineann páistí an-taitneamh as bheith ag imirt leis na frapaí agus iad ag insint an scéil iad féin (Féach Grianghraf 2 thíos). Níos déanaí is féidir an leabhar eolais a thaispeáint dóibh agus caint shimplí a dhéanamh faoi na pictiúir. Chuir Neil Griffiths, múinteoir ón mBreatain Bheag an bunscéim faoi mhálaí scéalaíochta le chéile (https://cornertolearn.co.uk/about-neil/) agus molann sé cabhair a fháil ón na tuismitheoirí chun málaí scéalaíochta a chur le chéile. Molann sé freisin go dtabharfaí na málaí do na páistí le tabhairt abhaile chun go léifidh siad an scéal dá dtuismitheoirí. Tá málaí réamhdhéanta as Gaeilge ar fáil ó http://malamor.ie/. Bheadh an dán thíos oiriúnach do scéal Cá bhfuil Bran?
Mo Mhadra
Sin é mo mhadra ina shuí ar an stól.
Bíonn sé ag ithe, bíonn se ag ól.
Ólann se bainne, itheann sé arán.
Deireann sé bhuf, bhuf nuair a bhíonn sé lán.
(http://resources.teachnet.ie/clane/2008/naionain-7.html)
Bealaí eile chun an scéalaíocht a chur chun cinn
- Lig do na páistí an leabhar is fearr leo a roghnú ó chúinne na leabhar agus fan go bhfeicfidh tú iad ag déanamh aithrise ort ag léamh scéil nó ag ceistiú páiste eile mar gheall ar na pictiúir.
- Tabhair deiseanna do na páistí leabhair atá acu sa bhaile a thabhairt isteach agus is féidir leis an múinteoir luathbhlianta na pictiúir a thaispeáint dóibh agus Gaeilge a chur ar an scéal.
- Má tá scéim iasachta ar bun sa naíonra, d’fhéadfaí leabhar agus dlúthdhioscaí a thabhairt ar iasacht do na tuismitheoirí, foclóir oiriúnach a chur abhaile, agus noda a thabhairt dóibh maidir le conas an scéalaíocht a dhéanamh sa bhaile iad féin.
- Tá réimse leathan leabhar Gaeilge ar fáil sa leabharlann phoiblí, sna siopaí leabhar agus ar líne (litríocht.com, www.cic.ie, www.cnagsiopa.com). D’fhéadfadh an naíonra liosta leabhar oiriúnach a chur le chéile do na tuismitheoirí.
Moltaí breise
- Déan ócáid thaitneamhach den scéalaíocht agus bainfidh na páistí leas iontach aisti.
- Taispeáin na pictiúir sa leabhar dóibh agus tuigfidh siad roinnt den scéal ón méid seo. An bhfuil siad ábalta an scéal a thuar ó na pictiúir?
- B’fhiú cur le buntuiscint na bpáistí ar an bpróiseas léitheoireachta – i.e. go léitear ó chlé go deas agus ó bharr go bun an leathanaigh, go mbíonn ort na leathanaigh a chasadh.
- Cabhraigh leis na páistí na focail a rá ag an am ceart sa scéal mar shampla “Cé a bhí ag ithe mo leite?” arsa Daidí Béar, srl. Cabhraíonn sé seo leis an bhforbairt teanga.
- Má tá an scéal ar dhlúthdhiosca, is féidir leis na páistí éisteacht le guth eile ag insint an scéil fiú gan an leabhar agus cuireann sé seo le cumas tuisceana an pháiste.
- Is féidir leat an scéal a phlé agus é a cheangal le scéalta eile atá ar eolas ag an bpáiste trí cheisteanna machnamhacha a chur orthu. An bhfuil aon scéal eile ar eolas acu faoi mhac tíre nó faoi cheaircín rua nó nó faoi mhadra?
- Na déan dearmad ar mheastóireacht a dhéanamh ar an scéalaíocht ansin agus féachaint ar mhodhanna lenar féidir leat leanúint ar aghaidh leis an bhfoghlaim seo don pháiste
Teimpléid phleanála
- Acmhainní Gaeloideachas: www.gaeloideachas.ie
- Teimpléid de Thaifead Foghlama ar fáil ag http://Aistearsiolta.ie/ga/Related-items/AISTEAR_Learning-Record-template_gae.pdf
- Teimpléid le haghaidh pleanáil mheántréimhseach – damhánléaráid ar fáil ag http://Aistearsiolta.ie/ga/Plean-il-agus-Meas-n-/Acmhainn-le-Comhroinnt/Teimplead-le-haghaidh-pleanail-mheantreimhseach-damhanlearaid.pdf
- Tuairisc chun dáta a thabhairt do thuismitheoirí, sampla ar fáil ag http://Aistearsiolta.ie/ga/Plean-il-agus-Meas-n-/Acmhainn-le-Comhroinnt/Curriculum-Update-Sample-3-6_gle.pdf
- Físeán ar phleanáil ar an toirt (Bláthanna deasa buí): https://player.vimeo.com/video/224450382
- Físeán ar phleanáil ar an toirt (Gruaig chatach mar ábhar suime): https://player.vimeo.com/video/224450150
Suimiú
Pléadh an tábhacht a bhaineann le curaclam a bhunú ar spéiseanna an bpáistí agus ar an saghas pleanála a oireann don chur chuige sin. Tugadh cur síos ar phleanáil bhliana, pleanáil mheántréimhseach, pleanáil ghearrthréimhseach agus pleanáil ar an toirt. Moladh taifead a choinneáil ar an bhfoghlaim agus an taifead sin a phlé leis na tuismitheoirí. Tugadh cuntas ansin ar conas an phleanáil sin a chur i bhfeidhm ar roinnt gníomhaíochtaí sa naíonra. Pléadh gnásanna mar am lóin agus am ciorcail agus rinneadh moltaí faoi leas a bhaint as an scéalaíocht chun cur le forbairt iomlán na bpáistí.
Caibidil i bhfoirm PDF le híoslódáil
- Caibidil 1 Tumoideachas sa naíonra
- Caibidil 2 Sealbhú agus foghlaim teanga
- Caibidil 3 Súgradh
- Caibidil 4 Pleanáil le haghaidh foghlaim agus forbairt teanga
- Caibidil 5 An Ghaeilge agus Aistear agus Síolta
- Tagairtí
- Teimpléad de Thaifead Foghlama
- Teimpléad le haghaidh pleanáil mheántréimhseach
- Teimpléad pleanála gearrthéarmaí curaclaim