Le Chéile Trí Ghaeilge
Go bliantiúil cuireann Gaeloideachas deontas faoin scéim Le Chéile Trí Ghaeilge ar fáil do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le go mbeidh deis acu imeachtaí do dhaltaí a reáchtáil trí mheán na Gaeilge, i gcomhpháirt lena chéile.
Faraor, níl an scéim Le Chéile Trí Ghaeilge ar fáil i mbliana mar gheall ar easnamh maoinithe curtha ar fáil do Ghaeloideachas. Tá súil againn go mbeidh athrú ar an scéal sin amach anseo agus ansin scaipfimid eolas faoin scéim inár nuachtlitreacha agus anseo ar ár suíomh.
Is scéim 32 contae í an scéim seo. Ní mór do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna a dhéanann iarratas faoin scéim seo ballraíocht a bheith acu le Gaeloideachas. Mura bhfuil ballraíocht ag an scoil cheana féin, is féidir é a lorg mar chuid den iarratas ar an scéim. Tá eolas maidir le ballraíocht ar fáil anseo: Ballraíocht le Gaeloideachas
Thar na mblianta, tá réimsí éagsúla imeachtaí eagraithe ag na rannpháirtithe, ina measc, imeachtaí spóirt, turais, ceardlanna, drámaí agus ceolchoirmeacha. Is féidir imeachtaí a reáchtáil idir na leibhéil, mar shampla idir naíonra agus bunscoil, idir bunscoil agus iarbhunscoil mar bhealach leis an leanúnachas a spreagadh, nó idir páirtithe sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
Tá solúbthacht ann maidir le nádúr an imeachta, a fhad is go mbíonn sé dírithe ar chur chun cinn na Gaeilge mar theanga nádúrtha chumarsáide idir na daltaí agus go reáchtáiltear go hiomlán trí mheán na Gaeilge é. Mar ábhar spreagtha do chineál agus nádúr na n-imeachtaí, tá liosta anseo d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil: Imeachtaí agus Turais
Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
- Naíonraí
- Bunscoileanna
- Iar-bhunscoileanna
Tuilleadh eolais
Má tá ceist ar bith agat ina leith, seol ríomhphost chuig tonai@gaeloideachas.ie nó glaoigh ar an oifig ag 01-8535195.
Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.
Coinníollacha na Scéime
Cuireann Gaeloideachas deontas d’imeachtaí ar fáil do scoileanna, naíonraí agus naíscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar bhonn 32 contae le deis a thabhairt dóibh imeacht dá rogha féin a reáchtáil trí mheán na Gaeilge chun leas chur chun cinn na teanga i measc na ndaltaí idir scoileanna, naíonraí agus naíscoileanna eile.
- Tá an tionscadal seo dírithe ar scoileanna agus naíonraí lán-Ghaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht sa dá dhlínse.
- Is gá go mbeadh íosmhéid de 2 pháirtí éagsúla rannpháirteach san imeacht. Ní aithneofar dhá sheisiún naíonra sa tseirbhís naíonra céanna mar dhá rannpháirtí éagsúla.
- Ní cheadófar níos mó ná iarratas amháin in aghaidh na bliana d’aon scoil/naíonra.
- Is le scoil/naíonra amháin a íocfar an deontas – ní féidir deontas a íoc le haon tríú pháirtí.
- Íocfar an deontas trí bhaincéireacht ar líne. Iarrtar ort na sonraí cuí a chur ar an bhfoirm iarratais. Sa chás nach n-oibríonn na sonraí bainc, seolfar seic, in ainm na scoile ach amháin má chuirtear sonraí an BOO ar an bhfoirm iarratais.
- Is ar bhonn (i) admhálacha agus (ii) tuairisce (200 focal) a íocfar an deontas.
- Ní mór an t-admháil agus an tuairisc a chur isteach laistigh de 60 lá ó reáchtáil an imeachta. Ní híocfar aon deontas a thagann isteach i ndiaidh an dáta seo, agus rachfar chuig an chéad iarratas eile ar an liosta feithimh. D’fháilteofar go mór roimh admhálacha díreach tar éis an imeachta.
- Is féidir go mbainfidh na páirtithe le leibhéil éagsúla, i.e. naíonra le naíonra eile*, naíonra le bunscoil, nó bunscoil le hiar-bhunscoil, thuaidh agus theas.
- Féadfaidh scoileanna, naíonraí agus naíscoileanna lán-Ghaeilge imeacht a reáchtáil le scoileanna agus seirbhísí réamhscoile a fheidhmíonn trí Bhéarla ach is gá go mbeadh an imeacht féin trí mheán na Gaeilge.
- Tabharfar tús áite d’iarratais de réir mar a thagann siad chun na hoifige, agus de réir buiséid teoranta na scéime. Moltar, más féidir, iarratas a dhéanamh roimh don imeacht tarlú, agus deimhniú a lorg go mbeidh deontas ar fáil chuige.
- Cuirfear iarratais nach féidir a cheadú de dheasca ró-éilimh ar liosta feithimh.
- Baineann na deontais seo leis an tréimhse 01 Feabhra – 31 Deireadh Fómhair 2022 amháin.
- Ar bhonn dea-chleachtais, moltar go mbeadh comhroinnt costais idir na rannpháirtithe i gceist, ach luíonn sé faoin iarratasóir é seo a bhainistiú.
- Foirchoimeadann Gaeloideachas an ceart deontas a aisghairm i leith mí-úsáide.
- Bronnfar uasmhéid in aghaidh an imeachta bunaithe ar líon na scoileanna/naíonraí/naíscoileanna rannpháirteacha:
- 2 rannpháirtí: uasmhéid €350
- 3 rannpháirtí: uasmhéid €600
- 4 rannpháirtí: uasmhéid €850
- 5 rannpháirtí: uasmhéid €900
- 6 rannpháirtí: uasmhéid €1000
- 7 rannpháirtí: uasmhéid €1100
- 8 rannpháirtí (nó níos mó): uasmhéid €1250