Aonaid lán-Ghaeilge

Is aonad oideachais iar-bhunleibhéil é an t-aonad lán-Ghaeilge (nó an leagan ghearr, aonad) ina leantar curaclam arna leagan síos ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus ina chuirtear múnla an tumoideachais i bhfeidhm.

Feidhmíonn aonad lán-Ghaeilge faoi bhainistíocht agus faoi uimhir rolla mór-scoil meán-Bhéarla.

Is geall le scoil bheag é an t-aonad atá á rith agus á reáchtáil trí mhionteanga fad is atá an mhór-scoil á reáchtáil trí ghnáth-theanga an phobail.

Gheobhaidh tú níos mó eolais ar pholasaí Gaeloideachas i leith múnla an aonaid trí cliceáil ar na ceannteidil thíos. Má tá ceist ar bith agat ina leith, le do thoil déan teagmháil linn ar 01 8535195 nó eolas@gaeloideachas.ie. Feicfidh tú go bhfuil na haonaid reatha marcáilte againn in eolaire na scoileanna le (A) i ndiaidh ainm na scoile. 

Ról Gaeloideachas

Is ceanneagraíocht náisiúnta í Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Tugann muid comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta do scoileanna lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Tá obair na heagraíochta maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Fís Gaeloideachas ná go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir agus caomhnóir ar oideachas lán-Ghaeilge ar ard-chaighdeán gurb é a rogha é dá gcuid páistí.

Misean na heagraíochta ná go mbeidh sealbhú agus sóisialú na Gaeilge á chur chun cinn tríd an oideachas lán-Ghaeilge ón réamhscolaíocht go dtí an iar-bhunscolaíocht ar fud na tíre.

Comhthéacs an Pholasaí

Is leagan nuashonraithe é an polasaí seo de pholasaí na n-aonad lán-Ghaeilge a d’fhorbair Gaeloideachas (nó Gaelscoileanna Teo. mar a bhí) breis agus 10 mbliana ó shin. In éagmais aon pholasaí ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i leith na n-aonad, tá an polasaí seo á úsáid ag Gaeloideachas ó shin mar uirlis abhcóideachta d’fhonn aitheantas ceart a lorg do na h-aonaid mar aon le struchtúir chuí thacaíochta.

Tógann an polasaí seo ar an tsaintuiscint atá forbartha san earnáil maidir leis na bunriachtanais forbartha atá ag na h-aonaid le blianta anuas agus, thar aon rud eile, an bunriachtanas a bhaineann le stádas oifigiúil agus sainmhíniú oifigiúil a bheith acu, arna aithint ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá súil ag Gaeloideachas go nglacfaidh an Roinn mar aon leis na pátrúin scoile iar-bhunleibhéal leis an bpolasaí seo, agus go ndéanfar é a fheidhmiú chun leasa todhchaí bisiúil a bheith ag na h-aonaid lán-Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Bunphrionsabail an Pholasaí

  1. Aithníonn Gaeloideachas múnla an tumoideachais mar an modh is éifeachtaí chun sealbhú an sprioc-theanga a chur chun cinn. Is éard atá i gceist leis an tumoideachas ná gach ábhar an churaclaim, seachas an Béarla, a bheith á sheachadadh trí mheán na Gaeilge.
  2. Creideann Gaeloideachas gur fearr iar-bhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách ná aonad lán-Ghaeilge le múnla an tumoideachais a chur i bhfeidhm.
  3. Creideann Gaeloideachas gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag gach pátrún atá ag soláthar aonaid lán-Ghaeilge go ndéanfaí an t-aonad a fhorbairt ina scoil lán-Ghaeilge neamhspleách, ach na critéir a bheith bainte amach.
  4. Creideann Gaeloideachas nár cheart don Roinn Oideachais agus Scileanna aonad lán-Ghaeilge a cheadú mura gcomhlíonann an pátrún ionchasach na critéir atá leagtha amach sa pholasaí seo.
  5. Aithníonn Gaeloideachas cúinsí agus coinníollacha na n-aonad lán-Ghaeilge reatha agus gníomhaíonn sí mar chrann taca i gcur i bhfeidhm éifeachtach an tumoideachais.
  6. Creideann Gaeloideachas gur cheart tairiscint ghníomhach a dhéanamh i gcónaí áit a bhfuil oideachas lán-Ghaeilge ar fáil, le go dtuigfidh an pobal go bhfuil an rogha ann, agus go bhfuil dualgas ar phátrúin atá ag soláthar aonaid lán-Ghaeilge iad a phoibliú agus a chur chun cinn.