Aitheasc an Uachtaráin ag Tionól Forbartha Gaeloideachas 2025

Nov 21, 2025

TF 2025

A chairde Gael,  is mór an chúis bhróid dom a bheith ag seasamh os bhur gcomhair ar maidin, ag ócáid atá an-ghar do mo chroí, timpeallaithe ar phobal a bhfuil meas mór agus cion agam air. Is iomaí ócáid ghairmiúil atá anois i bhur ndialanna, le han-chuid eagraíochtaí dírithe ar sheirbhísí tacaíochta agus deiseanna forbartha a chur ar fáil do na scoileanna . Is maith ann iad uile, ach ba mhaith liom a mhaíomh go bhfuil ról uathúil ag Gaeloideachas sa mhéid is go ndíríonn sí  ar riachtanais forbartha trasna an chontanaim tumoideachais – ó naíonraí go bunscoileanna  go hiar-bhunscoileanna. Aithnítear agus déantar ceiliúradh ar an ról uathúil ach idirspleách atá ag an trí leibhéal seo agus creidimid sa bhfóram tábhachtach plé, forbartha, tacaíochta agus forbartha a bhronnann an ócáid seo orainn. 

Chuile bhliain seasann Uachtarán Gaeloideachas anseo, agus tugann sé / sí osradharc ar na mór-rudaí tábhachtacha atá ag titim amach agus ag imirt tionchair ar an earnáil, agus oraibh uile. Chuile bhliain, maíonn Gaeloideachas gur am cinniúnach atá ann don Ghaeilge agus don tumoideachas. Bíonn an ceart againn, gan amhras, ach ba mhaith liomsa a mhaíomh gurb é seo an staid is cinniúnaí riamh i saol na hearnála seo, an tumoideachais agus na Gaeilge. Aithním gur ráiteas mór é seo, ach níl sé gan bhunús.

Tá mórfhorbairtí i mbéal an phobail a fhágfaidh a rian láidir ar thodhchaí na Gaeilge sa chóras oideachais agus ar thodhchaí an oideachais lán-Ghaeilge agus an tumoideachais. Is iad sin:

  1. Foilsiú an Chéad Pholasaí riamh den Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
  2. Foilsiú an chéad phlean gnímh riamh don Ghaeilge sna scoileanna meán Bhéarla
  3. Plean cuimsitheach don Ghaeilge sna luathbhlianta, geallta roimh an Nollaig – an chéad phlean riamh
  4. Comhairliúchán beo maidir leis an nGaeilge san Ardteist
  5. Athbhreithniú idir lámha maidir le cur i bhfeidhm sonraíochtaí T1 agus T2 na Gaeilge ag leibhéal na sraithe sóisearaí
  6. Suirbhé beo i measc pobail na luathbhlianta agus na mbunscoileanna ina bhfuil ceist curtha ar mian le pobal na scoileanna sainmheon teanga na scoile a athrú, agus
  7. Feidhmiú an Pholasaí oideachais Gaeltachta agus scéim aitheantais na scoileanna Gaeltachta.

Mura rachfá níos faide ná teideal na mórfhorbairtí thuasluaite, bheadh síol an dóchais ann faoi thodhchaí na teanga agus an chórais tumoideachais. B’fhéidir go mbraithfeá go bhfuil ré úr ann don Ghaeilge agus dár gcóras. Ba mhaith liom i mo chroí istigh a chreidiúint go bhfuil. Mar eagraíocht abhcóideachta a bhfuil mar fhís aici go mbeidh teacht ag gach páiste ar thumoideachas agus ag na caighdeáin is airde, ní mór dúinn áfach na ceisteanna deacra a chur. Nílimid á gcur ar mhaithe le bheith dúshlánach, táimid á gcur le gur féidir linn, thar bhur gceann, bheith dílis don bhfís atá againn don chóras tumoideachais. Tá sé ríshoiléir dúinn – ní amháin gur am cinniúnach atá ann ach go bhfuil fuinneog chriticiúil ann don Ghaeilge. I bhfocail eile, tá deis ar leith ann ag an nóiméad áirithe seo inár stair. Mura n-éilíonn muid agus mura gcinntíonn muid an toradh is fearr ar chuile ceann de na mórfhorbairtí a luaigh mé, dúnfar an fhuinneoig chriticiúil chéanna, agus caillfear an radharc álainn a d’fhéadfadh a bheith ann ar thírdhreach an tumoideachais. Agus an ráiteas lom seo déanta agam, táimid thar a bheith buíoch do Thomás Ó Ruairc, Rúnaí Cúnta  sa Roinn Oideachais agus Óige as bheith linn, as éisteacht lenár n-údar imní agus as an obair ar fad atá ar bun aige laistigh don Roinn ar son na teanga agus an chórais tumoideachais. Ba mhaith liom an deis a thapú freisin buíochas a ghlacadh leis an Roinn as a dtacaíocht agus as an bhfís atá á léiriú acu i bhfeidhmiú na scéime píolótaigh ar chnuasach na scoileanna beaga. Tá Gaeloideachas ag stiúradh, trí chúnamh Joe Mhic Dhonncha, cnuasach Iorras Aithnigh i gConamara. Tá an-áthas orm a chur in iúl go bhfuil dul chun cinn suntasach agus ceannródaíoch déanta againn, agus tá Caroline Ní Chonghaile, duine de na príomhoidí sa chnuasach céanna, ceapaithe anois ar bhonn píolótach mar phríomhoide ag stiúradh obair an chnuasaigh. Tugann an tionscadal seo dóchas dúinn do mhúnlaí inmharthana agus treisithe na scoileanna beaga, fud fad na tíre. Tréaslaímid do chuid oibre leat, a Charoline.

Mar is eol daoibh uile, tá céim mhór stairiúil bainte amach le foilsiú an chéad pholasaí den Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Nuair a chéad thosaigh plé agus forbairt ar an Polasaí Oideachas Gaeltachta, thosaigh Gaeloideachas ag achainí ar son polasaí comhchosúil lasmuigh den Ghaeltacht, leis na tacaíochtaí agus an t-infreastruchtúr céanna. Tá an-áthas orainn gur ghlac an Roinn chucu an dúshlán polasaí a fhorbairt agus a fhoilsiú agus ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt do Thomás, agus do Lisa Ní Roduibh agus Muireann Tóibín san Aonad Gaeltachta. An cheist atá ag dó na geirbe orainn anois agus muid ag machnamh ar ábhair an pholasaí, ná an dtéann sé I ngleic leis na dúshláin a nochtaíodh sa chomhairliúchán mór poiblí i mbealach uaillmhianach, cumhachtach, cuimsitheach agus cothrom. An ról atá ag Gaeloideachas ná ár ndícheall a dhéanamh dul i bhfeidhm ar an Roinn chun go ndéanfaí amhlaidh.

Tá teorainn áirithe curtha ar ár gcuid ionchais, áfach, ach ní mór dúinn an dóchas a choinneáil gur teorainn sealadach í. Tá mórchuid na ndúshlán a d’aithin an pobal agus Gaeloideachas agus eagrais eile sa ghort seo curtha faoi chúram tascfhórsa le réiteach. In ainneoin áfach scóip an-leathan agus ualach an-mhór ar an tascfhórsa, ní mór dúinn a chreidiúint go mbeidh d’acmhainn ag an tascfhórsa moltaí a réiteach don Aire laistigh d’achar bliana. Ní mór dúinn a chreidiúint, agus muid ag caint ar an Aire go n-éireoidh linn mar earnáil agus mar eagraíocht dul I bhfeidhm go dearfach ar an Aire Oideachais nua, Hildegaurd Naughton agus go léireoidh sí an spéis agus an tiomantas céanna is a léirigh Helen McEntee sa Ghaeilge agus sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Ag filleadh ar cheist an tascfhórsa, cuimseoidh a chuid oibre iniúchadh ar na múnlaí uile soláthair atá agus a bheidh ann don todhchaí, na critéir teangabhunaithe ar chóir a bheith ag gach scoil, reatha agus nua, na tacaíochtaí uile a bheith de dhíth le gur féidir feidhmiú mar scoil thumoideachais ag na leibhéil is airde; agus go leor eile. Tá ballraíocht ag Gaeloideachas ar an tascfhórsa seo, agus déanfaimid ár seacht ndícheall a chinntiú go ndéanfar an earnáil seo a chaomhnú agus a neartú le go bhfreastalófar ar an éileamh ar thumoideachais fud fad na tíre.  Seasann agus seasfaidh Gaeloideachas an fód ar cheist na múnlaí soláthar, ag éileamh agus ag achainí ar son suíomhanna tumoideachas i scoileanna neamhspleácha. Aithnímid go bhféadfadh go mbeadh réitigh éagsúla  le n-aimsiú ag brath ar chúinsí áitiúla, agus go mb’fhéidir gur scoil satailíte faoi bhainistíocht gaelcholáiste a bheadh feiliúnach. Déanfaimid iniúchadh stuama ar na roghanna seo, ach ní chaillfimid radharc ná ní ghéillfimis ar bhunchritéir, bunphrionsabail agus bunriachtanais forbartha an tumoideachais, sé sin go mbeidh páistí agus daoine óga tumtha sa teanga, go hacadúil agus go sóisialta, i dtimpeallacht ghaelach le sainspiorad Gaeilge agus Gaelach, le freastal cuí déanta ar a gcuid riachtanais uile, trí mheán na Gaeilge.

Agus mé ag tagairt d’éileamh ar thumoideachais, tá sibh uile anois ag plé le suirbhé á scaipeadh ar na bunscoileanna ar fad ina bhfuil 3 cheist ann; ceann ar shainmheon creidimh, ceann ar inscne agus ceann ar rogha teanga d’fheidhmiú na scoile. Iarrtar ar phobail na scoileanna, scoileanna meán-Ghaeilge ina measc a shainiú an mbeidís sásta feidhmiú mar scoil lán-Ghaeilge nó mar scoil Bhéarla.  Aithnímid go bhfeiceann an Roinn go bhféadfadh toradh fónta a bheith air seo don oideachas lán-Ghaeilge, ach faraor tá riosca ollmhór leis na hiarmhairtí neamhbheartaithe nó unintended consequences lena mbaineann. Tá an cheist seo lochtach ó bhonn agus cibé toradh a bheidh air, ní bheidh sé ag léiriú pictiúr cruinn ar éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge. Chuireamar ár n-imní faoin gceist seo in iúl go tráth rialta don Roinn agus don Aire, ach in ainneoin sin, tá i gceist ag an Roinn na torthaí á úsáid le héileamh a mheas. Tá Gaeloideachas ag éileamh dá réir nach mbainfí leas as na torthaí sin ach go n-aontóidh an tascfhórsa meicníocht cheart le éileamh a mheas. Mar chuid de sin, tá gá le hathbhreithniú cuí ar an bpróiseas bunaithe scoile, próiseas a fhágann oideachas lán-Ghaeilge faoi mhíbhuntáiste mar go bhfuil sé bunaithe ar déimeagrafaic amháin, seachas ar phleanáil straitéiseach a bhfuil éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge mar shainrogha oideachais i gcroí na pleanála.   

Lasmuigh d’obair an tascfhórsa, is beag coincréiteach atá ar fáil anois mar thacaíocht do na scoileanna lán-Ghaeilge sa pholasaí. Ní mór dúinn dá réir a chinntiú go gcuimseoidh na moltaí a eascraíonn as an tascfhórsa gníomhartha soiléire agus láidir a chuireann le caighdeán agus cáilíocht an tsoláthair –  agus a aithníonn cén chaoi le iad a chur i bhfeidhm, cén uair agus le cén buiséad. Is mór ar fad an difríocht a bhí sa pholasaí a foilsíodh don oideachas Gaeltachta agus an polasaí a foilsíodh don oideachas lasmuigh den Ghaeltacht ó thaobh spriocanna agus straitéisí coincréiteacha; agus tá dualgas orainn a chinntiú go mbeidh cothrom na féinne ann do chuile páiste agus do chuile múinteoir sa chóras, beag beann ar lonnaíocht na scoile.

Ag caint ar chothrom na féinne, d’fháiltigh scoileanna roimh na huaireanta breise don Ghaeilge a ceadaíodh faoin bpolasaí. Is mór an cúnamh iad, a chabhróidh le sealbhú na Gaeilge inár scoileanna. Fágadh áfach gaelscoileanna nach bhfuil stádas DEIS acu ar lár, rud a chuir an-chuid díomá agus míshástacht ar scoileanna. Anuas air seo, fágadh na haonaid lán-Ghaeilge ar lár; an dream, más féidir liom a mhaíomh, is leochailí ó thaobh tacaíochta de. Níl aon réasúnaíocht leis seo, agus impímid ort, a Thomáis, dul i gcion ar an Roinn faoi seo a chur ina cheart ar bhonn práinneach.

Agus muid ag achainí go mbeidh rudaí curtha ina cheart, impímid ort a Thomáis dul i gcion ar na córais laistigh den Roinn atá freagrach as córas reatha na ndíolúintí. Níl duine ar bith sa seomra seo a d’aontódh gur córas tacúil tuisceanach atá ann atá ag cothú meon dearfach agus sealbhú na Gaeilge. A mhalairt glan, faraor, le os cionn 60,000 páiste cheana a bhfuil deireadh curtha lena dturas sealbhaithe teanga, agus go macánta, táim in amhras, ag an ráta seo, an mbeidh ann don Ghaeilge mar chroí-ábhar sa chóras oideachais laistigh de roinnt bhlianta. Tuigim, go teoiriciúil nach mbaineann an cheist go díreach leis an earnáil seo de bharr nach féidir lenár scoileanna díolúine a bhronnadh, ach baineann sé linn go díreach mar go bhfuil an córas ag déanamh creimeadh leanúnach ar stádas na Gaeilge i súile an phobail, ar mhuinín an phobail maidir le hionchuimsitheacht an chóras tumoideachais agus ar éileamh ar naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge dá réir. Tá na scoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta agus na scoileanna meán-Bhéarla idirspleách. Cibé infheistíocht, nó easpa infheistíochta a dhéantar i gcaighdeán agus cáilíocht na Gaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla, tá impleachtaí agus tionchar ann don chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta  – baineann sé seo le tacaíochtaí RSO, soláthar mhúinteoirí; inniúlachtaí teanga na múinteoirí; forbairtí curaclaim ag an dá leibhéal srl. srl.

Tá comhairliúchán de chuid an CNCM beo faoi láthair ar Ghaeilge na hArdteiste, agus síneadh ama faighte againn go dtí an 1 Nollaig le haghaidh freagraí ar an suirbhé. Bíodh is go ndealraíonn sé nach múnla T1 agus T2 atá á mholadh a thuilleadh, tá tábhacht mhór leis an gcomhairliúchán, a mbeidh dréachtsonraíochtaí don Ghaeilge ag eascairt as. Mar eagraíocht, táimid ag achainí ar son roinnt croíphrionsabail – ina measc, ailíniú iomlán ar churaclam na bunscoile agus na hiar-bhunscoile leis an bhFráma Coitianta do Theangacha Eorpacha; go bhfanfaí ar thorthaí an athbhreithnithe ag an tsraith shóisearach roimh sonraíochtaí a mholadh; go mbeidh scrúdú béil, le cur chuige úr spreagúil, leabaithe sa chóras ón tsraith shóisearach ar aghaidh; go ndéanfaí freastail ar dhaltaí ar an leibhéal cumais atá acu; nár cheart pionós a bheith ar dhaltaí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoll acu nó a roghnaíonn cúrsa níos dúshlánaí, agus go deimhin go mbeidh cúiteamh / aitheantas faoi leith ann dóibh.

Agus ag caint ar idirspleáchas agus comhleanúnachas idir na córais, tosaíonn an aistear tumoideachais sa naíonra do an-chuid páistí. Ainneoin infheistíocht mhéadaithe i seirbhísí tacaíochta do na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht trí maoiniú a chur ar fail do Gaeloideachas i 2025, tá fadhbanna sistéamacha ann go fóill atá ag cur bac ar fhás na naíonraí, agus ar a hinmharthanacht, fiú. Aithníonn muid go bhfuil plean cuimsitheach beartaithe ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais don Ghaeilge sna luathbhlianta agus go bhfuil sé le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo. Is mór an dul chun cinn seo, agus beimid ag súil le bheith ag comhoibriú leis na forais stáit agus páirtithe leasmhara eile nuair a fhoilseofar é. Tá sé den riachtanas go mbeadh an plean an-uaillmhianach le dul i ngleic leis na dúshláin atá ag bagairt ar na naíonraí le blianta fada, agus go mbeidh buiséad cuí ann le plean gnímh cuimsitheach a chur i bhfeidhm.

Mar a sheasann, níl córas ag an Stát le naíonra a aithint mar chineál seirbhís ar leith, mar shuíomh ina bhfuil tumoideachas á chleachtadh. Tá gá le scéim a thacaíonn le naíonraí nua a bhunú, go háirithe nuair atá deis iad a chomhlonnú le bunscoileanna lán-Ghaeilge, agus ba cheart don Stáit breathnú ar mhúnla poiblí a fhorbairt le soláthar luathbhlianta lán-Ghaeilge a chinntiú. Tá gá le scéim a thacaíonn le naíonraí a bhuanú agus le haitheantas a thabhairt deo chaighdeán an tsoláthair. Tá líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag laghdú le blianta beaga anuas, agus an fhianaise starógach a thuairiscítear ina leith ná toisc nach féidir foireann a earcú agus a choinneáil. Tá Gaeloideachas ag éileamh go gcuirfí scéim aitheantais agus fóirdheontais ar fáil do na naíonraí reatha ar bhonn práinne, mar cuid den phlean cuimsitheach atá beartaithe ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais don Ghaeilge sna luathbhlianta.

Is liosta na háireamh na húdair imní a leag mé os bhur gcomhair inniu a chairde. Le misneach, fuinneamh agus uaillmhian, is féidir agus is fearr i bhfad obair as lámha a chéile chun ár bhfís a fhíorú. Táimid tiomanta don chomhoibriú agus don chomhpháirtíocht leis na Ranna, na páirtithe oideachais agus na háisíneachtaí Stáit chun an tumoideachas ag gach leibhéal, agus ar na caighdeáin is airde a bheith ar fáil de réir mar is ceart. 

Bíodh is go bhfuil fíor imní ann agus orainn go mbeidh teorainn curtha lenár bhfís, tá Uachtarán lán le paisean, fís, crógacht agus stuaim againn, ach sin go leor fúmsa! Tá an ríméad le braith go bhfuil ár gcara, Catherine Connolly ina hUachtarán ar an tír anois – tá ré órga ann don Ghaeilge. Tá deis orgánach ann feasacht agus tuiscint a ardú agus a mhéadú sa phobal ar sheoid an tumoideachais. Tá an córas polaitiúil níos gníomhaí agus níos tacúla ná mar a bhí riamh. Is minic a úsáidtear sparán an stáit mar chúis srian a chur lenár bhfís. Ná ligfimis don stát breathnú ar ár dteanga álainn mar chostas, ach mar sheoid, mar infheistíocht inár sochaí, inár gcultúr, ina bpobail. 

Táimid an-bhuíoch as comhoibriú agus tacaíocht na bpáirtithe oideachais agus Gaeilge uile. Maithigí dom as gan sibh uile a liostáil, ach buíochas ar leith le Julain De Spáinn agus an conradh, leis na ceanneagraíochtaí Gaeilge, le Caoimhín Ó hEaghra agus a fhoireann in An Foras Pátrúnachta, le Jacqueline agus foireann COGG. Ár mbuíochas mór ó chroí lenár bpríomhmhaoinitheoirí Foras na Gaeilge, agus le haitheantas ar leith do Joe Ó Coinne, Colm Ó hArgáin, Pól Deeds agus Seán Ó Coinn. Táimid thar a bheith buíoch den Roinn Ghaeltachta leis as na hiarrachtaí uile réitigh a aimsiú ar ghéarchéim an mhaoinithe. Ár mbuíochas leo, leis an An Roinn Oideachais, agus le Roinn na leanaí as tacaíocht mhaoinithe le haghaidh tionscadail luachmhara. Is mór againn an tacaíocht a bhronnann deiseanna freastal ar riachtanais na bpobal agus na scoileanna.  

Ba mhaith liom buíochas ó chroí thar ceann na heagraíochta a gabháil le chuile eagraíocht agus duine a chabhraigh an ócáid seo a chur ar bun, ach go háirithe Jacqueline Nic Fhearghusa agus foireann COGG agus Bord stiúrtha agus foireann Gaeloideachas.

An focal deiridh buíochais, téann sé chugaibh a chairde. I ndiaidh imeachtaí an lae inniu, agus na hoíche, tá súil agam go rachaidh sibh ar fad abhaile (amárach seachas inniu!) le hardú meanma, le smaointe úra, le cairde nua agus, thar aon cheo eile, le fuinneamh chun an fód a sheasamh ar son an tumoideachais, ar son na teanga, agus ar son ár gcuid páistí.

Go raibh míle maith agaibh agus go mbaineadh sibh tairbhe agus taitneamh as an ócáid speisialta seo.