5: An Ghaeilge agus Aistear agus Síolta

Réamhrá

Pléifear an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar dhlúthchuid de chultúr na hÉireann. Déanfar cur síos ar na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas agus tabharfar roinnt staitisticí maidir le líon an gcainteoirí Gaeilge sa tír. Pléifear impleachtaí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (Rialtas na hÉireann 2015) agus an Plean Gníomhaíochta (Rialtas na hÉireann 2018) a ghabhann leis maidir leis na naíonraí agus feicfear conas is féidir leis na naíonraí prionsabail Aistear (CNCM 2009) agus caighdeáin Síolta (LFOLÓ 2006) a chur i bhfeidhm tríd an luath-thumoideachas.

Tábhacht na Gaeilge

Cuirimid eolas ar an saol agus bímid ag imoibriú le daoine eile agus leis an saol trí theanga, dar le Vygotsky agus lucht na teoirice sochtheangeolaíochta (Lantolf 2000). Bíonn teanga ó bhéal agus teanga scríofa i gceist agus bíonn an-tábhacht leis an gcomhthéacs ina mbíonn an teanga in úsáid. Leagtar an-bhéim ar an gcaidreamh a bhíonn idir lucht teagaisc and foghlaimeoirí, ar an timpeallacht teanga agus ar an gcur chuige oideolaíochta nuair atá teanga nua á sealbhú (Van Lier 2000). Cuireann an naíonra an-chuid deiseanna sealbhaithe teanga ar fáil idir chinn fhoirmeálta agus chinn neamhfhoirmiúla, cothaíonn an múinteoir luathbhlianta caidreamh measúil, geanúil leis na páistí agus bíonn seansanna ag na páistí an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha i dtimpeallacht spreagúil (Mhic Mhathúna 2013).

Dar le Ó Ceallaigh (2015), is uirlis chultúrtha í teanga, a dhéanann idirghabháil idir smaointeoireacht agus foghlaim. Is cuid den chultúr í agus is meán í chun páirt a ghlacadh sa chultúr, cultúr a athraíonn thar am. Bíonn páistí ag imirt tionchair ar an gcultúr a tháinig anuas chucu agus iad ag úsáid teanga.  Bíonn ceangail láidre idir teanga agus féiniúlacht an duine féin agus an duine mar bhall de ghrúpa a labhraíonn an teanga sin (Ó Ceallaigh, 2015, Walsh, 2018). Tugann an Ghaeilge deis dúinn eolas a chur ar ár n-oidhreacht, a bheith faoi thionchar ag luachanna an chultúir sin, feidhmiú mar bhall den ghrúpa a labhraíonn Gaeilge sa lá atá inniu ann agus an teanga a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile (Llamas agus Watt, 2010). Molann McCloskey (2008) ról na naíonraí agus na nGaelscoileanna i gcur chun cinn na Gaeilge, go háirithe taobh amuigh den Ghaeltacht.  

Tá an Ghaeilge ar cheann de dhá theanga oifigiúla na hÉireann agus baineann sí go dlúth le hoidhreacht na tíre, le stair, seanchas, litríocht, ceol, béaloideas agus logainmneacha. Baineann an Ghaeilge go dlúth le cultúr agus féiniúlacht na hÉireann agus tá sí ar cheann de na teangacha is sine atá in úsáid san Eoraip. Aithnítear an Ghaeilge anois mar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (http://ec.europa.eu/education/official-languages-eu_en), aitheantas a thugann stádas breise don teanga go hidirnáisiúnta. Tá luach ollmhór ag an nGaeilge mar chuid dár n-oidhreacht agus dár gcultúr agus aithnítear ag an am céanna go bhfuil ról fíorthábhachtach ag an mBéarla chomh maith le teangacha na n-imirceach.

An Dátheangachas

Chomh maith le buntáistí maidir le sealbhú na Gaeilge féin, tá buntáistí an dátheangachais go ginearálta á bhfáil ag cainteoirí líofa sa dara teanga. Ar na buntáistí sin, áiríonn Baker & Wright (2017) smaointeoireacht iltreoch, cruthaitheacht, feasacht mheititheangeolaíoch (smaoineamh ar theanga) agus íogaireacht chumarsáide. Agus páistí naíonra ag tosú ar a dturas teangeolaíoch ginearálta, tuigfidh siad gur féidir rudaí a ainmniú as Gaeilge agus as Béarla araon. Dúirt páiste amháin, cuirim i gcás, “I know the Irish for ‘elephant’”, agus bhí páiste eile ag fiafraí faoin nGaeilge ar “treehouse”. Le linn comhrá eile, bhí sé soiléir go raibh páiste ag déanamh machnaimh ar na focail ‘bosca bruscair’ nuair a dúirt sé ‘My bosca bruscair hangs up because it’s a bag’ (Mhic Mhathúna 2010). Tosú ar thuiscintí meititheangeolaíocha atá anseo, is é sin go dtuigeann an páiste gur féidir dhá ainm a chur ar rudaí agus gur féidir anailís fheidhmiúil a dhéanamh ar bhrí an fhocail.

An Staid Reatha

Daonáireamh 2016

Cuireadh dhá cheist faoin nGaeilge in Daonáireamh 2016 (An Phríomh-Oifig Staidrimh 2017): “An bhfuil Gaeilge labhartha agat” a bhí sa chéad cheist, agus sa dara ceann fiafraíodh cé chomh minic a bhítí á labhairt. Dúirt, 1,761,420 duine os cionn 3 bliana d’aois go raibh Gaeilge labhartha acu (30% den daonra iomlán) agus astu siúd dúirt beagnach 73,900 duine díobh (1.7% den daonra iomlán) go labhraíonn siad í go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Dúirt 12.5% díobh go labhraíonn siad Gaeilge sa chóras oideachais amháin.

Maidir le páistí in aois naíonra, bhí 22% de pháistí 3-4 bliana d’aois sa tír in ann (roinnt) Gaeilge a labhairt agus tháinig méadú mór ar an gcéatadán a bhí in ann (roinnt) Gaeilge a labhairt in aois 4 – 5 bliana.

Aois

Líon na bpáistí

 Líon taobh amuigh den Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge

3 – 4 bliana

68,076

14,856 (22%)

4 – 5 bliana

70,835

43,726 (62%)

 

Is gá cuimhneamh go mbeadh idir pháistí naíonra agus pháistí bunscoile san áireamh san aoisghrúpa 4 – 5 bliana d’aois, ach is léiriú suntasach iad na figiúirí seo ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge sa chóras réamhscolaíochta agus sa chóras bunscolaíochta ar fud na tíre.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Tá an-tábhacht ag baint le forbairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di agus pléann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (Rialtas na hÉireann 2015) agus an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 (Rialtas na hÉireann 2018) straitéisí agus beartais Stáit chun tacaíocht a thabhairt don teanga.  Aithníonn an Plean Gníomhaíochta (Rialtas na hÉireann 2018: 48) an tábhacht a bhaineann le naíonraí mar thacaíocht do thuismitheoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin. Tá beartais sa phlean (lgh 51-53) chun tacaíocht ghairmiúil trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí luathbhlianta i gcomhpháirt leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus eagrais luath-óige eile, agus moltar go gcuirfí cúrsaí oiliúna trí mheán na Gaeilge ar fáil ag Leibhéil 5 agus 6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochta chomh maith le seirbhísí tacaíochta eile.

Cultúr agus Curaclam

Tá iliomad bealaí ann chun cultúr a chur i láthair sa churaclam luath-óige. Bunaíodh an curaclam comhtháite Te Whariki (Ministry of Education New Zealand 2017) ar chultúr na Maorach sa Nua-Shéalainn, cultúr ina gcuirtear béim ar thábhacht an teaghlaigh agus an cheantair. Tá béim ar an mBreatnais féin mar theanga i gcuraclam réamhscoile na Breataine Bige, Foundation Phase (Welsh Government 2015) agus tá spriocanna agus torthaí foghlama áirithe leagtha amach faoi shealbhú na Breatnaise. Tá cur chuige éagsúil ag Aistear agus Síolta mar creatchuraclam agus mar chreat cáilíochta, rud a thugann saoirse do gach aon duine a bhrí féin a bhaint as na moltaí. Leagtar béim ar shealbhú na Gaeilge nó an Bhéarla mar theanga dhúchais tríd síos agus moltar aird a thabhairt ar theangacha eile na bpáistí chomh maith. Tá sé suntasach go bhfuil teidil an dá chreat as Gaeilge, rud a thugann aitheantas don Ghaeilge agus go bhfuil roinnt mhaith de na cáipéisí a bhaineann leo ar fáil as Gaeilge agus as Béarla araon. Tá sraith físeán ann ar shealbhú na Gaeilge sa naíonra a léiríonn cur chuige an tumoideachais: http://Aistearsiolta.ie/ga/.

Aistear agus Síolta: na príomhthéamaí

Tá ceithre phríomhthéama ag Aistear a fhreagraíonn do chaighdeán Síolta agus tabharfar samplaí den tslí ar féidir na prionsabail a bhaineann leis an dá chreat a chur i bhfeidhm sna naíonraí:

  • Folláine agus Leas
  • Féiniúlacht agus Muintearas
  • Cumarsáid
  • Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht

Folláine agus Leas

Tá folláine agus leas síceolaíoch agus fisiceach i gceist leis an téama seo. Cuireann an caidreamh atá ag an bpáiste leis an teaghlach agus le daoine a bhíonn i dteagmháil go rialta leis go mór lena fholláine agus lena leas. Tá sé tábhachtach go mbeadh dearcadh dearfach ag an bpáiste ar an bhfoghlaim agus ar an saol. Molann Aistear go dtabharfaí roghanna do na páistí agus deiseanna dóibh chun a gcuid tosaíochtaí féin a dhéanamh amach. Ardaíonn sé seo ceist faoi rogha teanga na bpáistí agus iad ag caint as Béarla. Is é aidhm an naíonra ná deiseanna chun Gaeilge a fhoghlaim a chur ar fáil. Má ghlactar le caint na bpáistí as Béarla, meas a léiriú ar an teanga agus ar a bhfuil á rá acu agus brí na cainte a fhreagairt as Gaeilge, ba chóir go mbeadh na páistí sásta go bhfuiltear ag éisteacht leo is go mbeidh siad ag fáil deise chun an dara teanga a shealbhú. Tugann an naíonra tacaíocht d’fhorbairt fholláine na bpáistí ach iad a spreagadh chun bia folláine a thabhairt isteach don lón agus imeachtaí amuigh faoi aer a chur ar fáil.

Samplaí den chur chuige chun Folláine agus Leas an pháiste a chur chun cinn

Is ócáid mhór é am lóin sa naíonra. Is fiú don mhúinteoir luathbhlianta polasaí faoi bhia folláine a chur i bhfeidhm ag tús an téarma i gcomhpháirt leis na tuismitheoirí. Faigheann an páiste eolas ar bhia, ar bhia sláintiúil, bhia míshláintiúil, roghanna bia ó chultúir éagsúla agus go leor eile. Is iomaí deiseanna foghlama a ghabhann leis an téama seo a chur chun cinn go praiticiúil sa naíonra: an foclóir a bhaineann leis an gcineál bia a itheann na páistí, blas an bhia, na dathanna atá ar bhia agus ar phacáistiú éagsúil, conas bia a ullmhú agus a chócaráil, agus mar sin de.

Tá bealaí éagsúla ann chun dúil i mbia folláine a spreagadh agus chun leas teanga a chur chun cinn:

  • Is féidir leis an múinteoir luathbhlianta cabhrú leis an bpáiste ar dtús a lón a chur sa chuisneoir agus comhrá a spreagadh mar gheall ar an mbia sa bhosca lóin. D’fhéadfaí rud amháin sa bhosca a roghnú agus ceist a chur ar an bpáiste mar gheall air. Déanfaidh an páiste aithris ar an duine fásta ansin.
  • Is féidir ceist a chur ar na páistí ag am lóin faoi cad atá istigh sna boscaí lóin agus sna buidéil atá acu. Is féidir an sealbhú teanga a threisiú le foclóir ar nós ceapairí, liamhás, cáis, sailéad srl. a thabhairt dóibh.
  • Má tá siopa sa naíonra, is féidir leis an múinteoir luathbhlianta liosta beag siopadóireachta le pictiúir a thabhairt do na páistí. Déarfaidh an múinteoir luathbhlianta na focail i dtosach. Beidh na páistí in ann rudaí a roghnú agus a cheannach sa siopa, le cabhair ón múinteoir luathbhlianta más gá i dtosach, ach beidh siad in ann é a dhéanamh as a stuaim féin ar ball.
  • Beidh siad in ann béilí a ullmhú dóibh féin sa chúinne baile freisin le bia bréagach nó le bia ceart.
  • Tá an-chuid leabhar ar fáil a léiríonn bia agus is féidir cluiche a bhunú le bia folláine nó bia míshláintiúil a aithint.
  • Tugann an cluiche biongó atá bunaithe ar bhia, idir fholláin agus mhífholláin, deis don pháiste foghlaim faoin ábhar agus an teanga a shealbhú chomh maith.
  • De réir mar a théann an páiste i dtaithí ar an ábhar seo, is féidir leis an múinteoir luathbhlianta agus na páistí pirimid bia shimplí a dhéanamh agus bia nó pictiúir a leagan amach ar bhord. Féach an sampla atá ar fáil ag http://www.parkchildcare.ie/food-pyramid-for-1-5-year-old-children/

 

  • Is féidir bia a phlé mar théama ag am ciorcail agus samplaí de bhia ó thíortha éagsúla a thabhairt isteach.
  • Is féidir le múinteoir luathbhlianta bia a ullmhú leis na páistí sa naíonra mar áis chun bia folláine agus sealbhú teanga a chur chun cinn.

Is léir go ngabhann deiseanna foghlama leis an téama bia sa naíonra maidir le sealbhú teanga agus go gcruthaíonn sé feasacht ar fholláine agus leas an pháiste chomh maith.

Féiniúlacht agus Muintearas

Tá sé mar aidhm ag an téama seo in Aistear dearcadh dearfach a chothú sa pháiste ina leith féin agus cabhrú leis/léi a bhrath go bhfuil luach ag baint leis/léi féin agus go bhfuil meas air/uirthi mar chuid de theaghlach agus de phobal.

Samplaí den chur chuige chun Féiniúlacht agus Muintearas a chur chun cinn

  • Is féidir gnás a bhunú ag am ciorcail ina gcuireann na páistí iad féin in aithne. Cuireann an múinteoir luathbhlianta í féin in aithne ar dtús: “Mise Síle. Cé hé tusa?” Freagraíonn an páiste: “Mise Seán” agus cuireann gach páiste é/í féin in aithne, duine ar dhuine. Is féidir tógáil ar an gcur in aithne agus sloinne an pháiste a chur leis, agus cur síos a dhéanamh ar dhath na gruaige agus ar na héadaí.
  • Uair éigin eile is féidir gníomhaíocht a chur ar siúl chun na mothúcháin a aithint agus a ainmniú. Tá pictiúir a léiríonn na gnáthmhothúcháin ar fáil ar an idirlíon (áthas, brón, díomá, náire, fearg, srl.) agus is féidir iad a phlé leis na páistí, cluichí meaitseála a bhunú orthu nó iarraidh ar na páistí na haghaidheanna a dhéanamh iad féin. (http://www.sparklebox.co.uk/topic/ourselves/emotion.html#.W38Wlc5KjIU)
  • Is féidir leis an múinteoir luathbhlianta scáthán beag a thabhairt do pháiste agus fiafraí de/di cé atá sa scáthán agus an bhfuil aghaidh shásta nó aghaidh bhrónach air/uirthi?
  • Is féidir leis na páistí aghaidh nó béal atá sásta / míshásta a tharraingt nó a phéinteáil ar pháipéar nó ar phláta páipéir agus labhairt mar gheall air.
  • D’fhéadfadh an múinteoir luathbhlianta scéal a léamh agus a cheangal leis an téama seo.
  • Is féidir a iarraidh ar na páistí agus ar na tuismitheoirí grianghraif den teaghlach a thabhairt isteach agus iad a chur ar taispeáint sa naíonra. Is féidir caint a dhéanamh leis na páistí faoi na daoine ata sa ghrianghraf agus iarraidh orthu, cúpla duine ag an am, a ngaolta a chur in aithne do na páistí eile. Féach an grianghraf thíos ina bhfuil buachaill ag taispeáint a theaghlaigh don mhúinteoir luathbhlianta.
  • Is féidir cluichí a bhunú agus dathanna éadaí na bpáistí a mheaitseáil.

Is léir go bhfuil cúram á dhéanamh ar na cuspóirí, téamaí agus prionsabail a bhaineann le Féiniúlacht agus Muintearas anseo chomh maith le sealbhú teanga an pháiste.

Cumarsáid

Deir Aistear go dtagann na bealaí go léir ina roinneann páistí a gcuid eispéireas, a smaointe, a dtuairimí agus a mothúcháin le daoine eile faoin téama seo. Tá dlúthbhaint ag na bealaí éagsúla go léir le cumarsáid a dhéanamh – bealaí neamhbhriathartha, modhanna cruthaitheacha agus caint agus comhrá dátheangach. Cé go labhraíonn an múinteoir luathbhlianta as Gaeilge, is minic a bhíonn meascán de Bhéarla agus de Ghaeilge in úsáid ag na páistí agus iad ag sealbhú na Gaeilge. Baineann amhránaíocht, ceol, ealaín, pictiúir, rólimirt, scéalaíocht, siombailí agus go leor bealaí cumarsáide eile leis an téama seo chomh maith. Spreagtar spéis agus fiosracht na bpáistí agus cuirtear deiseanna ar fáil dóibh chun a gcuid smaointe agus a bhfionnachtain a roinnt leis an múinteoir luathbhlianta agus le páistí eile. Úsáidfidh an múinteoir luathbhlianta straitéisí cainte agus cumarsáide leis na páistí a oireann an dá leibhéal tuisceana ar an nGaeilge (Féach Caibidil 2: Sealbhú agus Foghlaim Teanga). Cabhróidh sí leo a gcuid Gaeilge féin a thuiscint agus cur lena gcumas sa teanga trí úsáid mhachnamhach a bhaint as gníomhaíochtaí luath-óige ar mhaithe lena bhforbairt teanga agus lena bhforbairt iomlán mar dhaoine. 

Samplaí den chur chuige chun Cumarsáid a chur chun cinn

  • Spreagfaidh trealamh áirithe roinnt mhaith cainte ó na páistí, mar shampla, fóin phóca agus micreafóin. B’fhiú go mbeadh fóin sa Chúinne Baile agus go gcuirfeadh an múinteoir luathbhlianta glaoch ar na páistí ó am go chéile.
  • Is féidir scéalta a insint nó a léamh do na páistí ar bhealaí atá beo bríomhar, ag úsáid bréagáin, geáitsí agus málaí scéalaíochta.
  • Taitneoidh scéalta áirithe go mór leis na páistí agus is féidir drámaí beaga a bhunú ar a rogha scéalta, le rólimirt, frapaí agus abairtí ón scéal.
  • Is féidir cluichí boird a imirt, cluichí inar féidir leis na páistí an tosaíocht a ghlacadh: “Cé leis é seo?”, ag taispeáint cárta meaitseála, mar shampla. De réir a chéile is féidir cabhrú leo cur síos a dhéanamh ar na cártaí.
  • Cuireann páistí iad féin in iúl tríd an ealaín agus ba chóir go mbeadh go leor deiseanna ar fáil chun péinteáil a dhéanamh agus imirt le taos agus le hábhair eile. Ní mór deiseanna scríbhneoireachta nó marcála a chur ar fáil dóibh chomh maith le rogha criáin, pinn luaidhe, péinte, cailce, srl.
  • Tá póstaeir, lipéid agus acmhainní eile as Gaeilge ar fáil ó Gaeloideachas: gaeloideachas.ie. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an teanga scríofa le feiceáil sa naíonra agus go mbeadh neart leabhar agus ábhar taispeántais as Gaeilge ann.
  • Cuimhnigh gur féidir neart cluichí a imirt lasmuigh sa chlós a chuirfidh deiseanna cumarsáide éagsúla ar fáil, idir chluichí foirne, imirt ar threalamh súgartha agus chaint faoin dúlra.
  • Deis cumarsáide agus deis cainte atá i ngach gníomhaíocht agus gnás sa naíonra ach smaoineamh ar conas leas a bhaint astu.

Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht

Cabhrófar leis na páistí chun brí a bhaint as an saol, trí shúgradh, iniúchadh agus teagmháil a dhéanamh le daoine eile faoin téama seo. Beidh siad ag déanamh forbartha ar a gcuid scileanna agus ar a gcumas chun machnaimh, agus ag cur lena gcumas teanga san am céanna. Is féidir gníomhaíochtaí foghlama a phleanáil dóibh atá oiriúnach dá spéiseanna agus dá riachtanais agus a thugann dúshlán dóibh ag an am céanna. Beidh forbairt na Gaeilge mar an dara teanga mar chuid lárnach den phleanáil seo.

Samplaí den chur chuige chun Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht a chur chun cinn:

  • Gheobhaidh na páistí tuiscint ar dhathanna agus ar mheaitseáil trí gníomhaíochtaí bunaithe ar dhathanna. Is féidir grúpáil a dhéanamh ar bhoird agus ar chathaoireacha ar dhathanna éagsúla agus iarraidh ar na páistí suí ag an mbord glas nó ag an mbord dearg. Aithneoidh na páistí na boird éagsúla go tapa má dhéanann an múinteoir luathbhlianta tagairtí dóibh go rialta agus foghlaimeoidh siad ainmneach na ndathanna as Gaeilge.
  • Is féidir cupáin agus plátaí a bhfuil dathanna éagsúla orthu a úsáid ag am lóin agus labhairt mar gheall ar na dathanna sin.
  • Is féidir cluichí a bhunú ar dhath na seachtaine agus rudaí leis an dath sin a aimsiú sa seomra nó a thabhairt isteach ón mbaile. Cabhróidh sé seo chun foclóir na bpáistí a mhéadú, chomh maith leis na dathanna a aithint agus a ainmniú.
  • Is féidir dath na saghsanna éagsúla trealaimh a ainmniú, na ciúbanna buí, na pionnaí dearga, na brící glasa. Is féidir leis na páistí patrúin le dathanna éagsúla a dhéanamh dá chéile.
  • Cuirfidh an múinteoir luathbhlianta béim ar shiombailí, litreacha agus uimhreacha sa chomhthéacs ina dtagann siad chun cinn. Mar shampla, úsáidfidh an múinteoir luathbhlianta siombail chun crúcaí cótaí, srl. a mharcáil agus déarfaidh sí gur le Seán an crúca leis an tsiombail de charr, mar shampla. Beidh na páistí ag foghlaim conas ceangal a dhéanamh idir siombail agus an duine ar leis í. Rachaidh na páistí i dtaithí ar na siombailí seo agus céad litreacha a n-ainmneacha agus beidh siad in ann iad a aithint go neamhspleách.
  • Tugadh sampla den tslí ar féidir le páistí aithne a chur ar dhaoine sa phobal i gCaibidil 4, cuairt an otharchairr. Is féidir cuairteanna a eagrú le daoine eile sa phobal, múinteoir ón nGaelscoil áitiúil, garda, altra, srl.
  • Is féidir iniúchadh a dhéanamh ar phlandaí i ngairdín an naíonra nó cuairt a thabhairt ar pháirc áitiúil (ag cloí leis na rialacháin chuí) chun eolas a chur ar an dúlra.
  • Éistfidh an múinteoir luathbhlianta leis na páistí agus iad ag iarraidh na cúiseanna a bhaineann le feiniméan a dhéanamh amach agus tabharfaidh sí tacaíocht dóibh chun réiteach a fháil ar fhadhbanna.

Sa tslí seo, spreagfar na páistí chun eolas a chur ar an saol agus chun cur lena bhforbairt teanga. Feictear mar sin go gcuireann téamaí Aistear agus caighdeáin Síolta béim ar theanga agus ar chultúr, ar fholláine agus leas, ar fhéiniúlacht agus muintearas agus ar dheiseanna foghlama den uile shaghas a chur ar fáil do na páistí.

Suimiú

Léiríodh an tábhacht a bhain leis an nGaeilge mar dhlúthchuid de chultúr na hÉireann agus rinneadh cur síos gairid ar an teoiric shochtheangeolaíoch a bhaineann le teanga agus le cultúr. Pléadh líon na gcainteoirí Gaeilge in Daonáireamh 2016 agus an tábhacht a bhaineann le háit a bheith ag an nGaeilge sa chóras réamhscolaíochta agus bunscolaíochta. Luadh na himpleachtaí atá ag na moltaí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus ag an Plean Gníomhaíochta 2018 – 2022 chun tacaíocht ghairmiúil a chur ar fáil do naíonraí agus tugadh samplaí praiticiúla den tslí ar féidir téamaí Aistear agus caighdeáin Síolta a chur i bhfeidhm sna naíonraí.