Tosaíonn an Fómhar in Éirinn leis an bhféile in ómós do Lugh, Lughnasadh nó Lúnasa, agus críochnaíonn sé ag Samhain. Níl ainmneacha na míonna eile i bhFómhar ró-chruthaitheach ach is dócha go bhfuil dath d’ainmneacha eile le feiceáil ins na cinn atá fós i nGaeilge na hAlban – Gàidhlig (féach thíos). Dar ndóigh ciallaíonn <fómhar> torthaí na mbarr, na torthaí talún, a chrapadh agus is as sin a tháinig ainm na ráithe; is mar an gcéanna a roghnaíodh <Herbst> i nGearmáinis.

Seanfhocla agus nathanna cainte:

An té nach gcuireann san Earrach ní bhaineann sé sa bhFómhar.

Is túisce a thiteann oíche Fómhair ná cloch í bpoll móna.

Ní lia sméara sa bhFhómhar ná barúla daoine – flúirseach.

Fómhar féarmhar agus Earrach éagmhar – leanann ganntanas san Earrach Fómhar lán le fás

Ní thagann fuacht go hEarrach ná teas go Fómhar – uisce na farraige go háirid.

Ná mol is ná cáin an Fómhar go mbí an Mhí Mheáin thart – ná tabhair tuairim air ró-luath.

Buíochan an Fhómhair 🍂 athrú sna dathanna le feiceáil lasmuigh idir arbhar agus dhuilleog.

Chomh lán le loscann Fómhair 🐸 líonta le bia agus deoch.

Cónocht Fhómhair – ceann den dhá thráth den bhliain nuair is comhfhad lá agus oíche; thart ar an 22ú MF.

Féileacán Fómhair 🦋 cailín dathúil agus feiceálach.

Tá sé ag fanacht go Fómhar na ngéanna 🪿 duine atá deireanach ag déanamh rud (nuair a bhíodh na barraí isteach san iothlainn ag na feilmeóirí leogheadh siad na géanna isteach sa gcoinleach chun na arbhar caillte a ithe; deireadh DF; ach bheadh roinnt daoine fós ag baint an fhómhair).

Inseoidh na géanna san Fómhar é 🪿 tiocfaidh an t-eolas amach ag an deireadh.

Meitheamh an Fhómhair – Meán Fómhair.

Ocróir an tsaoil an Fómhar – bia don bhliain ar fad.

Rabharta mór an Fhómhair 🌊 farraige mhór ag cónocht an Fhómhair.

Gealach na gcoinleach (nó <gcoinlíní>) 🌚 gealach lán an Fhómhair.

Samhradh beag 🌞 achar aimsire bhreá i MF nó i DF.

Fómhar (beag) na ngéanna 🌞🪿 mar atá thuas nó achar ama deireanach sa saol ina bhfuil buanna ag duine.

Púca na sméar 👺 an púca a scriosann na torthaí atá fós ar na géaga ag deireadh an Fhómhair.

Deirtear gurb iad mí Lúnasa agus mí an Mheithimh an dá mhí is ádhúla le pósadh 💕 agus an té a phósann i mí Lúnasa go mbíonn an fómhar le crapadh aige (tá an Fómhar in iomlán fós ar fáil). 💒🚜

Dánta:

An Fómhar 📽️ Duilleoga Deasa 📽️

An séasúr is aoibhne
liom ná an Fómhar –
an t-arbhar ag luascadh
ina lomraí óir.

Úlla ar na géaga
is cnó ar gach craobh,
ar na sceacha na sméara
is caora sa choill.

Suairceas sa aer
is na spéartha gan cheo;
i bhFómhar buí na gréine
is aoibhinn bheith beo.

Séamas Ó Céilleachair

Duilleoga deasa, deasa,
Duilleoga deasa buí,
Duilleoga deasa, deasa,
Ag damhsa ar an gcraobh.

Duilleoga deasa, deasa,
Duilleoga deasa buí,
Duilleoga deasa, deasa,
Ag séideadh ins an ngaoth.

Duilleoga deasa, deasa,
Duilleoga deasa buí,
Duilleoga deasa, deasa,
Ar an talamh ina luí.

A Éin Bhig Álainn

An Fómhar

A éin bhig álainn
in airde ar an gcraobh.
Cuireann do cheolsa
áthas ar mo chroí.

Ní fada liom an lá
ó mhaidin go hoíche,
ag éisteacht le do cheol binn
is tú thuas ar an gcraobh.

Ach ní fada uaim an Geimhreadh;
sioc, sneachta is ceo;
is beidh tú ag imeacht uainn
go dtí na tíortha teo.

Slán leat go fóill,
a éin bhig an cheoil bhinn,
is é mo ghuí nach fada
go raibh tú ar ais linn.

Anraí Mac Giolla Chomhaill

Tháinig an Fómhar.
Shéid an ghaoth.
Thit na duilleoga;
dearg, donn, buí.

Fágadh an crann
mar chnámharlach bocht,
gan fothain ón ngaoth,
lom agus nocht.

PDFanna maisithe (fothain/foscadh)

Frankie Leonard

Dán do dheireadh an Fhómhair ón 8/9ú aois – Scél lemm dúib

Is dán le trí shiolla ar gach líne agus 4 líne i ngach rann a bhí scríofa i gluais ar Amhra Colm cille, leabhar a scríobh naomh Dallán Forgail sa sé nó seachtú aois. Níl mórán i Luath-Mheán-Ghaeilge an dáin go bhfuil an-éagsúil ónár gcuid Gaeilge agus chruthófaí ceacht deas air. Léite thíos ag Caoimhín Mac Giolla Eáin mar a bheadh sé ag an am a scríobhadh é:

Scél lemm dúib
Dordaid dam
Snigid gaim
Ro-fáith sam

Gáeth ard úar
Ísel grían
Gair a rith
Ruirthech rían

Ro-rúad rath
Ro-cleth cruth
Ro-gab gnáth
Guigrann guth

Ro-gab úacht
Etti én
Aigre re
É mo scél

Scéal(a) liom daoibh
Dord damh
Sní Geimhreadh
Do-fhág Samh

Gaoth ard fhuar
Íseal ghrian
Gairid a rith
Rabhartach rian

Do-ruaigh rath
Do-chaill cruth
Do-ghabh gnáth
Giúrann guth

Do-ghabh fhuacht
Cleití éan
Oighear ré
É mo scéal

Amhrán:

Coinleach Ghlas An Fhómhair 📽️ Coinleach Glas An Fhómhair

Ar Chonnlaigh Ghlais an Fhómhair a stóirín gur dhearc mé uaim
Ba deas do chos i mbróig is ba ródheas do leagan siúil
Do ghrua ar dhath na rósaí is do chuirlíní bhí fite dlúith
Monuar gan sinn ár bpósadh ná ar bord loinge ag triall chun siúil.

Tá buachaillí na háite seo ag athrach is ag éirí teann
Is tá locht na gcocaí arda a’ déanamh fárais do mo chailín donn
Dá ngluaisfeadh Rí na Spáinne thar sáile is a shlóite cruinn
Arú bhrúifinn féar is fásach is bheinn ar láimh le mo chailín donn.

Gura slán don bhliain anuraidh ní raibh brón orainn ‘na déidh ná cumhaidh
Níor ordaigh Dia ná duine dúinn fideal a bheith againn ná cláirseach cheoil
Bhí cuach bheag as Gleann Muilinn ann is ceann beag eile as Contae an Dúin
Sí an ainnir a thug buaidh uilig orthu sí an óigbean í a bhain díom mo chiall.

Ceannach buaibh ar aontaí dá mbínn féin is mo chailín donn
Gluais is tar a chéad searc nó go dté muid thar Ghaoth Beara anonn
Go scartar óna chéile barr na gcraobh is an eala ón toinn.
Ní scarfar sinn ó chéile is níl ach baois ann daoibh á chur in bhur gceann.

Nach ar choinleach glas an fhómhair, a mhuirnín, sea dhearc mé thú,
Nár mba deas é do sheasamh i mbróigín is nár mba ródheas é do leagan súl,
Bhí do ghrua ní ba deirge ná na rósa is do chúilín, bhí sé fite dlúth,
Nach é mo léan gan mé is tú pósta nó ar bhord na loinge ag dul anonn.

Agus cuirimse na bróin ar an óigbhean nár fhan mar a bhí,
Is nach deas mar a chasainn ceol di chuile oíche Dhomhnaigh is mé ag tuar an lín,
Mar bhí a com ba gile is míne ná an síoda is ná clúmh na n-éan,
Is nach trom an osna a dhéanaim nuair a smaoiním ar mo mhuirnín féin.

Muise, a Mháire a dtug mé grá duit, mo chrá thiar nach bhfuil mé agus tú
Ar oileáinín Chruach Phádraig san áit nach snámhann bád ná long,
Mar chaithfinnse naoi lá leat, naoi dtrátha gan aon chodladh ciúin,
Ar shúil is go bhfaighinn sásamh ar a ndearna tú de mhagadh fúm.

Is nár cheannaigh mé buidéal réice dom féin is do mo mhíle stór,
Le beannachtaí a chur léi, cúl craobhach na bhfáinní óir,
Ach deoir ní dheachaigh thar a béal de is nár mhéadaigh sin ar m’osna go mór,
Ach, a thiarnáin ban Éireann, i do dhiaidhse, a stór, ní bheidh mé beo.

Is nach bhfuair mé litir scríofa ó mo mhian agus casaoid chrua,
Is nár chuir mé chuici aríst í, is mo chroí istigh chomh dubh le gual,
Nár léigh mé í go cúramach agus na deora ag sileadh le mo ghrua,
Ach, a thiarnáin ban Éireann, i do dhiaidhse, a stór, ní bheidh mé beo.

Is nach cuma liomsa féin céard a bheas aon fhear ag lua ná ag rá,
Ach tabharfaidh mé cuairt is céad ar an taobh díom a bhfuil mo ghrá,
Mar sí cuaichín bharr na gcraobh í agus péarla an bhrollaigh bháin,
Nach í rún is searc mo chléibh í, is ní shéanfad í go bhfaighidh mé bás.

Leabhar:

Na Míonna – ráithe an Fhómhair:

Gaeilge foinse Gàidhlig foinse
Lúnasa Luġnasaḋ: Luġ + násad (aonach) nó nás (bás).
an Lùnastal Lug(h)nasad(h)
Meán Fómhair fómhar = barr, torthaí an t-Sultain sult = saill
Deireadh Fómhair deireadh ráithe an fhómhair an Dàmhar reithíocht / láth na ndamh (carrianna) 🦌

Ceithre ráithe na bliana, ceithre thine na bhféilte móra.

🇬🇧 Google Translate


Samhain 🔥 Nollaig 🔥 Lá Fhéile Bríde 🔥 Lá Fhéile Vailintín 🔥 Máirt Inide 🔥 Lá Fhéile Pádraig 🔥 Lá Aibreáin 🔥 An Cháisc 🔥 Samhradh na nGael 🔥 Oíche Shin Seáin 🔥 An Fómhar


File Type: pdf
Categories: Ar scoil | Use in school, Bunscoil | Primary, Eolas | Information, Físeán | Video, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher, Naíonra | Preschool, Sa bhaile | Use at home, Sa naíonra | Use in the naíonra, Tuismitheoir | Parent
sceachóirí