Ceiliúradh féile na Samhna, tús an Gheimhridh agus tús na bliana úire in Éirinn, thart ar dheireadh Mhí Dheireadh Fómhair agus tús Mhí Na Samhna. Téann an nós sin siar na mílte bliain agus is príomhfhéile na nGael é le cois Imbolc (Lá Fhéile Bríde), Bealtaine agus Lúnasa. Ba oíche dhraíochtúil í Oíche Shamhna agus síleadh gur briseadh an teorainn idir an saol seo agus an ríocht eile le linn na hoíche seo agus go raibh na mairbh in ann filleadh ar shaol na mbeo arís don oíche seo amháin. (Ealaín, Leabhra agus Foclóir ag bun an leathanaigh)
Seo thíos amhrán beag do leanaí agus iad ag dul ó dhoras go doras ar an oíche;
Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Bairín breac, bairín breac;
Úlla is cnónna, úlla is cnónna;
Bob nó beart, bob nó beart!
Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Taibhse bán, taibhse bán;
Damhán alla, damhán alla;
Ar líontán, ar líontán!
Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Cnámharlaigh, cnámharlaigh;*
Cailleach ghránna, cailleach ghránna;
Chí-hí-hí, Chí-hí-hí!
Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Bairín breac, bairín breac;
Úlla is cnónna, úlla is cnónna;
Bob nó beart, bob nó beart!
* nó <Puimcíní, puimcíní;>
le Tonaí Ó Roduibh
Oíche Shamhna á chanadh ag Róise Nic Corraidh 📽️🎵 agus ar fáil mar PDF maisithe
Leabhrán Dathúcháin na Samhna nua agus bileoga oibre 🖍️👻✍️ íomhánna le dathú agus gníomhaíochtaí éasca eile
Neacha Scáfara 🖍️🔊 sraith de 23 bileog ar neacha scanrúla ó scéalta na hÉireann… foirfe do Shamhain!
Oíche Shamhna sa Naíonra 🖍️🎃 anois ar fáil mar leagan féinchló (dubh agus bán), bunaithe ar an leabhrán A5 ildaite; leagan clóite le hordú dár mbaill freisin
Cárta don Samhain le dathú 🎃🐈 Samhain scáfar duit!
Bileoga dathúcháin agus bileoga gníomhaíochta 🖍️✏️ le Cúla4
Cártaí imeartha Samhna 👻🎃 le hAlison Ní Mháirtín
Cúig rann faoi Oíche Shamna 📽️ le Gaelbhratach ar YouTube
Púca 📽️🐴 ceacht ar an dán sin le Cúla4 (rang a haon)
Cluichí Oíche Shamhna 📝🎃 dhá chluiche, leathanach dathúcháin agus masc le cló ó Cúla4.
Déan Comhrá – Oíche Shamna 📽️ físeán foclóra ón nGaeltacht 👻🔥🧙🍎🌰🧟
Oíche Shamhna agus an saol eile 📽️📝 físeán ó TG4 agus gníomhaíochtaí scríofa a ghabhann leis.
Oíche Shamhna Fadó 📽️ físeán le Cúla4.
Céilí Samhna ar Árainn 📽️🔥👺 agallamh le Dara Ó Maoilidhia faoi nós na bhréigéide mar chuid den bhfíseán deas seo le Máirtín Jaimsie Ó Flatharta ó 1992.
Tá Herbie ag ceilliúradh Féile Na Samhna 📽️🐲🔥🍎 foghlaim faoi fhéile na Samhna i dteannta Herbie, dragan Mhucrois.
Leabhráin dhathúcháin agus bileoga oibre 🖍️🎨✏️ Amhráin, Rainn agus Dánta d’Oíche Shamhna; pictiúir le dathú in éindí leo.
Leathanaigh dathúcháin agus bileoga oibre 🖍️🎨✏️🧩 le Siopa Údar.
Scéin na Samhna; bileoga spraoi 🖍️🎨 le Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Spraoi, Scanradh agus Sceon um Shamhain 📝 eagrán ón sraith Eureka leis an Irish Independent.
Cat Na Caillí 📽️📚😼 leabhar léite ag Órla Ní Fhinneadha.
Oíche Shamhna 📽️📚🍎 scéal faoi leanaí ag cóisir Shamhna léite ag John Farrell.
Iníon Phuimcín 🎃 scéal do leanaí léite ag Ciara Ní Mhurchadh do RTÉ.
Nósanna oíche Shamhna 🔥🍎🌰 alt ar Tuairisc.ie bunaithe ar eolas ón gcartlann.
Piseoga Oíche Shamhna 📽️👻👺 Róise Ní Bhaoill ag labhairt faoi chuid de na pisreoga a bhaineann leis an oíche thaibhsiúil seo; MolScéal.
Conas anraith puimcín a dhéanamh 📽️🎃🥣
Stór Focal d’Oíche Shamhna 🧛👺👻 íomhá sa ngailearaí thíos.
Biongó na Samhna (PDF) 🎲 le Teanga Tí.
Tóraíocht Taisce na Samhna (PDF) 🔍📝🧛 – Is féidir le leanaí dul thart leis an leathanach seo agus tic, nó uimhir, a chur sa mbosca in aice le gach ceann atá siad in ann a fheiceáil tharstu sa mbaile nó ar scoil.
Cluiche na Caillí 🎮 scéal idirghníomach agus cluife le Caitlín Cailleach ar Nuacht Anois.
Sosanna Gluaiseachta d’Oíche Shamhna 🧘 forbartha i gcomhpháirt leis an Ionad Uathachais Choillidh Chanannáin (Ard Mhacha).
Pléantáil d’Aghaidh 📽️ (seinnliosta le Cúla4) banfhlaith 👸, dragan 🐲, panda 🐼, coinín 🐰, maighdean mara 🧜♀️, tíogar 🐯, bobaide / fear grinn 🤡, fear beag glas 👽, róbó 🤖, foghlaí mara 🏴☠️, cat 😺, féileacán 🦋, blaosc 💀.
Seán Na Gealaí 🎃 a tharraingt 📽️🎨 le Lucy Ní Dhuiginn do Cúla4.
Idir Mise agus Tusa – Oíche Shamhna <Agallamh Beirte> 📽️🎭 le hAntaine Ó Donnaile (ceacht faoi ar Cúla4).
Oíche Shamhna; cailleach amuigh in Ard Mhacha 📽️🎭⭐ scéal / dán (fo-theidil i mBéarla ann faraor).
An raibh a fhios agat… gur in Éirinn a thosaigh féile na Samhna? físeán beag faoi stair an fhéile déanta go deas ag Gaelbhratach.
Stair sciobtha an fhéile le hEímear as an gcainéal Gaeilge le Eímear.
Bob nó bia agus tarraingt Oíche Shamhna 🔥🍎🌰 ar MeonEile.ie – cur síos ar stair agus nósanna na hoíche le Seán Ó Farraigh.
Oíche Shamhna le Tús Maith 👺👻 Corca Dhuibhne lán de phúcaí agus daoine aite ag siúil timpeall na háite.
Féile na Samhna; an bhunchiall 🔥 eolas faoi stair na féile.
Piseoga Oíche Shamhna an taobh eile, síoga, bréigéide nó feistis, bia curtha amach (Meon Eile).
Oíche Shamhna; Dúntar na Doirse 📻👻🔥 pléitear na nósanna, deasghnátha agus piseoga a bhaineann léi.
Oíche Shamhna: Piseoga, ceol agus taibhsí 📻🔥🎶💀🧚 pléitear stair an fhéile ársa agus gach a bhain le Féile Na Samhna.
Oíche Shamhna i Rinn Ua gCuanach 📻🔥🪙 cuimhneacháin ar airgead a bhailiú ag na doirse agus ar nósanna eile.
Pisreoga an Bháis 📻⚰️🪦 clár cartlainne RnaG faoi phisreoga an bháis i dTír Chonaill.
Scéal faoi Oíche Shamhna ⚰️🪦 scéal beag faoin bPúca bailithe ar an Eachréidh i 1937.
Samhain, an saol eile, agus filleadh na marbh 📻👻 Seachtain, an Indo as Gaeilge – labhraíonn Ciarán Dubar leis an saineolaí béaloidis Aedín Ní Thiarnaigh faoi nósanna na féile.
Oíche Shamhna i mBailiúchán Na Scol 🔥👻120 scéal agus 17 tras-scríbhinn.
Stiallbhratach: Oíche Shamhna 🎉 ón Siopa Gaeilge agus cinn le cat dubh orthu ó Flags Ireland.
Seanfhocail agus nathanna cainte:
Seacht seachtaine ramhra ó Shamhain go Nollaig.
Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breall ar dhuine éigin – breall = pus san abairt seo.
Scéal ó Shamhain go Bealtaine – scéal an-fhada.
Ceithre ráithe na bliana, ceithre thine na bhféilte móra. – Samhain; Imbolc; Bealtine; Lughnasa.
Púca na sméar – millteoir na dtorthaí ag deireadh an Fhómhair agus teachta an Gheimhridh.
An rud a scríobhann an púca, léann sé féin é – Is féidir le daoine rud a chruthaíonn siad a thuiscint.
Bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh.
Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
Is fearr súil le glas ná súil le huaigh – a bheith faoi ghlas i gcarcair.
Dánta:
Tá rainn agus dánta ar fáil mar PDFanna maisithe ar an suíomh GaeilgeDonNaíonra.ie
Tús |
An Oíche Mhór |
|
Tús an Gheimhridh Am do thaibhsí Amuigh ar cuairt Tonaí Ó Roduibh |
Na geataí ar oscailt Tine chnámh mhór Cuir ort do bhréigéide Tonaí Ó Roduibh |
Púcaí – conas an ruaig a chur orthu 🐴 |
Oíche Shamhna; Dán Gutha |
|
Pú! Pú! Pú! Pú! Pú! Pú! Pú! Pú! Pú! |
(cuid de) An Taibhse: Ar Oíche Shamhna, caithfidh mise braillín Gach duine: Ar Oíche Shamhna, beidh cóisir is spraoi. |
|
le Gabriel Rosenstock (éist leis an dán) |
le Marie Whelton (éist leis an dán) |
- seargán déanta le téip p
- mata tairsí ó
- Tóraíocht Taisce na Samhna
- Miasanna Samhna
- Stór Focal – Oíche Shamhna
- Gloiní coinnle ar fáil i dTigh Dunne
- Ialtóg Shamhna déanta as sorcóir rollaí páipéar leithris
- Cailleach d’Oíche Shamhna déanta as mias pháipéir.
- Coire d’Oíche Shamhna ar fáil Tigh Dunne
- Cat d’Oíche Shamhna le cipíní ildaite mar
- Ialtóg Shamhna ag eitilt os comhair na Gealaí; mias pháipéir.
- Adhairt Oíche Shamhna ó Dunnes Stores
Leabhra:
- Ransaí Rábach le Angharad Tomos (0-5 bhliana d’aois)
- Taibhsí Sa Teach! le Kazuno Kohara 🏆 (4-7 mbliana d’aois)
- Rita agus an Chailleach le Máire Zepf (4-7 mbliana d’aois)
- Scuabhtha Chun Siúil le Julia Donaldson (4-7 mbliana d’aois)
- Oíche Shamhna; Dán Gutha le Marie Whelton 🏆 (5-10 mbliana d’aois) – cineál dráma beag
- Dóchas Pócas le hÉilis Neary (6-12 mbliana d’aois)
- Art Abú! Dúrún Dhonnabháin le
- I Lár na Coille le hEámonn ó Ruanaí
- Fear An Mhála le Enric Lluch (7-8 mbliana d’aois)
- Na Bleachtairí: Taibhse le
- Cití Cailleach le Liam Mac Cóil (5 leabhar sa sraith)
- An Cúigear Cróga: Saoire na Samhna le Enid Blyton
- Traein na bPúcaí le Seán Ó Leocháin
- Dóiteoir na Samhna le Darach Ó Scolaí 🏆
- Scéilíní Scanrúla le Gabriel Rosenstock (9-12
- Maggie Sailor agus Cailleach na Farraige le Proinsias Mac a’Bhaird (9-12
- Na Cailleacha le Roald Dahl (10-12 bhliain d’aois)
- Na Laochra is Lú le Laoise Ní Chléirigh
- Brú Fola le Gormfhlaith Ní Thuairisg
- Clíona Cailleach le Gwyneth Wynn
- Taibhse An Dá Thaobh le
- Dracula le Bram Stoker
- Katie agus An Pacáiste Rúnda le hÉadaoin Ní Dhomhnaill
- Arracht na Teamhrach le Oisín Mac Gann (déagóirí)
📚 Na 10 leabhar ‘scéine’ Gaeilge is fearr d’Oíche Shamhna (tuairisc.ie):
-
-
-
Lios na Leanaí (6-12)
-
An Chailleach (7-12)
-
An Zombaí (7-12)
-
An Vaimpír (7-12)
-
Frankenstein (7-12)
-
Vaimpírí san Áiléar (déagóirí óga: 10-13)
-
I Measc Vaimpírí (déagóirí óga)
-
Greim na Vaimpíre (déagóirí óga)
-
Foclóir na Samhna
(📽️ físeán ar YouTube/Gaeloideachas + naisc go foclóirí)
Samhain – Oíche Shamhna – Mí na Samhna
aghaidh fidil 👹
bréigéide / culaith bhréige
taibhse 👻 ≠ púca 🐴👺
amhailt
cnámharlach (creatlach) 🦴💀
draoi / asarlaí 🧙 ≠ draíodóir 🪄
cailleach / fuachaid 🧙♀️ – cailleach na gcearc, cailleach phiseogach, cailleach feasa
olagas ⚗️ – ortha 🗲
nimh ☠️
Bean Sí / Badhbh Chaointe
arracht / anchúinse / alltán 👹
súmaire (vaimpír) 🧛
seargán 🤕
ollphéist 🐉
fiach 🐦⬛
ialtóg / sciathán leathair 🦇 ialtóga
damhán alla 🕷️
líontán / nead / líon / snáth (damháin alla) 🕸️
coire (corcán mór le cosa agus drolanna air)
puimcín – puimcíní
Seán na Gealaí 🎃
cnó – cnónna 🌰🌰
cnó Gaelach – cnónna Gaelacha
úll – úlla 🍏🍎
piseanna talún 🥜
milseán – milseáin 🍬🍫
bairín breac – fáinne 💍, bonn 🪙, cipín 🪵, éadach 🧵 nó piseán/pónaire 🫛 duit?
bob nó bia / bob nó beart / bob nó breab 🎁 – Bhuail siad bob air mar níor thug sé tada dóibh.
tine chnámh 🔥
blaosc 💀 – cnámh 🦴
coinneal – coinnle 🕯️🕯️
cónra ⚰️ – uaigh – leac uaighe 🪦
fuil – ag cur fola
catamán / éagbhás / smúrthannach 🧟
reilig
Samhain scáfar, scanrúil, scéiniúil.. agus shona daoibh go léir!
Na Míonna – ráithe an Gheimhridh:
| Gaeilge | foinse | Gàidhlig | foinse |
| Mí na Samhna |
Samhain – deireadh an tSamhraidh. |
Samhain | |
| Mí na Nollag | Nollaig – nātālīcia (ón Laidin; cóisir lá breithe). | an Dùbhlachd | An duibhe / dorchadas. |
| Eanáir (Mí na bhFaoilleach) |
Iānuārius (ón Laidin). Faol, faolchú. 🐺 |
am Faoilleach | Am na bhfaolta. |
Ceithre ráithe na bliana, ceithre thine na bhféilte móra.
Samhain 🔥 Nollaig 🔥 Lá Fhéile Bríde 🔥 Lá Fhéile Vailintín 🔥 Máirt Inide 🔥 Lá Fhéile Pádraig 🔥 Lá Aibreáin 🔥 An Cháisc 🔥 Samhradh na nGael 🔥 Oíche Shin Seáin 🔥 An Fómhar











