1. Fís na Scoile

Ag úsáid Beatha Teanga mar threoir, moltar go ndéanfadh an príomhoide nó éascaitheoir seisiúin chomhairliúcháin agus tobsmaointeoireachta le pobal na scoile nó le spriocghrúpaí ar leith den phobal le moltaí agus smaointe a bhailiú a d’fhéadfaí a chur isteach i bPolasaí Labhairt na Gaeilge don scoil, agus/nó chun plé a thosú ar cén fhís agus sprioc atá ag an scoil trí chéile ó thaobh na Gaeilge mar theanga na cumarsáide agus an tsóisialaithe.

Mar thoradh na hoibre seo, ní hamháin go mbeadh polasaí Labhairt na Gaeilge ag an scoil ach bheadh ionchur phobal na scoile uile faighte a spreagfadh úinéireacht ar chur i bhfeidhm an pholasaí céanna.

Conas tabhairt faoi

Bunaithe ar na ceisteanna thíos agus ag baint leasa as na spreagsmaointe faoina mbun mar threoir, moltar seisiún tobsmaointeoireachta a reáchtáil ar mhaithe le moltaí praiticiúla a chur i bPolasaí Labhairt na Gaeilge.

Is fiú an leagan PDF den chaibideal seo a chló agus na teimpléid ann a chomhlánú mar thaifead ar an tobsmaointeoireacht:

1 – Fís na Scoile

Le cur sa pholasaí teanga:

Tuairimí, moltaí agus gníomhartha aontaithe a thagann aníos sa phlé.

Nach bhfuil le cur sa pholasaí (agus réasúnaíocht):

Moltar a áireamh anseo céard nach gcuimseofar sa pholasaí ag an tráth seo, agus an chúis leis sin. Cabhróidh sé seo leis an bplé a éascú amach anseo agus an polasaí á athnuachan.

Spreagcheisteanna

An bhfuil fís ag an scoil do labhairt na Gaeilge?

Má tá, an bhfuil sí soiléir do na páirtithe éagsúla?

Cén fhís atá ann?

An bhfuil an fhís réadúil, uaillmhianach nó ró-uaillmhianach?

An bhfuil Polasaí Labhairt na Gaeilge ann cheana, agus an dtagann sé leis an bhfís?

Cén luach a chuireann an scoil ar pholasaí labhairt na Gaeilge?

Cén léiriú atá ar sin?

Cén chuma a bheidh ar an scoil agus Polasaí Labhairt na Gaeilge curtha i bhfeidhm go héifeachtach?

An bhfuil ag éirí leis an scoil an an fhís a bhaint amach?

An Scoil Ghaeltachta í? An bhfuil sí páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta?

Céard leis a bhfuil an scoil ag súil ó thaobh labhairt na Gaeilge?

Céard atá réadúil, ag tógáil cúinsí, comhthéacs agus éiteas na scoile san áireamh?

An bhfuil sé mar sprioc ag an scoil deis a chur ar fáil do pháistí saol scoile iomlán a chaitheamh trí Ghaeilge, nó níos leithne ná sin?

Spreagsmaointe

Go ndéanfaí timpeallacht iomlán Ghaelach a chothú i measc na ndaltaí, a dtuismitheoirí agus phobal uile na scoile.  

Go ndéanfaí tuiscint a mhéadú agus a dhaingniú gurb í an Ghaeilge teanga na cumarsáide i gcónaí sa scoil.  

Go ndéanfaí tuiscint a mhéadú agus a dhaingniú gurb í an Ghaeilge teanga na cumarsáide i gcónaí sa scoil.  

Go ndéanfaí meon dearfach i leith na teanga do phobal uile na scoile a chothú. 

Go mbeidh an Ghaeilge mar theanga riaracháin do ghnó na scoile i gcónaí.

Go ndéanfaí sainiú ar a bhfuil i gceist le héiteas teanga na scoile agus go dtuigeann gach ball de phobal na scoile a ról maidir leis an éiteas sin a chosaint, a láidriú agus a chur chun cinn.   

Go ndéanfaí plé oscailte le pobal na scoile faoina síleann siad féin faoi ról a bheith acu nó gan a bheith acu i leith na Gaeilge agus tuiscint a chothú faoi thábhacht na ról faoi seach.

Áirítear anseo an múinteoir, an fhoireann tacaíochta, an bhainistíocht, an bord bainistíochta, Coiste na dTuismitheoirí, an Coiste Gaeilge, na daltaí agus na tuismitheoirí/caomhnóirí.

Gurb í an Ghaeilge an meán cumarsáide nádúrtha sna ranganna, sa chlós, ag imeachtaí iarscoile, idirscoile agus ag aon imeacht eile ag a dtagann pobal na scoile le chéile.  

Go mbeidh sainiú déanta ar na hionchais chumarsáide atá ann ó thaobh labhairt agus úsáid na Gaeilge sna ranganna faoi seach. Féach teimpléad de Pholasaí Labhairt na Gaeilge. 

Go mbainfidh gach dalta barr a c(h)umais amach sa Ghaeilge agus go bhfuil sé ar a c(h)umas idirchumarsáid go héifeachtach agus go saibhir le chéile, agus beidh an tacaíocht chuí ar fáil dóibh barr feabhais a bhaint amach sna gnéithe uile den churaclam.

Go ndéanfaí dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú, rud a mhéadóidh an leibhéal úsáide. 

Go meabhraítear dá mhéad cumasú a dhéantar ar an nGaeilge mar theanga an tsóisialaithe i measc na ndaltaí, is ea is líofa a bheidh siad.